Cultúr, Cruthaitheacht agus Spórt chun tosaigh ag an gComórtas Náisiúnta Treabhdóireachta
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Beidh an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán i láthair ag Comórtas Náisiúnta Treabhdóireachta 2023
Is féidir le cuairteoirí ar an gComórtas Náisiúnta Treabhdóireachta féachaint ar thairiscint spreagúil bhríomhar san Ollphuball Cultúir, Cruthaitheachta, Nuálaíochta agus Spóirt i mbliana, atá lonnaithe ag Bloc 3, Líne 23 laistigh de Shráidbhaile Rialtas Éireann.
Beidh seastáin taispeántais ag Éire Ildánach, Spórt Éireann, Fís Éireann agus Comhairle na bhForais Náisiúnta Cultúir san ollphuball, agus beidh foireann iomlán ann thar na trí lá chun fáilte a chur roimh chuairteoirí, agus an sár-obair a dhéanann siad agus na seirbhísí a chuireann siad ar fáil a léiriú.
Beidh Spórt Éireann ann chun deiseanna éagsúla spóirt ar fud na tíre a chur chun cinn. Le faisnéis faoi Chomhlachtaí Rialaithe Náisiúnta, Comhpháirtíochtaí Áitiúla Spóirt, Conairí, agus bunachar sonraí Get Ireland Active atá le seoladh go luath, beidh foireann Spórt Éireann thar a bheith sásta labhairt faoi dheiseanna le bheith gníomhach in Éirinn.
Beidh seastán faisnéise tiomnaithe ag Fís Éireann, an ghníomhaireacht náisiúnta do thionscal na scannán, na drámaíochta teilifíse, na beochana agus na faisnéise in Éirinn, chun na hAcadaimh Náisiúnta Talainne a thaispeáint – tionscnamh atá bunaithe ar scileanna chun tacú le forbairt tallann cruthaitheach éagsúil agus bonn criú ar fud na tíre ag gach leibhéal. Beidh baill foirne ar fáil chun ceisteanna a fhreagairt agus chun faisnéis a sholáthar faoin raon leathan deiseanna gairmiúla atá ar fáil, chomh maith le béim a chur ar acmhainní, tacaí agus teagmhálaithe tábhachtacha.
Ag comóradh céad bliain ó tháinig Éire isteach i gConradh na Náisiún in 1923, tá lúcháir ar an Roinn taispeántas de chuid an Chartlann Náisiúnta a léiriú: On an Equal Footing with All: Ireland at the League of Nations, 1923-1946. Tá an taispeántas mar chuid de Chlár Náisiúnta Dheich mBliana Cuimhneachán Rialtas Éireann 2012-2023, leis an gCartlann Náisiúnta, an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Acadamh Ríoga na hÉireann. Scrúdaítear ann spriocanna luatha stát nua na hÉireann agus é ag dearbhú a neamhspleáchais laistigh de chreat idirnáisiúnta, agus an tionchar buan a bhí aige ar thaidhleoireacht nua-aimseartha.
Taispeántas eile is ea an Balla Olla, tionscadal rannpháirtíochta poiblí ar scála mór a tháirgeann Éire Ildánach ina ndíreofar ar chniotáil, ceardaíocht agus Tionscal Olla na hÉireann. Tugtar cuireadh sa tionscadal do chuairteoirí treabhdóireachta páirt a ghlacadh i ndúshlán cniotála ar scála beag a chuirfear leis an mBalla Olla, agus nuair chuirfear i gcrích é beidh sé 8 méadar faoi 2.5 méadar.
I measc buaicphointí eile, beidh:
Tum-Thaispeántais Réaltachta Fíorúla - Cuirfidh Fís Éireann agus na hAcadaimh Náisiúnta Talainne eispéireas gearr idirghníomhach Réaltachta Fíorúla ar fáil do chuairteoirí. Beidh taispeántas gearr 5 nóiméad ina mbaintear úsáid as fearas cinn tiomnaithe Réaltachta Fíorúla agus rialaitheoirí braite gluaiseachta san eispéireas Réaltachta Fíorúla. Beidh deis ag rannpháirtithe na crua-earraí seo a úsáid chun raon eispéiris tumoideachais scéalaíochta a iniúchadh i dtimpeallacht chlosamhairc fhíorúil.
Eispéireas Holagrafach AR - Cuirfidh Fís Éireann agus na hAcadaimh Náisiúnta Talainne i gcomhar le Volograms eispéireas uathúil Réaltachta Breisithe ar fáil do chuairteoirí. Beidh deis ag rannpháirtithe holagraf digiteach 3D díobh féin (volagram) a chruthú agus a bheith in ann idirghníomhú leis go cruthaitheach trí scagairí agus téacs a chur leis, é a fhorshuí i gcúlraí timpeallachta beo agus a roinnt ar na meáin shóisialta.
Cadhcáil Réaltachta Fíorúla - Is meascán uathúil eachtraíochta agus suaimhnis é eispéireas na cadhcála. Agus tú ag cadhcáil ar na huiscebhealaí, bíodh lochanna suaimhneacha, aibhneacha corraitheacha, nó fiú fánsruthanna bánuisce i gceist, beidh tú ag gabháil do dhamhsa idir cumhacht na sruthanna agus do dhiongbháilteacht féin. Oibríonn do mhatáin i gcomhar lena chéile agus tú ag cadhcáil.
