Tacaíonn an tAire O'Donovan le hoibreacha práinneacha Chomhairle Contae Ros Comáin um thuiliú ag Loch Fuinseann a chosc
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá gealltanas tugtha ag an Aire Stáit um Oifig na nOibreacha Poiblí, Patrick O’Donovan, T.D, tacú le hobair éigeandála Chomhairle Contae Ros Comáin ag Loch Fuinseann chun cosc a chur leis an priacal láithreach tuile ón Loch ar réadmhaoin agus ar bhóithre poiblí sa cheantar. Scriobh Príomh-Fheidhmeannach Chomhairle Contae Ros Comain ar 19 Bealtaine ag lorg cabhrach ó Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW) chun píobán éigeandála forsceite a thógáil ó Loch Fuinseann chun na Sionainne; dheimhnigh an tAire go gcuirfidh OPW na hacmhainní ar fáil ionas gur féidir na hoibreacha éigeandála seo a thosú gan mhoill.
Ag caint dó le Eugene Cummins, Príomh-Fheidhmeannach na Comhairle Contae, tráthnóna inniu, dheimhnigh an tAire a thacú leis an obair seo agus cabhair OPW ina thaobh:
“Is mian liom a chinntiú do Chomhairle Contae Ros Comain agus an pobal áitiúil ag Loch Fuinseann go seasaimid libh agus go gcabhrófar leis na hoibreacha éigeandála um chosaint réadmhaoine agus bóithre poiblí. I mí Eanáir gheallas tacú iomlán an Rialtais do Chomhairle Contae Ros Comáin maidir le díobháil ó thuile a chosc. Nuair a fuaireas iarratas práinne um chabhair inniu, thugas ordú do OPW pé acmhainní is gá a sholáthar mar chuidiú le hoibreacha na Comhairle um maolú tuile.”
Tá OPW agus Comhairle Contae Ros Comáin ag comhoibriú le chéile le fada an lá ar thionscadail bhonneagair agus leanfar leis sin chun na hoibreacha éigeandála seo a chríochnú. Léirigh tuarascálacha le déanaí chun na Comhairle, chomh maith le Tuarascáil Hidreolaíoch uasdhátaithe ar Loch Fuinseann, go mbeidh leibhéil tuile sa gheimhreadh seo chugainn níos airde ná riamh, agus go mbeadh beatha daoine i mbaol dá dteipfeadh ar bhearta mar chaidéalú cosanta agus ardú bóithre poiblí. Tosófar ar obair thógála an phíobáin fhorsceite anois agus cinnteoidh sé sin go n-ísleofar leibhéal uisce an locha roimh an geimhreadh seo chugainn.
Um breis eolais nó grianghraif déan teagmháil le pressoffice@opw.ie
Lean sinn ar Twitter @opwireland
Lean sinn ar Facebook @opwireland