Ráiteas ón Aire Sláinte ar 100 lá de chlár vacsaínithe COVID-19 - Dé Céadaoin an 07 Aibreán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Is é inniu an chéad 100 lá de chlár vacsaínithe COVID-19, ceann de na straitéisí sláinte poiblí is suntasaí inár linne. Amhail Dé Sathairn an 3 Aibreán, tá dáileog amháin ar a laghad de vacsaín COVID-19 faighte anois ag os cionn 17% de dhaonra fásta na hÉireann (16+ bliana d’aois) - sin duine as gach seisear duine fásta - agus tá 7% de na daoine is leochailí anois cosanta go hiomlán leis an gcéad agus an dara dáileog de vacsaín COVID-19 faighte acu.
Ó thosaigh paindéim COVID-19, thug muid aghaidh ar dhúshláin dochreidte. Tá daoine muinteartha caillte ag teaghlaigh agus níl aon duine inár sochaí nach ndeachaigh tionchair eacnamaíocha, shóisialta agus phearsanta an ghalair seo i bhfeidhm ar a saol. Cé go leanaimid orainn ag leanúint na srianta sláinte poiblí atá riachtanach chun an víreas seo a chur faoi chois inár bpobail, tá tionchar ár gclár vacsaíní ag dul i neart agus tá éifeacht an-dearfach aige cheana ar shaol na ndaoine a bhfuil vacsaín faighte acu.
Dhírigh laethanta tosaigh an chláir vacsaínithe ar na daoine is leochailí agus oibrithe cúram sláinte túslíne a chosaint. Tá líon na n-ionfhabhtuithe COVID-19 i gcúram cónaithe fadtéarmach, i measc oibrithe cúram sláinte agus i measc daoine os cionn 85 bliain d'aois, tar éis laghdú go suntasach ó thosaigh an clár vacsaínithe. Taispeánann figiúirí le déanaí go léiríonn cásanna i measc daoine 85 bliain d’aois agus níos sine anois níos lú ná 1 faoin gcéad de na cásanna go léir, anuas ó bheagnach 6 faoin gcéad ag deireadh mhí Eanáir. Ag deireadh mhí Eanáir b'ionann cásanna i ráigeanna i suíomhanna cúraim chónaithe fadtéarmacha agus 15 faoin gcéad den iomlán. Tá sé sin tar éis laghdú go níos lú ná 1 faoin gcéad inniu.
Leathnaíodh cuairteanna ar thithe altranais agus ar shaoráidí cúraim chónaithe fadtéarmacha agus is féidir anois dóibh siúd atá vacsaínithe go hiomlán cuairt a thabhairt ar dhaoine eile atá vacsaínithe go hiomlán (ó theaghlach amháin eile) gan gá le cumhdaigh aghaidhe nó scaradh sóisialta. Tá sé tábhachtach a aibhsiú nach bhfuil duine vacsaínithe go hiomlán go dtí coicís tar éis an 2ú dáileog den vacsaín a fháil.
Is é tosaíocht chlár vacsaínithe COVID-19 na hÉireann dochar a íoslaghdú, cosaint i gcoinne dianbhreoiteachta, tréimhsí in ospidéil agus báis, ár gcóras cúram sláinte a chosaint agus leanúint de chúram COVID agus neamh-COVID a sholáthar. An tseachtain seo sroichfimid cloch mhíle nuair a bheidh 1 mhilliún dáileog den vacsaín tugtha in Éirinn agus tá cúis dóchais againn go n-athosclófar ár sochaí tuilleadh sna seachtainí agus sna míonna amach romhainn.
Tá comhaontuithe i bhfeidhm againn chun 18.5 milliún vacsaín a cheannach. Tá trí vacsaín an-sábháilte agus éifeachtach againn anois atá á riaradh in Éirinn agus an ceathrú ceann ag teacht go luath.
