Preasráitis
Ceapachán Uachtarán an Choimisiúin um Athchóiriú an Dlí fógartha ag an Rialtas
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá an Breitheamh Onórach Frank Clarke ceaptha ag an Rialtas ina Uachtarán ar an gCoimisiún um Athchóiriú an Dlí ar feadh tréimhse cúig bliana inniu. D’éirigh an Breitheamh Clarke as ról an Phríomh-Bhreithimh sa bhliain 2021.
Is é ról an Coimisiún um Athchóiriú an Dlí an dlí a choinneáil faoi athbhreithniú agus taighde a dhéanamh d’fhonn an dlí a athchóiriú. Áirítear air seo an dlí a fhorbairt, códú an dlí (lena n-áirítear simpliú agus nua-chóiriú an dlí) agus leasú agus comhdhlúthú dlí reachtúil.