Cuireann an tAire Burke fáilte roimh laghdú 19.4% ar Bhásanna de thoradh Drugaí in 2021.
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Chuir an tAire Sláinte Poiblí, Folláine agus na Straitéise Náisiúnta Drugaí, Colm Burke fáilte inniu roimh fhoilsiú ón mBord Taighde Sláinte a léiríonn laghdú 19.4% ar líon na mbásanna de thoradh drugaí in 2021, i gcomparáid le 2020.
Léiríonn an tInnéacs Náisiúnta um Bhásanna de Thoradh Drugaí (NDRDI) go raibh 85 bás níos lú in 2021 (354) i gcomparáid le figiúr 2020 de 439.
Ag labhairt faoi na torthaí, dúirt an tAire Burke:
"Aithním an caillteanas agus an brón a mhothaíonn na teaghlaigh agus iad faoi mhéala ag bás duine muinteartha. Cé gur leor bás amháin, tá sé an-suntasach go bhfuil laghdú beagnach 20% tagtha ar líon na mbásanna de thoradh drugaí. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le soláthraithe seirbhíse drugaí agus le freagróirí éigeandála as a gcuid oibre chun an dochar a bhaineann le húsáid drugaí a laghdú trí chur chuige faoi stiúir na sláinte."
Dúirt an tAire Burke fosta:
"Is féidir an baol de bhásanna de thoradh ródháileoige drugaí a mhaolú tuilleadh trí dhaoine a theorú i dtreo gcóireála drugaí agus trí rochtain ar nalocsón a mhéadú, an leigheas le haghaidh ródháileoige a bhaineann le codlaidíneach. Tá méadú 50% tagtha ar líon na gcásanna atá ag baint úsáide as seirbhísí cóireála drugaí (os cionn 13,000 cás in 2023) mar gheall ar an infheistíocht bhreise i seirbhísí faoin straitéis náisiúnta drugaí. Thacaigh mé freisin leis an leathnú ar sheirbhísí seiceála drugaí faoi Chlár Safer Nightlife de chuid FSS. Beart coisctheach eile is ea an tsaoráid insteallta maoirsithe a oscailt i lár Chathair Bhaile Átha Cliath faoi dheireadh na bliana."
Leanann an Roinn Sláinte ag obair go dlúth le Grúpa Náisiúnta um Dhearbhú Cáilíochta Maoirseachta Nalocsóin de chuid Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS), chun aird a tharraingt ar na buntáistí a bhaineann le nalocsón agus chun nalocsón a chur ar fáil níos forleithne.
I mBuiséad 2024, cuireadh maoiniú €4 mhilliún ar fáil le seirbhísí drugaí sa phobal a leathnú chun seirbhísí nua a fhorbairt do na dhaoine óga sin atá gafa le drugaí agus a bhfuil fadhbanna meabhairshláinte acu. San iomlán, leithdháileann an Roinn Sláinte agus FSS thart ar €163 milliún do sheirbhísí drugaí agus alcóil gach bliain.
Chuir an tAire Burke leis an méid sin, ag rá:
"Aithníonn ár Straitéis Náisiúnta Drugaí agus Comhfhís, ár mbeartas náisiúnta meabhairshláinte, gur cheart go mbeadh rochtain ag daoine a bhfuil dédhiagnóis acu (a bhfuil fadhbanna le mí-úsáid substaintí agus fadhbanna meabhairshláinte acu araon) ar sheirbhísí agus tacaíochtaí meabhairshláinte cuí. Cuid lárnach de Chlár Dédhiagnóise FSS ab ea samhail chúraim a fhorbairt ina shonraítear conair chliniciúil shoiléir do gach ógánach agus gach duine fásta a bhfuil amhras ann go bhfuil dédhiagnóis acu, a chlúdaíonn comhtháthú thar chúram príomhúil, úsáid substaintí, seirbhísí meabhairshláinte sa phobal agus géarmhíochaine. Thacaigh Coláiste Síciatraithe na hÉireann leis an tSamhail Chúraim seo."
Mar fhocal scoir, dúirt an tAire Burke:
“Mholfainn d'aon duine a bhfuil imní orthu maidir lena n-úsáid drugaí, nó le húsáid duine muinteartha is acu, cuairt a thabhairt ar cheann de na 422 seirbhís drugaí atá ar fáil go náisiúnta. Tá léarscáil de sheirbhísí ar fáil, a chuireann eolas inseolta ar fáil go héasca faoi sheirbhísí áitiúla do dhaoine atá ag iarraidh teacht ar sheirbhísí chun dul i ngleic lena n-úsáid drugaí nó alcóil, agus do theaghlaigh agus do dhaoine eile a bhfuil imní orthu agus atá ag streachailt chun déileáil le húsáid drugaí nó alcóil a ndaoine muinteartha.
"De rogha air sin, is féidir leo teagmháil a dhéanamh le Líne Chabhrach Drugaí agus Alcóil FSS. Cuireann an tseirbhís seo líne chabhrach saorghlao rúnda ar fáil saor in aisce ó Luan go hAoine idir 9.30am agus 5.30pm. Is féidir teacht air ag 1800 459 459 nó trí ríomhphost a sheoladh chuig helpline@hse.ie."
An tInnéacs Náisiúnta um Bhásanna de Thoradh Drugaí
Maoiniú do sheirbhísí