Fógraíonn an tAire Foley agus an tAire Smyth go bhfuil tús á chur leis an gClár Grianchumhachta do Scoileanna
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Inniu, sheol an tAire Oideachais, Norma Foley TD, agus an tAire Stáit ag an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, Ossian Smyth, tús na chéad chéime den Chlár Grianchumhachta do Scoileanna.
Leis an gclár, cuirfear 6 Chileavata de PV gréine a bheidh socraithe ar an díon ar fáil do scoileanna incháilithe. Is ionann é sin agus tuairim is 16 ghrianphainéal.
Beidh an scéim á maoiniú ón gciste Gníomhaithe ar son na hAeráide de chuid an Rialtais, ag teacht le haitheantas an Rialtais go bhfuil gníomhú i dtaca le hathrú aeráide mar chuid lárnach d’fhorbairt shóisialta agus eacnamaíochta na hÉireann.
Cabhróidh an scéim le scoileanna chun a gcostais fuinnimh agus a lorg carbóin a laghdú mar chuid den fhreagairt maidir leis na spriocanna sa Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2030 agus 2050 a bhaint amach in earnáil na scoileanna.
Beidh na painéil PV i scoileanna ceangailte leis an eangach leictreachais ionas go bhféadfaidh na scoileanna ioncam a ghiniúint agus cumhacht ghlan á soláthar acu do thithe cónaithe agus do ghnólachtaí nuair a bheidh na scoileanna dúnta ag an deireadh seachtaine agus le linn laethanta saoire na scoileanna.
Braithfidh an gnáthmhéid a d'fhéadfadh scoil a shábháil ar roinnt tosca. Mar sin féin, mar léiriú samplach, d'fhéadfadh scoil a bhfuil PV gréine 6 kW suiteáilte uirthi a bheith ag súil le tuairim is €1200- €1,600 in aghaidh na bliana a shábháil ar a bille, nuair a chuirtear an creidmheas a thuilleann sí ón leictreachas a easpórtálann sí san áireamh.
Déanfar bogearraí monatóireachta a sholáthar do gach scoil freisin, ionas go bhféadfaidh na múinteoirí agus na scoláirí athbhreithniú agus plé a dhéanamh ar an méid fuinnimh a ghintear gach lá.
Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire Foley:
“Tá an-áthas orm an scéim Grianchumhachta do Scoileanna a sheoladh inniu. Cuirfidh an scéim ar chumas 4,000 scoil ar fud na tíre grianphainéil PV a fháil chun a mbillí fuinnimh agus a n-astaíochtaí carbóin a laghdú. Tagann sé sin leis an éiteas láidir atá i measc ár scoláirí i dtaca le feasacht chomhshaoil agus inbhuanaitheacht aeráide agus leis an obair iontach a dhéanann siad sa réimse sin, go háirithe le tionscnamh an Bhrait Ghlais.”
Bhí an tAire Stáit sa Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, Ossian Smyth, i láthair ag an seoladh agus bhí an méid seo a leanas le rá aigesean:
“Is iontach an rud é go mbeidh billí leictreachais scoileanna ar fud na tíre ag laghdú anois agus ag an am céanna go mbeidh a gcion féin á dhéanamh acu ar son na haeráide. Fiú nuair a bheidh an scoil dúnta le linn na laethanta saoire, tuillfidh siad airgead agus an chumhacht a ghineann siad á díol ar ais leis an eangach acu.
“Nuair a thug mé cuairt le déanaí ar scoil a raibh grianphainéil suiteáilte air, bhí an-suim go deo ag na scoláirí ann. Beidh scáileán taispeána ag gach scoil chun go mbeidh a fhios ag an bhfoireann agus ag na scoláirí cá mhéad cumhachta atá á giniúint. Tá an-áthas orm freisin go mbeidh ábhair theagaisc á dtairiscint do scoileanna ionas go bhféadfaidh scoláirí foghlaim faoi ghrianfhuinneamh.”
Chomh maith leis na buntáistí soiléire airgeadais agus aeráide, táthar ag súil go soláthróidh infheictheacht na ngrianphainéal ar scoileanna buntáiste breise i dtaca le plé agus glacadh na teicneolaíochta a spreagadh sa phobal i gcoitinne.
Déanfar an scéim Grianchumhachta do Scoileanna (scéim Fótavoltach (PV) na Scoileanna) a fheidhmiú ar bhonn céimneach agus cuirfear tús léi le glao ar iarratais chuig breis agus 1,600 scoil as 11 cheantar ainmnithe ar fud na tíre.
Beidh an chéad chéim á hoscailt i gcomhair iarratas ar an 30 Samhain 2023. Rachaidh an Roinn i dteagmháil leis na scoileanna go léir agus tabharfar cuireadh dóibh iarratas a dhéanamh ón dáta sin. Tá sé beartaithe go mbeadh ocht gcinn de chontaetha breise san áireamh i gcéim a dó sa dara ráithe de 2024 agus na hocht gcontae atá fanta sa cheathrú ráithe de 2024. Tá sé i gceist go mbeidh deis ag na scoileanna incháilithe go léir ar fud na tíre iarratas a dhéanamh ar an scéim faoi dheireadh 2024.
