Pacáiste cuimsitheach le tacaíocht de os cionn €6 milliún euro do rannóg muisriúnach na hÉireann
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D'fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara Charlie McConalogue T.D. in éineacht lena chomhghleacaí, an Seanadóir Pippa Hackett, an tAire Stáit d'Úsáid Talamh agus Bithéagsúlacht le freagracht speisialta as Gairneoireacht inniu go mbeidh dhá scéim maoinithe á foilsiú chun éifeacht na muisiriún a fheabhsú sa rannóg.
Dúirt an tAire McConalogue: ''Tá ranníocaíochtaí luachmhara á dtabhairt ó rannóg na muisiriún d'eacnamaíocht na hÉireann le luach geata de €130 milliún in 2022. Táim iontach sásta an dá scéim seo a fhógairt le buiséad de €5 milliún a dhéanfar tacaíocht a thabhairt do shaothróirí, tithe stórais agus clóis múirín chun forbairt a dhéanamh ar cé chomh héifeachtach is a bheas an rannóg de bharr caillteanas ón mBreatimeacht.''
Tá an scéim Cúnaimh Infheistíochta 2023 d'Fhuinneamh, Éifeachtúlacht, Uathoibriú agus Próiseáil do Tháirgeoirí Muisiriún Thráchtála chomh maith leis an Scéim Cúnaimh Infheistíochta do tháirgeoirí nach táirgeoirí príomha iad i rannóg na muisriún agus an scéim Athsholáthar Móna déanta ag táirgeoirí tráchtála muisiriún deartha ionas go dtiocfaidh ardú ar an infheistíocht i rannóg na muisiriún (a bhfuil tionchar mór air de bharr na Breatimeachta), trí suas le 40% de chuidiú deontais a sholáthar do gach gnó le clóis múirín san áireamh, cuireann sé seo le déantúnas na muisiriún in Éirinn, le costais caipitil a bhaineann le trealamh agus áiseanna áirithe chun éifeachtúacht agus inbhuanaitheacht a ardú d'fhás, pacáistiú agus próiseáil na muisiriún.
I measc infheistíochta cáilithe do chúnamh tá:
• Foinsí fuinneamh inathnuaite d'fheirmeacha muisiriún, tithe pacáistiú agus monarchana próiseála
• uathoibriú agus éifeachtúlachta i bhfeirmeacha muisiriún agus tithe pacáistiú
• an t-infreastruchtúr chun táirgí bia nó púdair a dhéanamh as muisiriúin agus a bheith saor ó fheoil
Tá rannóg muisiriún na hÉireann ag brath ar mhargadh an RA mar spriocáit d'easphortáil dá chuid muisiriúin. Tá thart ar 80-85% do tháirgeadh na hÉireann á easphortáil go dtí an Ríocht Aontaithe (RA). De bharr go mbíonn achar gairid ag muisiriún ar an seilf agus de bharr na teorainneacha a bhíonn ag custaiméirí, níl sé inmharthana easpórtáil chuig an Eoraip.
Chomh maith leis sin, dhearbhaigh an tAire McConalogue agus an tAire Hackett go bhfuil tráinse nua de mhaoiniú BAR daingnithe chun tacaíocht a thabhairt do chur chun cinn na muisiriúin.
Dúirt an tAire Hackett: “Tá mé iontach sásta a fhógairt go bhfuil €1.01 milliún san iomlán bronnta ar Bhord Bia chun na muisiriúin a chur chun cinn in 2023 sa RA. Bhí sé an-chrua ar tháirgeoirín muisiriún le cúpla bliain anuas, le tionchar na Breatimeachta, costais ionchur ard agus laghdú ar easphortáil de bharr na paindéime. Déanfar an infheistíocht i gcur chun cinn na rannóg seo cinnte go gcoinneofar muisiriúin i gciseáin siopadóireachta an RA agus ar phlátaí dinnéir an RA. Is bealach inbhuanaithe agus cothaitheach iad muisiriúin na hÉireann chun aon teaghlach a bheathú agus a líonadh.”
CRÍOCH
Nóta d'Eagarthóirí:
• Tá an scéim Cúnaimh Infheistíochta 2023 d'Fhuinneamh, Éifeachtúlacht, Uathoibriú agus Próiseáil do Tháirgeoirí Muisiriún Thráchtála chomh maith leis an Scéim Cúnaimh Infheistíochta do tháirgeoirí nach táirgeoirí príomha iad i rannóg na muisriún agus an scéim Athsholáthar Móna déanta ag táirgeoirí tráchtála muisiriún maoinithe 100% ag an Aontas Eorpach (AE) faoin gCiste Ceartú Cúltaisce na Breatimeachta.
• Is é an spriocdháta d'iarratais críochnaithe a fháil faoin dá scéim seo ná meánoíche, Aoine an 28ú Iúil 2023.
• Is féidir Foirmeacha Iarratais mar aon leis na Téarmaí agus Coinníollacha na Scéime a fháil ar shuíomh idirlín an DAFM anseo nó trí ríomhphost a chur chuig mushroomgrants@agriculture.gov.ie