Déanfaidh EURES Éireann na Roinne Coimirce Sóisialaí Lá na bPost Ar Líne Eorpach a óstáil ar an 15ú Márta 2022
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Déanfaidh Seirbhísí Fostaíochta Eorpacha na Roinne Coimirce Sóisialaí, EURES Éireann Poist a óstáil in Ócáid Earcaíochta Ar Líne Dé Máirt, 15ú Márta 2022 ó 10rn go dtí 2in. Tabharfaidh an ócáid ar líne deiseanna poist le fostóirí na hÉireann in earnálacha fáilteachais, tógála agus iompair do chuardaitheoirí poist agus athraitheoirí poist in Éirinn agus ar feadh tíortha an AE/LEE, an RA agus níos faide thar lear.
Go dtí seo, chláraigh 98 comhlacht, lena n-áirítear Allen Cranes Ltd, O’Carroll Engineering, Secon Construction Services Ltd, Superior Passive Construction Ltd, Breffni Insulation Ltd, Dublin Bus, JJ Kavanagh and Sons, Protrans Ltd, Conrad Hotel, iNUA, Lough Eske Castle agus Tifco Hotel Group don ócáid.
Tá deis fós ann d’Fhostóirí clárú don ócáid seo.
Fógraíodh os cionn 500 post agus táthar ag súil go mbeidh níos mó fógartha sna laethanta atá le teacht. Áirítear le rogha na bpost ar fáil: Chefanna, teiripeoirí spá agus áilleachta, foireann bheáir agus freastail, cúntóirí lóistín, bainisteoirí in óstáin, tiománaithe HGV, tiománaithe bus, innealtóirí, bainisteoirí tionscadail, leictreoirí, siúinéirí, pláistéirí, oibrithe miotail agus táthairí agus eile.
Mar chuid den ócáid, beidh cur i láthair ag fostóirí agus Grúpaí Ionadaithe Fostóra ó na earnálacha fáilteachais, tógála agus iompair. Tabharfaidh comhairleoirí Éireannacha forléargas ar go leor gnéithe choinníollacha cónaithe agus oibre in Éirinn agus na tacaíochtaí airgeadais ar fáil do chuardaitheoirí poist agus athraitheoirí poist a bhogann le oibriú i dtír eile an AE/LEE. Tabharfar comhairle maidir le ullmhúchán CV agus agallaimh oibre in Éirinn agus le linn na hócáide beidh Comhairleoirí EURES na hócáide ar fáil chun ceisteanna a fhreagairt. Beidh deis ag cuardaitheoirí poist freisin labhairt go díreach le fostóirí trí chomhráite príobháideacha.
Leis an teicneolaíocht aonaigh poist ar líne, is féidir le fostóirí rochtain a fháil ar chuardaitheoirí poist oilte ar fud na hEorpa gan imeacht ón oifig agus is féidir le cuardaitheoirí poist iarratas a dhéanamh ar phoist agus freastal ar agallaimh gan bhuairt nó costas a bhaineann le taisteal.
Ag trácht ar an ócáid earcaíochta le teacht, dúirt an tAire Coimirce Sóisialaí, Heather Humphreys:
”Tá níos mó daoine ag obair againn sa bhfórsa saothair anois ná riamh i stair comhaimseartha.
”Tá folúntais áirithe dúshlánacha fós le comhlíonadh agus go leor comhlachtaí ag lorg eilimintí áirithe le linn earcaíochta: iarrthóirí le scileanna sonracha an tionscail agus taithí ábhartha.
”Seo an chéad ócáid earcaíochta le sraith ócáidí beartaithe don bhliain seo ag tacú le gnóthaí a gcuid folúntais a líonadh, agus tacaíocht á cur ar fáil freisin do shoghluaisteacht na n-oibrithe ar feadh an AE/LEE.
”Le tacaíocht ón Aontas Eorpach, díríonn an ócáid seo ar oibrithe a mhealladh go hÉirinn agus is aidhm leis béim a chur ar na deiseanna oibre agus cónaithe in Éirinn agus folúntais a bhfuil fostóirí ag earcú dóibh a chur chun cinn.
