Ráiteas ón Aire Ryan maidir leis an bpacáiste tacaíochtaí chun dul i ngleic le méaduithe ar an gcostas maireachtála
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
"Tuigim go rímhaith an tionchar atá ag méaduithe le déanaí ar an gcostas maireachtála ar theaghlaigh. Bhí ról suntasach ag costais mhéadaithe fuinnimh sa mhéid sin, mar gheall ar chostais fuinnimh atá ag ardú go hidirnáisiúnta. Chonaiceamar freisin go n-ardóidh leibhéil bhoilscithe ar fud an gheilleagair, rud a théann i bhfeidhm ní amháin ar ár mbillí fóntais ach ar shiopadóireacht agus ar bhillí teaghlaigh eile freisin.
"Táimid ag méadú an chreidmheasa leictreachais do gach teaghlach go €200¹, mar chuid de phacáiste beart an rialtais a d'fhógair mé le déanaí. Is ionann seo agus nach mór dhá oiread an méid a samhlaíodh ar dtús, mar aitheantas ar bhrúnna méadaithe ar thomhaltóirí agus ar shealbhóirí tí. Cuirfear i bhfeidhm go luath é.
"Tá an Bille os comhair an Oireachtais faoi láthair agus achtófar é faoi thús mhí an Mhárta. Tabharfaidh sé an deis don scéim a bheith feidhmiúil faoi dheireadh mhí an Mhárta, agus beidh íocaíochtaí le feiceáil ar bhillí de réir mar a eiseofar iad ansin. Beidh sé uathoibríoch. Ní beidh ar dhaoine iarratas a chur isteach.
"Chomh maith leis an obair a rinne mo Roinn ar an gcreidmheas leictreachais de €200, táimid ag obair freisin ar raon tionscnamh chun billí fóntais agus costais teaghlaigh a laghdú – ar bhonn buan.
"Tiocfaidh méadú suntasach ar líon na n-uasghráduithe fuinnimh saor in aisce dóibh siúd is mó atá i mbaol bochtaineachta fuinnimh sa Scéim Náisiúnta Iarfheistithe nua - ó 177 uasghrádú in aghaidh na míosa anuraidh go 400 in aghaidh na míosa. Tá ráta deontais feabhsaithe speisialta ann dóibh siúd nach bhfuil incháilithe d'uasghrádú fuinnimh saor in aisce. Is ionann é agus 80% den ghnáthchostas, agus tá sé ar fáil anois do chách d'fhonn insliú áiléir agus cuasbhalla, chun úsáid fuinnimh teaghlaigh a laghdú láithreach bonn.
"Tuigim go maith ról an Rialtais i leith cúnamh a thabhairt do shaoránaigh le linn na tréimhse corrach seo, go háirithe iad siúd is measa atá buailte. Tá mé féin agus m'oifigigh tiomanta i gcónaí leanúint lenár n-iarrachtaí chun a chinntiú go ndéanaimidne, agus na gníomhaireachtaí ábhartha atá faoi mo chúram, gach bealach a fhiosrú chun iad siúd is mó atá i ngátar a aithint agus chun cabhrú leo."
*€200¹ - Tá creidmheas €176 le cur i bhfeidhm gan CBL san áireamh. Ciallaíonn sé seo gurb é €200 an tionchar iomlán a bheidh ag gach cuntas leictreachais intíre.
CRÍOCH