Ráiteas ón bhFoireann Éigeandála Sláinte Poiblí Náisiúnta - Déardaoin, an 21 Bealtaine 2020
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Cuireadh an tIonad Faireachais um Chosaint Sláinte (an IFCS) ar an eolas inniu go bhfuil bás faighte ag 12 dhuine, ar an iomlán, mar gheall ar COVID-19.
Tá 1,583 duine, ar an iomlán, tar éis bás a fháil in Éirinn go dtí seo a bhain le COVID-19.
Amhail 11am Déardaoin, an 21 Bealtaine, cuireadh an IFCS ar an eolas ar 76 cás nua deimhnithe de COVID-19. Tá 24,391 cás deimhnithe, ar an iomlán, de COVID-19 ann anois in Éirinn.
Tá FSS ag oibriú chun aon teagmhálacha a d’fhéadfadh na hothair a dhéanamh a shainaithint chun eolas agus comhairle a sholáthar dóibh chun cosc a chur ar an víreas a scaipeadh níos mó.
Tugann sonraí an lae inniu ón IFCS amhail meán oíche, Dé Máirt, an 19 Bealtaine (24,274 cás), an méid seo a leanas le fios:
Dúirt an Dr Ronan Glynn, an Leas-Phríomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte: “Cuireadh ar an eolas sinn ar mhéid ní ba lú ná 100 cás nua deimhnithe in Éirinn le 6 lá anuas. Tá seo an-dearfach agus taispeánann sé an méid a chuir gníomhartha an phobail teorainn ar scaipeadh an ghalair seo. Ní éireoidh linn leanúint le scaipeadh COVID-19 tríd an bpobal a chur faoi chois, áfach, ach trí bheith tiomanta i gcónaí do níochán lámh, béasaíocht riospráide agus scaradh fisiciúil.”
Dúirt an tOllamh Philip Nolan, Cathaoirleach Ghrúpa Comhairleach Samhaltaithe Eipidéimeolaíochta na hÉireann de chuid an FÉSPN; “Leanann feabhas ag teacht ar fhormhór na dtáscairí, agus leanann an líon daoine atá á dtabhairt go dtí an t-aonad dianchúraim agus an t-ospidéal, an líon cásanna sa lá agus an líon básanna sa lá ag laghdú. Tá leitheadúlacht an víris sa phobal íseal go fóill. Tá an uimhir atáirgthe go mór faoi bhun a haon, agus is é an tasc atá againn, mar sin, chun tarchur an víris a choimeád íseal.”