De bhrí go mbeidh an scéim á feidhmiú ar bhonn céimneach, cinnteofar go mbeidh an sruth oibre do chonraitheoirí PV bainistithe agus seasmhach. Ceadóidh na sonraí a bhaileofar sa chéad chéim feabhas ar bith ar dhearadh na scéime a fheidhmiú sa dara agus sa tríú céim. Roghnaíodh contaetha sa chéad chéim chun réimse maith tíreolaíoch a ghabháil, lena n-áirítear cothromaíocht idir scoileanna tuaithe, scoileanna uirbeacha, scoileanna ar oileáin agus scoileanna Gaeltachta i ngach réigiún sa tír, chomh maith le díriú ar chontaetha nár bhain tairbhe as tionscaimh eile a bhí ag an Roinn Oideachais le déanaí maidir leis an aeráid.
Tugtar cuireadh do scoileanna sna ceantair seo a leanas a bheith rannpháirteach sa chéad chéim: Co. an Chláir, Co. Dhún na nGall, Limistéar Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, Co. na Gaillimhe, Co. Chiarraí, Co. Chill Chainnigh, Co. Liatroma, Co Luimnigh, Co. Uíbh Faillí, Co. Phort Láirge agus Co. Chill Mhantáin.
Cuirfear maoiniú ón Roinn Oideachais ar fáil d’údaráis scoile chun go ndéanfaidh conraitheoir cláraithe na painéil PV a shuiteáil, le treoir ón Roinn.
Ceapadh an scéim nua ionas go mbeadh sí chomh cuíchóirithe agus ab fhéidir do scoileanna a bheadh ag baint úsáid as córas ar líne chun cumarsáid le scoileanna a éascú. Ina leith sin, tá Mol Scoile bunaithe ag an Roinn Oideachas, ardán nua ar líne atá mar chuid de chóras faisnéise geografaí (GIS) na Roinne.
Soláthróidh an t-ardán ar líne próiseas iarratais agus ceadaithe do scoileanna atá ag déanamh iarratais ar an gClár Grianchumhachta do Scoileanna, ar próiseas é a bheidh, simplí, soiléir agus éifeachtach.
Beidh ar scoileanna trí cinn de mheastacháin a fháil ó sholáthraithe agus iad a chur chuig an Roinn Oideachais trí Mhol na Scoileanna lena n-athbhreithniú.
Níl an buiséad beacht don scéim á eisiúint mar go bhfuil sé íogair ó thaobh na tráchtála de. Is é an chúis atá leis sin a chinntiú go soláthróidh conraitheoirí meastacháin iomaíocha seachas a bheith á mbunú ar an meánmhaoiniú atá ar fáil in aghaidh na scoile. Beidh an Roinn Oideachais ag déanamh monatóireachta ar chaiteachas faoin scéim lena chinntiú go gcuireann sí luach ar airgead ar fáil.
D'fhéadfadh sé nach mbeadh roinnt scoileanna ábalta leas a bhaint as maoiniú na scéime láithreach de bharr bonneagair nach bhfuil ag teacht le teicneolaíocht nua na ngrianphainéal; d'fhéadfadh díonta nó córais leictreachais neamh-chomhoiriúnacha a bheith san áireamh ansin.
Faoi láthair, tá 200 suiteálaí painéal PV d’ionaid tráchtála cláraithe le hÚdarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann agus 350 suiteálaí painéal PV do thithe cónaithe Táthar ag súil go spreagfaidh an Clár Grianchumhachta do Scoileanna breis cuideachtaí chun teacht isteach i margadh na suiteálaithe.
Tá treoirdhoiciméid mhionsonraithe forbartha ag an Roinn Oideachais do scoileanna agus do chonraitheoirí atá ag baint leas as an gclár agus iad ar fáil anois ag an nasc seo a leanas: Clár Fótavoltach na Scoileanna
Is iad seo a leanas na ceantair don chéim phíolótach:
Co. an Chláir
Co. Dhún na nGall
Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath
Co. na Gaillimhe
Co. Chiarraí
Co. Chill Chainnigh
Contae Liatroma
Co. Luimnigh
Co. Uíbh Fhailí
Co. Phort Láirge
Co. Chill Mhantáin
Treoirdhoiciméid don Chlár Grianchumhachta do Scoileanna
Tá na treoirdhoiciméid don scéim ar fáil anois ar shuíomh gréasáin na Roinne Oideachais a bhfuil nasc chuige anseo; Clár Fótavoltach na Scoileanna Tá na doiciméid atá ar an liosta sa tábla thíos ar fáil freisin ar an suíomh gréasáin do scoileanna agus do chonraitheoirí.
