Osclaíonn McConalogue an Ché Dhuínse agus Tonnchosc €48m ag Ionad Iascaigh Cuain Bhaile Chaisleáin Bhéarra go hoifigiúil
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’oscail an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D., Síneadh Cé Dhuínse go hoifigiúil inniu ag Ionad Iascaigh Cuain Bhaile Chaisleáin Bhéarra, ceann de na sé Ionad Iascaigh Cuain atá faoi úinéireacht an Stáit. Cuireadh an mórthionscadal caipitil seo ar fáil i gcéimeanna agus maoiníodh é trí Chlár Forbartha Chuanta Iascaigh agus Bonneagair Mhuirí agus Chósta na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara le páirtmhaoiniú de €6.55m ón gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh.
Ag oscailt Shíneadh Cé Dhuínse go hoifigiúil inniu, dúirt an tAire:
"Tá lúcháir orm Síneadh Cé Dhuínse a oscailt go hoifigiúil, toradh ar cheann de na hinfheistíochtaí is suntasaí a rinneadh riamh in Iarthar Chorcaí. Tá níos mó ná 400m de ché ar fáil anois ar Dhuínis agus anois, leis an tonnchosc nua ag soláthar coinníollacha bearta foscaidh, tá áiseanna den scoth ag Baile Chaisleáin Bhéarra a mbainfidh na glúnta atá le teacht leas as.”
Tá 216 méadar de spás breise curtha ar fáil mar gheall ar an síneadh is déanaí ar an gcé, agus leis sin tá saoráid iomlán Cé Dhuínse os cionn 400 méadar ar fad. Cuireadh tús le hoibreacha ar an gcéim dheireanach seo ar an láthair i mí Dheireadh Fómhair 2018 agus críochnaíodh iad i samhradh 2023. Is é an toradh atá air ná gur féidir le Baile Chaisleáin Bhéarra teacht i dtír soithí 100 méadar ar fad a éascú anois agus tá brú tráchta ag buaic-amanna laghdaithe go mór anois. Rinneadh dreidireacht ar an gcainéal loingseoireachta agus ar an bpaiste bearta freisin, rud a chabhraíonn arís le soithí níos mó a éascú. Baineadh úsáid as an ábhar dreideáilte féin ansin chun dhá mhórstruchtúr tonnchoisc nua a thógáil ag an mbealach isteach chuig an gcuan, rud a chinntigh oibriú sábháilte agus éifeachtach an chuain.
D’admhaigh an tAire ról an phríomhchonraitheora maidir leis an gcéim seo a sheachadadh le déanaí. Dúirt sé:
“Tháinig Sorenson Civil Engineering Ltd isteach sa tionscadal seo ag céim dheacair agus sháraigh siad srianta COVID 19 agus moilleanna sa slabhra soláthair chun struchtúr den chéad scoth a sheachadadh atá ar chomhchéim leis na cinn is fearr san Eoraip.”
In 2022, tháinig beagnach 87% de na héisc ar fad a tugadh isteach in Éirinn isteach sna sé Ionad Iascaigh Cuain atá faoi úinéireacht an Stáit. Ag Baile Chaisleáin Bhéarra, bhí luach timpeall €107 milliún ar theacht i dtír na n-iasc sin.
Dúirt an tAire:
“Is bonneagar ríthábhachtach dár dtionscal bia mara iad na sé Ionad Iascaigh Cuain. Trí theacht i dtír tuilleadh iasc a mhealladh, cuirfimid na hamhábhair ar fáil chun na deiseanna do phróiseáil phríomhúil agus thánaisteach a thiomáint agus a uasmhéadú agus chun tionscal láidir próiseála bia mara na hÉireann a chinntiú. Léirítear tábhacht na ngníomhaíochtaí táirgthe bia príomhúla agus tánaisteacha seo i mbeartas an Rialtais um Fhís Bia 2030.”
Tar éis an phlaic a nochtadh, dúirt an tAire McConalogue:
“Tá forbairt leanúnach an bhonneagair sa Ché ríthábhachtach don chabhlach iascaireachta agus don tionscal próiseála bia mara a mhaireann ar talamh. Léiríonn an bonneagar ríthábhachtach seo an tábhacht a leagan an Rialtas seo maidir le todhchaí ár bpobal cósta atá ag brath ar iascach a chosaint.”
Nótaí d'Eagarthóirí
Eiseofar grianghraif chuig deasca pictiúir ar maidin agus beidh siad ar fáil ach iad a iarraidh.
Tacaíonn an Ciste Eorpach Muirí agus Iascaigh (CEMI) le gníomhaíochtaí a dhéanann infheistíocht i bpobail chósta agus iascaireachta, agus cuirtear i bhfeidhm é in Éirinn faoi Chlár Oibriúcháin d'Éirinn.
Cuireann na hIonaid Iascaigh Cuain agus Clár Forbartha Bonneagair Mhuirí agus Chósta le gealltanais ghníomhaíocht Chlár an Rialtais (an Rannóg um Fhorbairt Réigiúnach ar bhonn Cothrom) a bhaint amach chun “Infheistíocht straitéiseach a dhéanamh i mbonneagar cé chun líon méadaithe iasc a ghabhtar go hinbhuanaithe inár n-uiscí a mhealladh go hÉirinn, ag cur le forbairt earnáil na próiseála bia mara agus an geilleagar gorm i bpobail cois cósta.”, agus an gníomh chun “An plean oiriúnaithe aeráide don earnáil agraibhia agus bia mara a chur i bhfeidhm, agus cabhrú leis na hearnálacha sin, chun iad féin a oiriúnú don timpeallacht athraithe.”
Sainaithníodh mórthionscadail forbartha i mBaile Chaisleáin Bhéarra agus in Ionaid Iascaigh Cuain eile mar Phríomhthosaíochtaí Infheistíochta Straitéisí don Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara sa Phlean Forbartha Náisiúnta 2021-2030 (Tionscadal Éireann 2040).