Faigheann an tAire Ryan ceadú ón gComh-aireacht chun cistiú suntasach ón Aontas Eorpach a dhíriú ar réigiún an Láir Tíre
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Fuair Eamon Ryan, an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, ceadú ón gComh-aireacht inniu chun cistiú suntasach ón Aontas Eorpach a úsáid chun tacú le réigiún an Láir Tíre de réir mar a bhogann Éire ar shiúl ó bhreoslaí iontaise.
Is as Ciste an Aontais Eorpaigh um Aistriú Cóir a thiocfaidh an cistiú, ar fiú beagnach €169 milliún é. Spriocdhíreofar an cistiú ar an réigiún thar an gcéad deich mbliana eile chun poist ghlasa nua a ghiniúint, chun fiontraíocht a spreagadh, chun turasóireacht inbhuanaithe a mhéadú, chun tailte móna damáistithe a athchóiriú agus chun maolú a dhéanamh ar thionchair gheilleagracha an aistrithe chuig an aeráidneodracht.
Bainfidh Gaillimh thoir, Cill Dara, Laois, an Longfort, Tiobraid Árann thuaidh, Uíbh Fhailí, Ros Comáin agus an Iarmhí tairbhe as an gciste, a bhfuil mar aidhm leis aghaidh a thabhairt ar na tionchair fostaíochta, gheilleagracha, shóisialta agus chomhshaoil a bhaineann leis an aistriú ar shiúl ó mhóin a tháirgeadh agus ó leictreachas a ghiniúint ó mhóin.
Áirítear leis an bplean cistiú le haghaidh Ionad Barr Feabhais a bhunú, rud a bheidh ar thús cadhnaíochta taighde nua ar laghdú a dhéanamh ar astaíochtaí ó ithreacha orgánacha trí obair i gcomhar le feirmeoirí chun modhanna nua bainistíochta talún a thástáil ar ithreacha móna. Áirítear leis freisin pleananna le haghaidh an t-iompar poiblí a bhunathrú chun feabhais sa réigiún.
D’ullmhaigh Éire Plean Críochach um Aistriú Cóir agus plean gaolmhar ina leagtar amach na gníomhaíochtaí a dtacófar leo faoin gciste. Sainaithníodh mór-réigiún an Láir Tíre mar an limistéar a ndéanfar an dochar is mó dó in Éirinn mar thoradh ar stáisiúin chumhachta atá spleách ar mhóin a dhúnadh.
Díreofar i gClár an Aontais Eorpaigh um Aistriú Cóir ar na nithe seo a leanas:
Dúirt an tAire Ryan:
"Tá an rialtas tiomanta d’aistriú cóir a bhaint amach i réigiún an Láir Tíre chun a chinntiú nach bhfágfaimid aon duine inár ndiaidh de réir mar a bhogaimid ar shiúl ó bhreoslaí iontaise agus i dtreo todhchaí nua a bheidh inbhuanaithe agus a bheidh neodrach ó thaobh carbóin de. Beimid ag leithdháileadh cistiú tiomnaithe suntasach chun tacú le hoibrithe, cuideachtaí agus pobail a ndéanfar difear dóibh mar thoradh ar mhóinstáisiúin chumhachta a dhúnadh agus mar thoradh ar an deireadh a chuirfear le saothrú móna.
"Leis an gciste, tacófar le raon éagsúil tionscadal nuálach lena rannchuideofar le hinbhuanaitheacht gheilleagrach, shóisialta agus comhshaoil mhór-réigiún an Láir Tíre. Áireofar leis sin moil fiontair nua a fhorbairt, tacú le forbairt gnólachtaí áitiúla agus forbairt pobal áitiúil, taighde agus staidéir thaiscéalaíocha a dhéanamh, tionscadail turasóireachta agus oidhreachta a sheoladh, glasbhealaí a fhorbairt, agus deiseanna a sholáthar le haghaidh athoiliúint.
"Cisteofar bunathrú chun feabhais ar an gcóras iompair phoiblí freisin, agus tús áite á thabhairt do thacaíocht le haghaidh seirbhísí Nasc Tuaithe a leictriú, seirbhísí bus tráchtála a leictriú agus bonneagar luchtaithe ceann scríbe a chur i bhfeidhm le haghaidh feithiclí leictreacha, ar mhaithe le ceann amháin de na háiteanna is tarraingtí sa tír chun cónaí ann agus chun cuairt a thabhairt air a dhéanamh de réigiún an Láir Tíre."
Tá Plean agus Clár an Aontais Eorpaigh um Aistriú Cóir le glacadh go foirmiúil ag an gCoimisiún Eorpach an mhí seo chugainn. Beidh tuilleadh mionsonraí faoin gClár ar fáil go luath sa bhliain 2023.
CRÍOCH
Leagtar amach sa Phlean Críochach um Aistriú Cóir faoi Chiste an Aontais Eorpaigh um Aistriú Cóir na tionchair a imreofar ar an gcríoch a ndéanfar an dochar is mó di in Éirinn de réir mar a bhogaimid ar shiúl ó bhreoslaí iontaise, agus sainaithnítear ann na riachtanais forbartha a bheidh ag an gcríoch chun aghaidh a thabhairt ar na drochthionchair sin.
Leagtar amach sa Chlár um Aistriú Cóir faoi Chiste an Aontais Eorpaigh um Aistriú Cóir na tosaíochtaí infheistíochta agus an leithdháileadh beartaithe caiteachais atá ann chun aghaidh a thabhairt ar na tionchair dhiúltacha atá sainaitheanta sa chlár.
Ós rud é go bhfuil Ciste an Aontais Eorpaigh um Aistriú Cóir faoi 'bhainistíocht chomhroinnte' (cosúil le Cistí Struchtúracha eile ón Aontas, amhail Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (ESF+), ní mór don rialtas agus don Choimisiún Eorpach araon é a cheadú. Meastar go gceadóidh an Coimisiún go foirmiúil é faoi dheireadh na bliana 2022.