Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Domhnaigh an 21 Márta 2021
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu go bhfuil beirt le COVID-19 tar éis bás a fháil.
Bhásaidh siad sin beirt i mí an Mhárta.
4,587 duine san iomlán atá básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn go dtí seo.
Amhail meán oíche, Dé Sathairn an 20 Márta, cuireadh 769* cás deimhnithe de COVID-19 in iúl don HPSC. 230,599 cás de COVID-19 a deimhníodh in Éirinn go dtí seo.
As na cásanna a cuireadh in iúl inniu;
Amhail 8am inniu, tá 360 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 82 acusan san aonad dianchúraim. Cuireadh 19 duine san ospidéal le 24 uair an chloig anuas.
Amhail an 14 Márta, bhí 654,251 dáileog de vacsaín COVID-19 tugtha in Éirinn:
Soláthraíonn Deais COVID-19 faisnéis cothrom le dáta faoi phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal lena n-áirítear sonraí laethúla maidir le Clár Vacsaínithe COVID-19 na hÉireann.
CRÍOCH
**Ba cheart sonraí contae a mheas go amhail is gur sonraí sealadacha iad toisc gur córas dinimiciúil é an Córas Ríomhairithe náisiúnta um Ghalair Thógálacha a Thuairisciú (CIDR) agus tá sonraí cáis á mbailíochtú agus á nuashonrú i gcónaí.
Contae | Cásanna an lae inniu** (go meán oíche 20 Márta 2021) | Meán Gluaiseachta 5 lá de Chásanna Nua~ | Ráta minicíochta 14 lá in aghaidh gach 100,000 den daonra (go 20 Márta 2021) | Cásanna Nua le 14 lá anuas (go 20 Márta 2021) |
Éire | 769 | 587 | 155.3 | 7395 |
Uíbh Fháilí | 47 | 26 | 410.5 | 320 |
An Longfort | 14 | 9 | 296 | 121 |
Cill Dara | 44 | 37 | 249 | 554 |
Baile Átha Cliath | 284 | 251 | 229.2 | 3,088 |
An Mhí | 45 | 32 | 215.3 | 420 |
Dún na nGall | 67 | 30 | 211.7 | 337 |
Ros Comáin | 18 | 10 | 154.9 | 100 |
Ceatharlach | 5 | 6 | 147.5 | 84 |
Port Láirge | 32 | 17 | 145.5 | 169 |
Tiobraid Árann | 30 | 20 | 141 | 225 |
An Iarmhí | 17 | 10 | 138.6 | 123 |
Gaillimh | 26 | 28 | 135.2 | 349 |
Lú | 10 | 11 | 134.2 | 173 |
Loch Garman | 20 | 19 | 122.2 | 183 |
Luimneach | 36 | 15 | 121.1 | 236 |
Sligeach | 9 | 6 | 100.7 | 66 |
Cill Mhantáin | 8 | 9 | 91.3 | 130 |
An Cabhán | <5 | 7 | 85.3 | 65 |
Laois | 10 | 8 | 85 | 72 |
Maigh Eo | 6 | 4 | 72 | 94 |
Muineachán | 0 | 2 | 70 | 43 |
An Clár | 6 | 5 | 53.9 | 64 |
Ciarraí | 6 | 6 | 52.8 | 78 |
Corcaigh | 18 | 15 | 46.6 | 253 |
Liatroim | <5 | 1 | 37.4 | 12 |
Cill Chainnigh | 6 | 3 | 36.3 | 36 |
~Soláthraíonn an meán gluaiseachta 5 lá de líon na gcásanna nua táscaire iomchuí ar líon na gcásanna laethúla reatha laistigh de chontae. Áirítear aon bhailíochtú cásanna a tharla sna laethanta roimhe seo agus réitíonn sé luaineachtaí laethúla/deireadh seachtaine i líon na gcásanna.