”Tagann na príomh-ghrúpaí fostóra le ionadaíocht ag an ócáid ó na earnálacha fáilteachais agus tógála. Léiríonn sin na deiseanna iontacha do chúramóirí agus oibrithe le scileanna ábhartha sna earnálacha sin agus tiomantas ár Rialtais chun na earnálacha sin a atógáil, agus go háirithe an riachtanas chun seachadadh ar thiomantais faoi Thithíocht do Chách.”
Dúirt an tAire Humphreys leis:
”Is deis idéalach é ócáid ar líne EURES d’fhostóirí anseo chun na fostaithe a theastaíonn uathu a aimsiú chomh maith le deis iontach a thabhairt do na fostaithe dóchúla sin. Tógann sé ar ár dtiomantais freisin le Bealaí chun Oibre ionas gur féidir le fostóirí a riachtanais earcaíochta a chomhlíonadh agus tacú le soghluaisteacht shóisialta na n-oibrithe.”
Is féidir le cuardaitheoirí poist clárú agus iarratas a dhéanamh do na poist fógartha don ócáid seo, a CV a sheoladh agus clárú le agallaimh poist ar líne anois. Chláraigh os cionn 2,200 cuardaitheoir poist don lá Poist Ar Líne Eorpach roimhe seo óstáilte againn i mí na Samhna. Beidh agallaimh le fostóirí ag tarlú ar líne ar an 15ú agus 16ú Márta. Tá mionsonraí ar fáil don ócáid earcaíochta seo ag EURES - Laethanta Poist na hEorpa agus beidh an chuid is mó de na poist fógartha freisin ar www.jobsireland.ie. Is féidir le duine ar mian leis a thuilleadh faisnéise a fháil ar conas páirt a ghlacadh r-phost a sheoladh chuig eures@welfare.ie .
Is tionscnamh ar fud na hEorpa é EURES (Seirbhís Fostaíochta na hEorpa) i bhfeidhm ó 1993 agus tugann sé cúnamh do chuardaitheoirí poist fostaíocht a ghlacadh laistigh den AE. Is gréasán é le gach seirbhísí fostaíochta poiblí san Aontas Eorpach agus Limistéar Eorpach Eacnamaíoch. Tríd an EURES, roinneann seirbhísí fostaíochta a gcuid folúntais poist agus seirbhísí lena chéile. Is margadh singil é an margadh poist in Eoraip (AE) agus tá folúntais poist i ngach Ballstáit ar fáil do shaoránaigh gach Ballstáit chun iarratas a dhéanamh.
Soláthraíonn EURES deiseanna do chuardaitheoirí poist obair a lorg i dtíortha eile an AE i margadh leathan na hEorpa agus dá bharr, soláthraíonn sé deis do chuardaitheoirí poist san AE/LEE obair a fháil le fostóirí bunaithe anseo in Éirinn. Ós rud é gurb í Éire an príomh-thír le Béarla in Eoraip, táthar ag súil go mbeidh na ócáidí sin tarraingteach do chuardaitheoirí poist ó thíortha eile na hEorpa chun Béarla a fhoghlaim, taithí oibre nua a fháil agus am a chaitheamh thar lear.
Is ról le EURES faisnéis agus comhairle a sholáthar maidir le deiseanna poist san AE/LEE.
Chomh maith le faisnéis a thabhairt do dhaoine ar mian leo bogadh go hÉirinn chun fostaíocht a ghlacadh, soláthraítear faisnéis agus comhhairle do chónaitheoirí na hÉireann ar mian leo deiseanna poist a ghlacadh san AE/LEE trí EURES. Nuair a sholáthraíonn sé faisnéis agus comhairle do chliaint roimh imeacht, cinntíonn EURES go bhfuil faisnéis oiriúnach ag na daoine ar mian leo fostaíocht a ghlacadh lasmuigh d’Éirinn maidir le deiseanna poist sula n-imíonn siad.
DEIREADH