An tAire McConalogue le labhairt ag cruinniú Aireachta OECD maidir le Talmhaíocht Inbhuanaithe agus Córais Bhia
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Inniu labhróidh an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D. ag cruinniú a mbeidh 45 Aire talmhaíochta as ar fud an domhain ag freastal air, ag mórchomhdháil dhomhanda atá á reáchtáil i bPáras sa Fhrainc.
Tá cur síos déanta ag an Eagraíocht um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta (OECD) ar an “dúshlán triarach” a bheidh le sárú ag córais bhia: chun slándáil bhia agus cothú a chinntiú do dhaonra atá ag fás; chun tacú le slite beatha na milliún duine atá ag obair sa slabhra soláthair bia agus é sin a dhéanamh ar bhealach atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de.
Ar an 3ú agus 4ú Samhain 2022, buailfidh breis is 45 Aire Talmhaíochta, ó thíortha ar baill de OECD iad agus ó thíortha nach baill de OECD iad, i bPáras chun teacht ar chomhaontú maidir le réitigh a bhaineann le “Talmhaíocht agus Córais Bhia Inbhuanaithe a Chothabháil i dTimpeallacht Athraitheach”.
I ráiteas náisiúnta na hÉireann beidh an méid seo a leanas á rá ag an Aire McConalogue,
“Bhí fís ag Éirinn go mbeadh sí ag feidhmiú mar phríomhchathair bhia inbhuanaithe an domhain. Tá córas bia forbartha againn, tá bia ar ardchaighdeán, sábháilte agus cothaitheach á easpórtáil againn chuig breis is 180 margadh domhanda. Tá sé mar aidhm lenár straitéis agraibhia nuálach, Fís Bia 2030, cothromaíocht cheart a aimsiú idir trí cholún na hinbhuanaitheachta - geilleagrach, comhshaol agus sóisialta.
“Tá iarracht á déanamh ag Éirinn samhail a fhorbairt a bhfuil sé mar aidhm léi cur le gach gné den inbhuanaitheacht d’fhonn a chinntiú go bhfuil ár n-earnáil agraibhia ag feidhmiú mar cheannaire domhanda. Trí bheith ag obair le gach duine sa tionscal, lena n-áirítear ár bhfeirmeoirí, iascairí agus táirgeoirí bia, táimid ag feidhmiú mar bhonnsraith an tionscail, agus táimid ag déanamh deimhin de go bhfuil guth gach duine le cloisteáil.”
Tagróidh an tAire McConalogue don tionchar atá ag imeachtaí domhanda ar shlabhraí soláthair bia lena n-áirítear ionradh mídhleathach na hÚcráine.
“Tá eachtraí a tharla le déanaí ag tabhairt dúshláin tuiscint gach duine ar shlándáil bhia. Is fianaise é ionradh mídhleathach na Rúise ar an Úcráin ar an tslí a gcruthaíonn coinbhleacht deacrachtaí daonnúla láithreach baill do na daoine lena mbaineann agus ar na hiarmhairtí suntasacha a d’fhéadfadh a bheith ag a leithéid ar na daoine nach bhfuil baint dhíreach acu leis an gcoinbhleacht freisin. Chomh maith leis sin, cruthaíonn sé ceisteanna maidir le hathléimneacht an chórais bhia dhomhanda, go háirithe na tionchair a d’fhéadfadh a bheith ag a leithéid ar thíortha i mbéal forbartha.
“Ní mór dúinn oibriú lena chéile agus tacú leis an Úcráin d’fhonn a chinntiú go leantar ar aghaidh leis an trádáil ag leibhéal domhanda. Baineann tábhacht ar leith leis an obair leanúnach atá á déanamh ag tionscnamh na Mara Duibhe. Is fianaise é bia a bheith in úsáid mar arm ag an Rúis nach mór dúinn leanúint ar aghaidh le hathléimneacht a fhorbairt.”
Foilseofar Dearbhú Aireachta ina mbeidh cur síos ar thoradh an phlé ar an Aoine.
Tá tuilleadh eolais le fáil ag: