Todhchaí na Tuaithe: Fáiltíonn an tAire Humphreys roimh an deis plé a dhéanamh leis an bpobal Gaeltachta faoi straitéis nua inmharthanachta
Ó An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fháiltigh an tAire Forbartha Pobail agus Tuaithe, Heather Humphreys roimh an ócáid is déanaigh seo de chuid na sraithe Fóraim do Smaointe Tuaithe, ócáid a bhí dírithe ar an straitéis nua An Ghaeltacht Ghlas.
Reachtáladh an ócáid ar an gCeathrú Rua i nGaeltacht Chonamara, i gcomhpháirt le Údarás na Gaeltachta atá ag forbairt na straitéise don Ghaeltacht Ghlas. Tá an Ghaeltacht Ghlas luaite go sonrach i bpolasaí náisiúnta an rialtais ar an bhforbairt tuaithe, Todhchaí Cheantair Thuaithe na hÉireann. Ba é seo an chéad cheann sa tsraith ag raibh daoine in ann freastal ar an láthair.
Dúirt an tAire Humphreys:
“Tá ról rí-thábhachtach ag ceantair Ghaeltachta i saol agus i gcultúr na hÉireann agus tá deis iontach sa straitéis An Ghaeltacht Ghlas le inmharthanacht eacnamúil agus comhshaoil na Gaeltachta a fhorbairt. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le Údarás na Gaeltachta as ócáid an lae inniu a reáchtáil, an chéad ócáid de chuid na bhFóram Smaointe Tuaithe a raibh ar chumas dhaoine freastal ar an láthair. Gabhaim buíochas freisin le gach duine a ghlac páirt sa bplé cuimsitheach agus fiúntach inniu. “
Dúirt Rónán Mac Con Iomaire, Stiúrthóir Forbartha Réigiúnaí, Pobail & Pleanála Teanga Údarás na Gaeltachta:
“B’iontach na tograí suimiúla, fuinniúla atá a bhforbairt cheana féin ag pobail Ghaeltachta a fheiceáil inniu, a bhaineann le fuinneamh inmharthana, bithéagsúlacht agus an eacnamaíocht ghlas. Ta an Ghaeltacht Ghlas dírithe ar na deiseanna atá ann do phobail Ghaeltachta sna réimsí sin a thapú agus a fhorbairt. Tá deis ag pobal na Gaeltachta a bheith ag tús na cadhnaíochta sna hearnálacha seo, ag baint leasa as na hacmhainni nádúrtha inár dtimpeall agus tá Údarás na Gaeltachta ag iarraidh an próiseas sin a éascú dóibh. Aithníonn an tÚdarás an tábhacht a bhaineann le Gaeltacht inmharthana sa gciall is leithne; is é sin, Gaeltacht ina bhfuil pobail inmharthana, teanga inmharthana, fostaíocht inmharthana agus timpeallach inmharthana.”
CRÍOCH
Todhchaí Cheantair Thuaithe na hÉireann
Is polasaí uile-rialtais do cheantair thuaithe na hÉireann don tréimhse 2021-2025 é Todhchaí Cheantair Thuaithe na hÉireann. Is cloch-mhíle nua é sa gcur chuige i bpolasaí forbartha tuaithe in Éirinn agus is cur chuige níos straitéisigh, níos uaillmhanaigh agus níos iomláine é, i dtaobh infheistíochta agus cruthú deiseanna i gceantair tuaithe.
Foraim Smaointe Tuaithe
Is sraith imeachtaí atá sna Foraim Smaointe Tuaithe a chuimsíonn riar leathan de na réimsí polasaí atá mar chuid de Thodhchaí Cheantair Thuaithe na hÉireann. Beidh an deis acu siúd a fhreastalaíonn éisteacht le saineolaithe agus le páirtithe leasmhara, agus páirt a ghlacadh i ndíospóireachtaí ceardlainne. Seo an cúigiú ócáid sa tsraith, a thosaigh i 2021. Tá taifid de na chéad sheisiúin ar fáil anseo .