Infheistíocht mhór i gcur chun cinn na foraoiseachta agus an Roinn ag cur maoiniú €1.6 milliún ar fáil do 42 grúpa
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Stáit ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, an Seanadóir Pippa Hackett torthaí ó Ghairm Oscailte óna Roinn do mhaoiniú do thionscadail a bhaineann le cur chun cinn foraoiseachta. Cuireann téamaí na Gairme nua an comhairliúchán poiblí a rinneadh maidir leis an bhFís Náisiúnta Chomhroinnte do Chrainn, Coillte agus Foraoisí in Éirinn do 2050 san áireamh, agus tagann sí le cur i bhfeidhm na Straitéise Foraoise nua. Bhí an Ghairm seo dírithe ar thionscadail le béim faoi leith ar theagmháil a dhéanamh le feirmeoirí, le húinéirí foraoise atá ann cheana agus le húinéirí talún eile. Fuarthas breis is 53 iarratas agus tá 42 tionscadal aonair roghnaithe anois do mhaoiniú leithdháilte de €1.6 milliún i rith na bliana seo chugainn.
Dúirt an tAire,
“Tá lúcháir orm raon chomh leathan de thionscadail inspioráideacha a fheiceáil atá dírithe ar an gClár Foraoiseachta nua a chur chun cinn agus tá áthas ar leith orm go bhfuil na tionscadail scaipthe ar fud na tíre. Tá súil agam go gcuirfidh an maoiniú €1.6 milliún seo le próifíl na foraoiseachta agus go spreagfaidh sé gach feirmeoir chun fiosrú a dhéanamh faoin raon roghanna plandála atá ar fáil sa Chlár Foraoiseachta nua. Tá áthas orm a lua freisin go bhfuil comhoibriú idir eagraíochtaí agus grúpaí i gceist le go leor de na tionscadail agus clúdaíonn siad raon leathan ábhar ó fhoraoisiú, bainistíocht foraoise inbhuanaithe, seirbhísí éiceachórais, Foraoiseacht Cumhdaigh Leanúnaigh (FCL) agus gairmeacha san fhoraoiseacht a chur chun cinn.
Cuirfidh na tionscadail a roghnófar an fhoraoiseacht chun cinn le raon leathan cur chuige agus áireofar leo físeáin idir phiaraí ar fhoraoiseacht a fhorbairt; foilseacháin ar bhunú Foraoiseachta Cumhdaigh Leanúnaigh; úsáid adhmaid a fhástar sa bhaile le haghaidh tógála a chur chun cinn; plandú crann dúchasach a chur chun cinn, lena n-áirítear tríd an Scéim Limistéar Crann Dúchasach; athchóiriú éiceolaíoch agus ardú feasachta leis na hilmheáin; tionscnaimh oideachais/fcur chun cinn spriocdhírithe chun acmhainn agrafhoraoiseachta in Éirinn agus go leor eile a fhorbairt. Beidh plé ann leis an bpobal i gcoitinne leis na tionscadail seo chun crainn a chur chun cinn mar fhoinse bhithéagsúlachta, thaitneamhachta agus inspioráide.
Tá an tAire Hackett ag tnúth leis an méid a bhainfear amach leis na tionscadail rathúla agus dúirt sí
“Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis na daoine aonair agus na heagraíochtaí sin go léir as páirt a ghlacadh agus táimid ag tnúth le bheith ag obair leis na grúpaí rathúla lena dtionscadal ar chur i bhfeidhm i rith na bliana seo chugainn”.
Chlúdaigh an Ghairm ar Thograí do Thionscadail do Chur Chun Cinn na Foraoiseachta 2023/2024 na ceithre théama seo a leanas:
1. Scéimeanna a chur chun cinn faoin gClár Foraoiseachta nua, le béim faoi leith ar theagmháil a dhéanamh le feirmeoirí, le húinéirí foraoise atá ann cheana féin agus le húinéirí talún eile.
2. Foraoiseacht tháirgiúil agus na tairbhí a bhaineann le húsáid níos mó táirgí adhmaid sa tógáil agus sa dearadh a chur chun cinn, i gcomhthéacs Ghníomhú ar son na hAeráide agus an bhithgheilleagair.
3. Bainistiú inbhuanaithe foraoise a chur chun cinn i measc úinéirí foraoisí agus raon córas foraoiseolaíochta (dírithe ar ghairmithe agus eagraíochtaí atá gníomhach sa réimse seo cheana féin a bhfuil cláir sheanbhunaithe i bhfeidhm acu).
4. Na tairbhí ilfheidhmeacha a bhaineann le crainn agus foraoisí a chur chun cinn, lena n-áirítear na buntáistí do sheirbhísí éiceachórais, don bhithfhuinneamh, do phobail, do leanaí agus don fholláine ghinearálta.
Tá sonraí na dtionscadal rathúil a faomhadh faoin nGairm leagtha amach sa tábla thíos.