Cúnamh faoi leith do Choláistí Samhraidh fógartha ag an Aire Martin agus ag an Aire Stáit Chambers
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá fógartha ag an Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin T.D agus Príomh-Aoire an Rialtais agus an tAire Stáit don Ghaeltacht agus don Spórt, Jack Chambers T.D. (inniu, 22 Deireadh Fómhair) go bhfuil ciste cobhsaithe ar fiú €1.7m bunaithe acu chun teacht i gcabhair ar earnáil na gcoláistí samhraidh. Tá an chistíocht á cur ar fáil de thoradh cúrsaí Gaeilge sa Ghaeltacht a bheith curtha ar ceal den dara samhradh as a chéile mar gheall ar COVID-19.
Faoin gciste faoi leith seo atá bunaithe, cuirfear buníocaíocht idir €500 agus €7,000 mar aon le híocaíocht ionann le €75 in aghaidh an scoláire ar fáil do choláistí incháilithe. Bunófar an íocaíocht iomlán ar an líon scoláirí a d’fhreastail ar chúrsaí samhraidh sa choláiste i gceist in 2019. Is faoi réir uasíocaíocht de €142,000 (2,000 scoláire) i leith gach coláiste ábhartha a bheadh an socrú seo le cur i bhfeidhm, rud a chuideodh le coláistí costais riaracháin, árachais agus cothabhála a chlúdach don bhliain reatha.
Tagann bunú na cistíochta seo sna sála ar an gciste €2.2m faoi leith a fógraíodh i mí Iúil chun tacú le teaghlaigh Ghaeltachta a chuireann lóistín ar fáil do scoláirí na gcoláistí Gaeltachta agus €240,000 do hallaí pobail na Gaeltachta chun dul i ngleic le tionchar COVID-19 ar earnáil na gcoláistí samhraidh.
In éindí leis an mbeart faoi leith seo ar leas na gcoláistí agus dóibh siúd a chaill amach ar an deis freastal ar chúrsaí samhraidh i mbliana agus anuraidh, tá fógartha ag an Roinn chomh maith go mbeidh an Roinn sásta mar eisceacht, gearrchúrsaí seachtaine nó coicíse a aithint faoi scéim na Roinne idir seo agus an samhradh seo chugainn faoi réir ghnáthchoinníollacha scéim na Roinne agus srianta reatha COVID-19.
Dúirt an tAire Martin:
“Is cinnte go bhfuil tábhacht ar leith le hearnáil na gcoláistí samhraidh sa Ghaeltacht, idir na deiseanna foghlama agus saibhrithe teanga a thugann siad do dhaoine óga, agus an teacht isteach luachmhar do na teaghlaigh agus pobail Ghaeltachta atá ag brath ar an ioncam sin. Mar aitheantas praiticiúil ar thábhacht na hearnála, déanann mo Roinn infheistíocht bhliantúil ar fiú os cionn €4m é ar leas na hearnála trí Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge de chuid mo Roinne. Cabhróidh an beart seo atá fógartha inniu lena chinntiú go mbeidh an earnáil cobhsaithe do 2022 oiread is féidir le go mbeidh coláistí Gaeilge ar ais faoi lán seoil an samhradh seo chugainn.”
Dúirt an tAire Stáit Chambers:
“Ós rud é gurb é seo an dara bliain as a chéile arbh éigean do chóras na gColáistí Gaeilge a chur ar ceal de bharr COVID-19, tá trí chiste ar leith bunaithe againn chun teacht i gcabhair ar na príomhpháirtithe leasmhara – na teaghlaigh Ghaeltachta a chuireann lóistín ar fáil do na scoláirí, na hallaí pobail a chuireann áiseanna ar fáil do na coláistí, agus anois tá tacaíocht ar leith á cur ar fáil do na coláistí féin.
“Idir an chistíocht seo agus an beart faoi leith atá á fhógairt chomh maith faoina mbeifear sásta mar eisceacht, gearrchúrsaí nach giorra ná seachtaine a aithint faoi scéim na Roinne idir seo agus samhradh 2022, beifear ag féachaint chuige go mbeidh an deis ag coláistí Gaeltachta ar spéis leo gearrchúrsaí a eagrú, agus freastal dá réir ar an dream a chaill amach ar chúrsa samhraidh sa Ghaeltacht de bharr COVID-19.
“De thoradh seo uile agus an méid atá déanta roimhe seo ar leas chóras na gcoláistí samhraidh féachfar chuige go mbeidh teacht aniar rathúil i ndán do choláistí an bhliain seo chugainn. Ina theannta sin uile agus de thoradh an chiste bhreise a bheidh ar fáil in 2022 do *Chlár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga* na Roinne, beimid in ann breathnú chun cinn anois ar cad eile is féidir a dhéanamh chun cabhrú leis an gcóras agus chun deiseanna breise a chur ar fáil do dhaoine óga nach bhfaigheadh an deis de ghnáth chun freastal a dhéanamh ar chúrsa samhraidh sa Ghaeltacht. Fógrófar beart eile maidir leis seo in am tráth”.
Is é cuspóir foriomlán na mbeart seo go léir tacú leis an earnáil filleadh go hiomlán ar ghnáthsheirbhís in 2022, rud a chuirfidh ar a cumas leanúint ar aghaidh ag cur leis an iarracht chórasach atá á déanamh chun tacú leis an nGaeilge agus leis an nGaeltacht de réir cuspóirí uileghabhálacha Phlean Gníomhaíochta 2018-2022 an Rialtais don Ghaeilge agus Straitéis 20 Bliain an Rialtais don Ghaeilge 2010-2030.