Fáiltíonn an tAire um Mheabhairshláinte agus Daoine Aosta roimh fhoilsiú Treorach nua maidir le Cuairteanna do Thithe Altranais
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Fáiltíonn an tAire um Mheabhairshláinte agus Daoine Aosta, Mary Butler, TD, roimh fhoilsiú an Ionaid Faireachais um Chosaint Sláinte (HPSC) de Threoir nua COVID-19 maidir le cuairteanna ar Áiseanna Cúraim Chónaithe Fhadtéarmaigh. Tá sé mar aidhm ag an treoir nua tacú tuilleadh le seirbhísí cúraim chónaithe fhadtéarmaigh (lena n-áirítear tithe altranais) agus le cónaitheoirí agus iad ag pleanáil cuairteanna ar gach leibhéal den chreat le haghaidh bearta sriantacha mar fhreagairt ar COVID-19 atá in Athléimneacht agus Athshlánú an Rialtais 2020-2021: Plean chun Maireachtáil le COVID-19.
Ag fáiltiú di roimh an bhfoilseachán, dúirt an tAire Butler:
“Is doiciméad treorach tábhachtach é seo a sholáthraíonn bealaí chun cuairt shábháilte a thabhairt. Tá a fhios againn go léir an tábhacht a bhaineann le hidirghníomhaíocht shóisialta leanúnach agus na deacrachtaí a bhí ann na hidirghníomhaíochtaí seo a chothabháil ar bhealach sábháilte, go háirithe le daoine aosta agus leo siúd atá leochaileach ó thaobh sláinte de. Tá sé ríthábhachtach go ndéantar an ceart cuairteoirí a bheith agat a chothromú leis an ngá atá ann a chinntiú nach gcuireann cuairteanna ar thithe altranais isteach ar chúram cónaitheoirí go foriomlán ná ar chomhlíonadh na nósanna imeachta riachtanacha maidir le rialú ionfhabhtaithe."
Soláthraíonn an treoir nua mionsonraí feabhsaithe agus soiléireacht bhreise atá dírithe ar bhearta cosanta sláinte poiblí agus meabhairshláinte agus folláine cónaitheoirí agus a dteagmhálacha a chothromú.
Dúirt an tAire Butler:
“Chun cónaitheoirí tithe altranais a chosaint, go háirithe iad siúd is leochailí, leanfaidh an bealach a bhfaigheann tithe altranais cuairteoirí ag léiriú na timpeallachta athraithe ina bhfuilimid ag maireachtáil. Mar sin féin, soláthraíonn an treoir nua creat soiléir agus oscailte maidir le cuairteanna. Soláthraíonn sí treoir maidir leis na bearta a chaithfidh tithe altranais agus cuairteoirí a ghlacadh chun rioscaí a bhaineann le cuairt a mhaolú. Athdhearbhaíonn sí freisin, in imthosca ina bhféadfadh sé go mbeadh gá cuairt a shrianadh nó a chur ar fionraí i dtithe altranais chun cónaitheoirí agus baill foirne a chosaint, go mbeidh socruithe malartacha mar “cuairt fuinneoige” inghlactha ar fud na 5 leibhéal uile de chreat na mbeart sriantach, chomh fada is gur féidir le teach altranais iad a éascú go sábháilte, agus gur cheart socruithe a chur i bhfeidhm chun tacú le cuairteanna fíorúla (nasc teileafóin nó físe) a mhéid is féidir. Rud ríthábhachtach, soláthraíonn an treoir tuilleadh soiléireachta maidir le cuairt a thabhairt in imthosca criticiúla agus atruacha, atá mar shaincheist lárnach do chónaitheoirí agus do theaghlaigh."
“Molaim do gach teach altranais eolas a bheith aige ar an gcomhairle agus an tacaíocht sláinte poiblí is déanaí, agus gach iarracht a dhéanamh leanúint ar aghaidh le cuairteanna a éascú ag teacht le comhairle sláinte poiblí. Cé gur léirigh go leor tithe altranais cleachtas iontach nuálaíoch tríd an bpaindéim, impím anois ar gach teach altranais pleananna agus socruithe sábháilte a bheith aige do chónaitheoirí agus a dteaghlaigh agus a gcairde, nuair a bhíonn bearta cosanta méadaithe i bhfeidhm. "
Tá Treoir nua COVID-19 maidir le cuairteanna ar Áiseanna Cúraim Chónaithe Fhadtéarmaigh ar fáil ar láithreán gréasáin HPSC: www.hpsc.ie www.hpsc.ie.
CRÍOCH
Is cur chuige tras-rialtais é an ‘Plean Athléimneachta agus Athshlánaithe um Maireachtáil le COVID-19’ maidir leis an bpaindéim a bhainistiú sna míonna amach romhainn agus foilsíodh é ar 15 Meán Fómhair 2020.
