Táillí bailithe dramhaíola tí cobhsaí i mí Iúil
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Iúil 2020 – Is beag athrú atá tagtha ar na praghsanna atá gnólachtaí bailithe dramhaíola ag gearradh as dramhaíl tí a bhailiú. Sin an toradh is déanaí de chuid an Ghrúpa Faireacháin Praghsanna, a rinne anailís ar an margadh maidir le roinnt seachtainí déanacha i mí Iúil.
Bhí an fhormáid chéanna chun sonraí praghsála a dheimhniú in úsáid i mí Iúil agus a bhí roimhe sin. Tá na sonraí bunaithe ar anailís a rinneadh ar réimse gnólachtaí ceadúnaithe bailithe dramhaíola tí. Tá 19 gcomhlacht ar leith i gceist agus bíonn cuid acu ag feidhmiú i níos mó ná réimse amháin. Déantar monatóireacht ar 26 margadh san iomlán.
Le linn fheachtas rúnsiopadóireachta mhí Iúil, chuathas i dteagmháil le gnólachtaí trí scairt a chur orthu agus trína suíomhanna gréasáin a cheadú freisin.
Tá cúrsaí praghsála i dtaca le bailiú dramhaíola tí casta. Mar ab amhlaidh sna míonna roimhe seo, cuireann formhór na ngnólachtaí bailithe dramhaíola tí níos mó ná pacáiste bailithe dramhaíola tí amháin ar fáil, ach tá an chuid is mó acu ag díriú anois ar phacáiste aonair: táille sheirbhíse, lamháltas meáchain san áireamh, móide táille bharrachais in aghaidh an kg os cionn an lamháltais.
I mí Iúil, ní raibh aon athrú ar líon iomlán na bpacáistí praghsála, is é sin 8. Ar na pacáistí praghsála atá ar fáil tá táille sheirbhíse móide táille in aghaidh an kg meáchain, E-tag agus roghanna eile. Is é 48 líon iomlán na bpacáistí praghsála maidir le bailiú dramhaíola sna gnólachtaí a ndearnadh faireachán orthu – sin laghdú ar a haon ó bhí mí Feabhra ann (ní dearnadh aon mhonatóireacht i mí Mhárta, i mí Aibreán, i mí na Bealtaine ná i mí Mheithimh). Tá briseadh síos iomlán ar na tairiscintí seirbhíse uile le fáil sa chuid sin den tuarascáil seo ina bhfuil na sonraí tugtha.
Is iad seo a leanas na praghasluainithe i mí Iúil:
Is é seo a leanas cuspóir an Ghrúpa Faireacháin Praghsanna: a fháil amach an mbíonn luainiú ar na praghsanna a íocann sealbhóirí tí as bailiú dramhaíola tí, an luainiú sin a rianú, agus sa chás ina mbíonn luainiú ann, méid an luainithe a fháil amach. Is le rúnsiopadóireacht i gcion de na gnólachtaí ceadúnaithe bailithe dramhaíola a dhéantar seo. Ní féidir ainmneacha na ngnólachtaí a ndéantar faireachán gníomhach orthu a fhoilsiú, áfach, siocair nach ndéantar faireachán ar phraghsanna ach i gcuid den mhargadh agus ní sa mhargadh iomlán.
Tá ionadaithe ó na heagrais seo a leanas sa ghrúpa:
Go dtí seo, tá an Grúpa Faireacháin Praghsanna i ndiaidh theacht le chéile dhá uair is tríocha: 13 Meán Fómhair 2017, 11 Deireadh Fómhair, 14 Samhain, 12 Nollaig, 9 Eanáir 2018, 13 Feabhra, 13 Márta, 10 Aibreán, 14 Bealtaine, 20 Meitheamh, 17 Iúil, 14 Lúnasa, 11 Meán Fómhair, 16 Deireadh Fómhair, 14 Samhain, 11 Nollaig 2018, 15 Eanáir 2019, 12 Feabhra, 14 Márta, 9 Aibreán, 14 Bealtaine, 11 Meitheamh, 9 Iúil, 20 Lúnasa, 10 Meán Fómhair, 8 Deireadh Fomhair, 12 Samhain, 16 Nollaig 2019, 22 Eanáir 2020, 17 Feabhra, 10 Márta agus 11 Lúnasa 2020 (bhí briseadh ceithre mhí ann i monatóireacht praghsanna mar thoradh ar an ráig de COVID-19).
CRÍOCH
Cuirtear aighneachtaí chuig: pricemonitoringgroup@dccae.gov.ie
Tugtar ar aird gur bunaíodh an cuntas ríomhphoist seo le gur féidir le daoine eolas ábhartha faoi phraghsanna a chur chuig an nGrúpa. Déanfaidh an Grúpa an t-eolas uile a chuirfear chuige faoi phraghsanna a íocann úsáideoirí cónaithe as bailiú dramhaíola tí a mheas. Ar an drochuair, ní féidir leis an nGrúpa freagraí a chur ar ais ar na ríomhphoist a fhaigheann siad.