Galf Réaltachta Fíorúla - Is eispéireas tumthach idirghníomhach é galf réaltachta fíorúla a cheanglaíonn an spórt le teicneolaíocht cheannródaíoch. Caitheann imreoirí cluasáin réaltachta fíorúla chun dul isteach i dtimpeallacht gailf dhigiteach, áit ar féidir leo cúrsaí gailf réalaíocha a fheiceáil agus dul i mbun imeartha. Trí úsáid a bhaint as rialaitheoirí gluaiseachta, is féidir le himreoirí luascadh, amasú, agus dul tríd na cúrsaí fíorúla, ag soláthar eispéireas gailf níos tumtha agus níos fíre. Rianaítear sa teicneolaíocht gluaiseachtaí an imreora agus aistrítear go dtí an domhan fíorúil iad, rud a ligeann d’ionsamhlú an-tarraingteach agus réalaíoch gailf.
Ceardlanna cnaguirlisí - Faigh amach saol na rithime le ceardlanna cnaguirlisí ghrúpa an Cheolárais Náisiúnta. Le héascaitheoirí oilte, rachaidh tú ar thuras rithimeach ag fiosrú traidisiúin drumadóireachta an domhain. Tugann an cheardlann seo deis foghlaim faoi cheol le chéile i dtimpeallacht spraíúil idirghníomhach. Níl aon taithí drumadóireachta nó ceoil ag teastáil chun páirt a ghlacadh, agus cuirfear gach druma agus cnaguirlis ar fáil.
Taispeántas Snaidhm an Fhómhair - Tar i dteannta Rannóg Oideachais Ard-Mhúsaem na hÉireann – Saol na Tuaithe agus foghlaim conas Snaidhm an Fhómhair a dhéanamh. Is éard atá i snaihmeanna an fhómhair ná snaidhmeanna tuí fite a rinneadh mar chuid de cheiliúradh an fhómhair. Toisc go raibh gá le barr na bliana a tharraingt isteach de láimh, chuirfeadh na feirmeoirí rince ar siúl mar chomhartha buíochas ar fáil don phobal ar fad a chabhraigh le linn an ama ghnóthach seo den bhliain. Chaith aíonna snaidhmeanna an fhómhair. De ghnáth, rinneadh dhá chineál: chaitheadh na mná bréad ilchasta leis na diasa arbhair fós ceangailte agus bréad nach raibh chomh ornáideach a rinneadh do na fir. Uaireanta mhalartaigh daoine na snaidhmeanna seo mar chomharthaí geana. Chaith mná ina gcuid gruaige iad agus cheangail fir iad le héadaí ar a gcléibh.
Léirithe
Ceolfhoireann Thraidisiúnta Laoise - Bunaíodh an Cheolfhoireann in 2016 chun ardán a chur ar fáil don spéis láidir sa cheol traidisiúnta i measc daoine óga i gCo. Laoise.
Banna Rac-Cheoil Music Gen - Ná caill an grúpa seo de réaltaí rac-cheoil óga ag teacht díreach go dtí an Treabhdóireacht ó chroíthailte na hÉireann.
Cór Úcránach Malva - 25 ball de phobal na hÚcráine atá ina gcónaí i gContae Laoise.
Banna Cheol Tíre Bass Brothers - Daoine den Lucht Siúil atá sna ceoltóirí ar fad sa bhanna seo.
Grúpa Traidisiúnta Laoise – Tagann na 11 duine sa ghrúpa seo ó Cheolfhoireann Thraidisiúnta Laoise a fhaigheann tacaíocht ó Music Generation Laois.
Ag labhairt roimh an gComórtas Treabhdóireachta, dúirt an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin:
“Tá ionadaíocht láidir ar na healaíona, an cultúr agus an spórt ag an gComórtas Náisiúnta Treabhdóireachta arís i mbliana agus réimse iontach imeachtaí agus eispéiris beartaithe. Beidh ceoltóirí cumasacha ó go leor cúlraí agus traidisiúin éagsúla mar fhoinse iontach siamsaíochta do na cuairteoirí thar thrí lá an chomórtais. Tabharfaidh eispéiris ar nós na réaltachta fíorúla agus na réaltachta breisithe deis do chuairteoirí iad féin a thumadh i dteicneolaíochtaí cruthaitheacha nua. Chomh maith lenár gceardaíocht, ceardlanna ceoil agus taispeántais, tá rud éigin san Ollphuball a mbainfidh gach duine taitneamh as."
“Molaim do chuairteoirí go háirithe freastal ar thaispeántas an Chartlann Náisiúnta: On an Equal Footing with All: Ireland at the League of Nations, 1923-1946. Cuirfidh an taispeántas seo beocht i dtréimhse ríthábhachtach i stair na tíre agus taispeánfar doiciméid oifigiúla, grianghraif, cuimhní cinn agus litreacha, agus rianófar ann luath-eachtraí spreagúla an Stáit nua agus é ag tosú ar a fhéiniúlacht idirnáisiúnta a chruthú."
"Guím gach rath ar gach éinne atá ag taispeáint, ag léiriú agus ag glacadh páirte i gceardlanna agus ag roinnt a gcuid eolais agus a gcleachtais chruthaitheacha mar chuid de chlár imeachtaí na Roinne.”
Dúirt an tAire Stáit don Spórt agus don Ghaeltacht, Thomas Byrne, TD:
“Is iontach an rud é clár imeachtaí na Roinne don Chomórtas Náisiúnta Treabhdóireachta a fheiceáil i mbliana. Tá áthas ar leith orm a fheiceáil go mbeidh Spórt Éireann ag taispeáint a raon leathan seirbhísí agus gníomhaíochtaí agus go mbeidh siad ar fáil chun deiseanna sa spórt a chur chun cinn agus eolas a sholáthar do chuairteoirí ar obair na gComhlachtaí Rialaithe Náisiúnta, na Comhpháirtíochtaí Spóirt Áitiúla agus na Conairí. Guím gach rath ar gach duine a ghlacfaidh páirt in ollphuball na Roinne le linn trí lá na hócáide."