Tugann McConalogue cinnteacht ar Chuóta Scadán i Limistéar 6A Theas do shoithí Cladaigh neamh-imfhálaithe
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, an tUasal Charlie McConalogue inniu toradh an athbhreithnithe theoranta ar Bheartas Bainistíochta Scadán 2012 maidir le cuóta Scadán 6a Theas do shoithí neamh-imfhálaithe.
Tar éis iarratas a fháil ó chathaoirligh an Fhóraim Náisiúnta Iascaigh Chladaigh (NIFF) agus an Fhóraim Iascaigh Chladaigh Réigiúnach Thuaidh (NRIFF), d'ordaigh an tAire go ndéanfaí comhairliúchán poiblí iomlán níos luaithe i mbliana, rud a mheall beagnach 90 aighneacht. Bhí éagsúlacht leathan tuairimí le sonrú sna haighneachtaí seo, agus foilseofar iad ar shuíomh gréasáin na Roinne.
Chíoraigh an tAire na saincheisteanna a tarraingíodh anuas le linn an phróisis chomhairliúcháin phoiblí agus, tar éis meastóireacht mhionsonraithe, chinn sé íos-chionroinnt de chuóta Scadán 6a Theas a shocrú le haghaidh soithí neamh-imfhálaithe faoi 20 méadar ar fad ar an iomlán, nuair a thiteann cuóta na hÉireann don stoc faoi bhun tairseach áirithe.
Dúirt an tAire McConalogue:
“Tá breithniú cúramach déanta agam ar gach tuairim a cuireadh isteach le linn an phróisis chomhairliúcháin phoiblí agus creidim go bhfuil cás réasúnta ann chun méid socraithe de chuóta Scadán 6A Theas a leithdháileadh ar na soithí neamh-imfhálaithe nuair a bhíonn cuóta na hÉireann don stoc íseal.”
In 2022, ba í an chomhairle eolaíoch ón gComhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na bhFarraigí (CITF) ná go bhféadfaí stoic Scadán san Iarthuaisceart (6a Theas agus 6a Thuaidh) a bhainistiú mar stoic thráchtála in 2023, tar éis iascach eolaíoch amháin ó 2016-2022. Bhain an comhairliúchán poiblí a rinne an tAire leis an stoc Scadán Thiar Thuaidh Theas (Scadán 6a Theas agus 7bc) amháin. Tá cuóta na hÉireann don stoc seo do 2023 socraithe ag 1,720 tona.
Maidir le Beartas Bainistíochta Scadán an Aire in 2012, chuir sé 5% den chuóta 6a Theas i leataobh do shoithí faoi 20 méadar ar fad san iomlán nach raibh cuntas teiste cáilitheach acu don iascach.
Ag cur leis an méid seo, dúirt an tAire McConalogue:
“Nuair a socraíodh an soláthar 5% i mBeartas Bainistíochta Scadán 2012, rinneadh amhlaidh ar an tuiscint go mbeadh cuóta réasúnta ar fáil d’Éirinn, de réir mar a bhíodh an nós sna blianta roimh shocrú an pholasaithe. Is iad teaghlaigh iascaireachta cladaigh bunchloch na bpobal cósta tuaithe, agus feabhsóidh an t-athrú seo deiseanna iascaireachta don earnáil seo.”
Tá cinneadh déanta ag an Aire, i gcás ina mbeidh cuóta Scadán Iarthuaisceart na hÉireann (6a Theas & 7bc) sa Rialachán um Gabháil Iomlán Incheadaithe (GII) agus Cuóta bliantúil níos lú ná 7,000 tona, do 2023 agus do na blianta atá le teacht, go ndéanfar Beartas Scadán 2012 a mhodhnú, agus cuirfear cainníocht áirithe scadán ar fáil do shoithí neamh-imfhálaithe (soithí níos lú ná 20 méadar ar fad ar an iomlán), ag leibhéal 350 tona; as sin, leithdháilfear 95% ar árthaí faoi bhun 15 mhéadar ar fad ar an iomlán, agus 5% ar árthaí atá cothrom le nó níos mó ná 15 mhéadar ar fad ar an iomlán ach faoi bhun 20 méadar ar fad ar an iomlán. Ní chuirfear san áireamh aon choigeartuithe (babhtálacha, tabhairt anonn/asbhaintí mar a fhoráiltear le Rialachán AE) chun an tairseach seo a bhunú.
Sa chás go bhfuil cuóta Scadán an Iarthuaiscirt (6a Theas agus 7bc) sa Rialachán bliantúil GII agus Cuóta cothrom le nó níos mó ná 7,000 tonna, leithdháilfear cuóta de réir Bheartas Scadán 2012.
Mar fhocal scoir dúirt an tAire McConalogue:
“Is mór agam an tacaíocht láidir a thug ár n-iascairí do na bearta caomhnaithe seo agus don chomhairle a fuair Grúpa Geallsealbhóirí Scadán an Iarthuaiscirt le linn an iascaigh eolaíoch.”
Chun sonraí iomlána chinneadh an Aire a fháil, tabhair cuairt le do thoil ar gov.ie - Fisheries - Policy/ Quota Management (www.gov.ie) .
Nóta don Eagarthóir:
Tá dhá stoc scadán ar leith amach ó chósta Thiar Thuaidh na hÉireann. Tá cuóta ag Éirinn don dá stoc sin. Tá an chéad stoc scadán le fáil i Limistéar 6aS 1, 7b, 7c (Rannáin 6.a ó dheas de 56°00′ ó thuaidh agus siar ó 07°00′W agus 7.b–c (Iarthuaisceart agus Iarthar na hÉireann)) (cuóta ‘6A Theas’). Tá an dara stoc scadán le fáil i Limistéar 6b agus 6aN; An Ríocht Aontaithe agus uiscí idirnáisiúnta 5b2 (Roinn 6.a (Thuaidh), sceithirí an fhómhair (Iarthar na hAlban)) (cuóta ‘6A Thuaidh’).
Ó thaobh na hÉireann de, tá níos mó tábhachta ag baint leis agus níos mó i ngeall ag an tír seo ar an stoc Scadán in 6A Theas ó tharla gurb í ag Éirinn atá an sciar is mó den Ghabháil Iomlán Incheadaithe (GII) scadán in 6A Theas. Ina theannta sin, ó thaobh na tíreolaíochta de, teagmhaíonn limistéir 6A Theas le cósta na hÉireann in Iarthuaisceart na hÉireann fad is nach dteagmhaíonn sé le limistéar 6A Thuaidh in aon áit. Is é an príomhstoc is mó spéise do na hiascairí cladaigh ná an stoc scadán 6A Theas. Faoi Bheartas Bainistíochta Scadán 2012, ní chuimsítear árthaí faoi bhun 10 méadar sa leithdháileadh cuóta don stoc scadán i 6A Thuaidh.
De réir Bheartas Bainistíochta Scadán 2012, tá grúpa imfhálaithe ag iascach Scadán an Iarthuaiscirt do shoithí 10 méadar nó níos faide ná sin, a bhfuil an cuntas teiste riachtanach bainte amach acu sna blianta 2006-2010.