Tagairt an Doiciméid | Ábhar |
SPP01 | Forléargas ar an gClár agus Treoir |
SPP02 | Ceisteanna Coitianta Teicniúla do Scoileanna |
SPP03 | Seicliosta Iarratais do Scoileanna |
SPP04 | Cód Cleachtais do Chonraitheoirí |
SPP05 | Ceisteanna Coitianta Teicniúla do Chonraitheoirí |
SPP06 | Foirm Thairisceana do Chonraitheoirí |
SPP07 | Foirm Chríochnaithe do Chonraitheoirí |
SPP08 | Foirm Aistarraingthe do Chonraitheoirí |
Má tá ceist ag scoileanna faoin gClár Grianchumhachta do Scoileanna i ndiaidh athbhreithniú a bheith déanta acu ar na treoirdhoiciméid, beidh tacaíocht ar fáil trí líne chabhrach Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann (ÚIFÉ) ag 01 808 210 idir 9am agus 5pm ó Luan go hAoine, ag tosú ar an 30 Samhain 2023.
Forléargas ar an bPróiseas Iarratais don Chlár Grianchumhachta do Scoileanna
Próiseas simplí ina bhfuil 5 chéim is ea an próiseas iarratais don Chlár Grianchumhachta do Scoileanna a chuirtear i gcrích ar líne den chuid is mó trí Mhol na Scoileanna.
Ar an 30 Samhain faigheann an scoil a cuid sonraí chun logáil isteach ó SchoolsPVProgramme@education.gov.ie
agus féadfaidh sí logáil isteach ar Mhol na Scoileanna agus tosú ar na 5 chéim a chur i gcrích;
An Léiriú Spéise a Chomhlánú
Meastacháin a fáil do na hOibreacha
Ceadú an Mheastacháin agus an Mhaoinithe
Críochnú na nOibreacha agus an Íocaíocht Deiridh
Aiseolas Feidhmithe an PV 12 mhí i ndiaidh na suiteála
*Ba cheart a lua go bhféadfadh sé nach mbeadh roinnt scoileanna ábalta leas a bhaint as maoiniú na scéime láithreach de bharr bonneagair nach bhfuil ag teacht le teicneolaíocht nua na ngrianphainéal; d'fhéadfadh díonta nó córais leictreachais neamh-chomhoiriúnacha a bheith san áireamh ansin.
Sábháil airgid do scoileanna ar bhillí fuinnimh agus easpórtáil chuig an eangach
Braithfidh an gnáthmhéid airgid a d’fhéadfadh scoil a shábháil dá mbeadh PV Gréine 6 kW suiteáilte aice ar roinnt tosca agus ina measc sin tá treoshuíomh na bpainéal, cá mhéad den leictreachas a ghintear a ídíonn an scoil féin, cá mhéad de a easpórtáiltear agus na táillí leictreachais ar leith atá ag an scoil lena soláthraí fuinnimh, maidir le hiompórtáil agus easpórtáil fuinnimh. Mar léiriú samplach, dá n-ídeodh scoil 50% den leictreachas a ghintear agus dá ndéanfadh sí an 50% eile a easpórtáil; d’fhéadfadh sí a bheith ag súil le tuairim is €940 in aghaidh na bliana a shábháil ar a bille, chomh maith le creidmheas sa bhreis de €495 a fháil i leith a cuid easpórtála; bunaithe ar tháille de 38c/kWh agus ráta CEG de 20c/kWh.
Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2023
Is é an Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2023 (CAP23), a seoladh i mí na Nollag 2022, an dara huasdátú bliantúil ar Phlean Gníomhaithe na hÉireann ar son na hAeráide 2019. Is é an plean seo an chéad cheann a ullmhaíodh faoin Acht um Ghníomhú Aeráide agus um Fhorbairt Ísealcharbóin (Leasú) 2021 agus i ndiaidh buiséid charbóin ar fud an gheilleagair agus uasteorainneacha astaíochtaí earnála a thabhairt isteach. Cruthóidh feidhmiú an Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide poist, deiseanna nua eacnamaíochta agus tabharfaidh sé cosaint do dhaoine agus don domhan. Is féidir féachaint ar an bPlean Gníomhaithe ar son na hAeráide agus ar a aguisíní ach cuairt a thabhairt ar www.gov.ie/climateaction
Ciste Gníomhaithe ar son na hAeráide
Bunaíodh an Ciste Gníomhaithe ar son na hAeráide ar bhonn reachtúil in 2020 chun tacaíocht a sholáthar do thionscadail, tionscaimh agus taighde a chabhraíonn chun spriocanna aeráide agus fuinnimh na hÉireann a bhaint amach, agus do thionscadail agus do thionscnaimh i réigiúin den Stát, agus laistigh d’earnálacha den Gheilleagar a bhfuil tionchar ag an aistriú chuig geilleagar ísealcharbóin orthu. Tacaíonn an Ciste le tionscadail nach dtabharfaí fúthu murach é. Cuirtear acmhainní ar fáil don Chiste ó roinnt foinsí, lena n-áirítear cúiteamh oifigiúil i leith astaíochtaí aerthaistil agus teacht isteach ón tobhach a íoctar leis an nGníomhaireacht Chúltaca Ola Náisiúnta (NORA) maidir le diúscairt ábhartha táirgí peitriliam, i ndiaidh riachtanais mhaoinithe Nóra a bheith íoctha.