Is creat é an ‘Plean Athléimneachta agus Athshláinithe um Maireachtáil le COVID-19’ chun soiléireacht a sholáthar ar na bearta sriantacha atá oiriúnach timpeall na tíre bunaithe ar phatrún agus dul chun cinn COVID-19 i gceantar áirithe ag am áirithe.
Cuirtear an córas in iúl trí chóras uimhrithe foláirimh (ó Leibhéal 1 go 5) le:
Cuirtear na Leibhéil seo i bhfeidhm ar gach contae bunaithe ar staid reatha COVID-19 i ngach contae. Déantar an Leibhéal i limistéar a chinneadh de réir iliomad fachtóirí, lena n-áirítear ráta minicíochta 14 lá cásanna COVID-19 agus príomhtháscairí eile lena n-áirítear glacadh isteach san ospidéal, iontrálacha chuig Aonaid Dianchúraim (ICU), rátaí tarchuir pobail agus próifílí na ndaoine a bhfuil an víreas orthu.
Tá tionchar ar leith ag COVID-19 orthu siúd os cionn 70 nó a bhfuil bunfhadhbanna sláinte ar leith acu. Is mó seans atá ann go mbeidh bunfhadhbanna sláinte ag daoine fásta níos sine cheana féin mar ghalar cardashoithíoch, diaibéiteas, nó breoiteacht riospráide - comhghalrachtaí a ardaíonn an baol go bhfaighidh COVID-19 go han-dona nó go bhfaighidh siad bás mar gheall ar COVID-19. Ina theannta sin, bíonn sé níos deacra do dhaoine fásta níos sine an ceann is fearr a fháil ar ionfhabhtú mar gheall ar chóras imdhíonachta níos laige.
Tá COVID-19 an-tógálach agus nuair a bhíonn sé ag scaipeadh ar leibhéil arda sa phobal, tá riosca méadaithe ann go rachaidh sé isteach i dtithe altranais agus in áiseanna cúraim chónaithe fhadtéarmaigh eile. Is minic go mbíonn na daoine sna suíomhanna seo an-leochaileach don víreas seo agus dá éifeachtaí, chomh maith leis na suíomhanna féin a mbaineann rioscaí leo ó thaobh rialú agus cosc ionfhabhtaithe.
D’fhonn an riosca go dtarchuirfear COVID-19 chuig daonraí leochaileacha a laghdú, b’fhéidir go gcaithfí líon na gcuairteoirí ar áiseanna cúraim chónaithe fhadtéarmaigh a laghdú ag amanna criticiúla áirithe.
Cleachtaítear srianta cuairte go forleathan go hidirnáisiúnta mar bheart cosanta le roinnt athruithe ar an gcaoi a gcuirtear i bhfeidhm iad. Mar sin féin, de réir na gceanglas rialála, tá cuairteanna mar chuid de ghnáthfheidhmiú laethúil tithe altranais. Dá bhrí sin, tá soláthraí an tí altranais freagrach as gach a bhfuil praiticiúil a dhéanamh chun tacú le cuairt shábháilte. Ba cheart go mbeadh an inniúlacht agus na tacair scileanna ábhartha ag an teach altranais laistigh dá líon foirne chun é seo a bhainistiú go cuí.
D’fhorbair Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte FSS an treoir nua seo, a ailíníonn go hiomlán leis an gcreat 5 leibhéal de bhearta sriantacha mar atá mínithe sa phlean Maireachtáil le COVID-19 an Rialtais, chun tacú le soláthraithe cúraim chónaithe fhadtéarmaigh i gcomhlíonadh a bhfreagrachtaí agus tacú leis an gcuairt shábháilte, a mhéid is féidir, agus aird á tabhairt ar an tréimhse dhúshlánach ina bhfuilimid faoi láthair. Soláthraíonn an treoir tacaíocht agus comhairle sláinte phoiblí do na 5 leibhéal de bhearta sriantacha, nuair a bhíonn ráigeanna/cnuasaigh ann agus ag tabhairt cuairteanna i gcúinsí atruacha agus criticiúla. Tacaíonn foilsiú na treorach seo le cur chun feidhme mholadh 12.1 de Thuarascáil Phainéal Saineolaithe Tithe Altranais COVID-19.
Agus aitheantas á thabhairt don tírdhreach deacair atá curtha i láthair ag COVID-19 do shuíomhanna cúraim chónaithe fhadtéarmaigh, chomhaontaigh NPHET sraith beart feabhsaithe chun tacaíocht a sholáthar do na suíomhanna seo agus tá siad seo á gcur i bhfeidhm faoi láthair ag FSS, HIQA agus soláthraithe seirbhíse. Cuimsíonn siad bearta chun tacú le háiseanna a bhfuil ráigeanna de COVID-19 iontu, bearta atá dírithe ar shlabhra tarchuir an víris a bhriseadh agus tacú le soláthar PPE agus bearta cosanta eile.