Sheol mé Straitéis Leithdháilte Vacsaínithe COVID-19 nuashonraithe an Rialtais Dé Máirt an 30 Márta, bunaithe ar shamhail seachadta aoisbhunaithe. Tá an straitéis nuashonraithe seo bunaithe ar na creataí eolaíochta, cliniciúla agus eiticiúla is déanaí arna soláthar ag an gCoiste Comhairleach Náisiúnta Imdhíonta agus an Roinn Sláinte. Cosnaíonn an fócas athnuaite ar sheachadadh vacsaíní de réir aoise iad siúd atá i mbaol mór ó dhianghalar mar chéad tosaíocht, feabhsaíonn sé trédhearcacht agus éascaíonn sé pleanáil agus cur i bhfeidhm an chláir ar fud na tíre.
Tosóimid an chéad 100 lá eile le dearcadh dearfach agus treocht aníos sna vacsaíní arna riaradh. Dé hAoine an 1 Aibreán, soláthraíodh níos mó ná 30,500 dáileog den vacsaín. Tá oiliúint curtha ar níos mó ná 11,000 vacsaíneoir anois agus tá earcaíocht le haghaidh vacsaíneoirí do 38 ionad vacsaínithe ar siúl.
Bhí go leor laethanta deacra againn in 2020 agus 2021. Tá leathadh na vacsaíní ag luasghéarú agus tá figiúirí mionsonraithe thíos. D'fhéadfadh na sceidil seachadta réamh-mheasta/táscacha seo athrú. Tá athrú tagtha ar sceidil seachadta cheana féin toisc go bhfuil siad ag brath ar dhéantóirí ag comhlíonadh a ngealltanas. De ghnáth déantar dátaí seachadta ar leith a dhearbhú coicís sula mbíonn seachadadh dlite. Tá súil agam go dtabharfaidh na figiúirí seo misneach do dhaoine maidir le líon na vacsaíní atá dlite sna míonna amach romhainn, ach ba mhaith liom a aibhsiú go bhfuil siad táscach.
De réir mar a thosaíonn clár na vacsaíne ag bailiú nirt seachtain i ndiaidh seachtaine, lean oraibh ag leanúint comhairle sláinte poiblí, ag cosaint a chéile agus ag fanacht sábháilte ó COVID-19.
1. Deimhniú Vacsaíní a Seachadadh (go deireadh R1 2021)
Tréimhse | Pfizer | Moderna | AstraZeneca | Iomlán |
Go Deireadh mhí Feabhra | 393,120 | 40,800 | 86,400 | 520,320 |
Go Deireadh mhí an Mhárta | 343,980 | 68,400 | 254,400 | 666,780 |
Iomlán Deireadh R1 | 737,100 | 109,200 | 340,800 | 1.187m |
2. Soláthar Réamh-mheasta Vacsaíní - faoi Mhí go deireadh R2 2021:
Tá an fhaisnéis atá leagtha amach sa tábla thíos bunaithe ar an bhfaisnéis reatha atá ar fáil agus léiríonn sí meastachán réamhaisnéise d’Éirinn i R2 bunaithe ar fhaisnéis ar leibhéal comhiomlán an AE atá le deimhniú go foirmiúil fós ag an leibhéal náisiúnta.
Tá an meastachán réamhaisnéise faoi réir athraithe bunaithe ar aschuir toraidh déantúsóirí agus sceidil seachadta deimhnithe deiridh.
Déantóir | Aib-21 | Bealtaine-21 | Meitheamh-21 | Iomlán Réamh-mheasta R2 |
AstraZeneca | 224,000 | 262,000 | 327,000 | 813,000 |
Pfizer BioNTech | 546,000 | 738,000 | 844,000 | 2,128,000 |
Moderna | 118,000 | 118,000 | 147,000 | 383,000 |
Janssen | 40,800 | 132,000 | 432,000 | 605,000 |
Iomlán | 929,000 | 1,250,000 | 1,750,000 | 3.9m |
CRÍOCH