Glao ar thairiscintí faoin gCiste um Athghiniúint agus Forbairt Tuaithe, ar fiú €1 billiún é, seolta ag an Aire Ring
Ó An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá glao ar thairiscintí faoi Chatagóir 2 de Chiste um Athghiniúint agus Forbairt Tuaithe an Rialtais, atá ina dhlúthchuid de Thionscadal Éireann 2040, seolta ag Michael Ring TD, an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail, inniu.
Faoi Thionscadal Éireann 2040, déanfar infheistíocht €1 billiún a chur ar fáil tríd an gCiste um Athghiniúint agus Forbairt Tuaithe, arna riar ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail, thar thréimhse 10 mbliana chun tacú le hathnuachan bailte beaga, sráidbhailte agus ceantair thuaithe máguaird trí thionscadail bhunathraitheacha ar mhórscála. Tá maoiniú tosaigh €315 milliún le leithroinnt ar bhonn céimnithe le linn na tréimhse 2019 go dtí 2022.
Tugtar tacaíocht faoi Chatagóir 2 den Chiste um Athghiniúint agus Forbairt Tuaithe i ndáil le forbairt tionscadal ag na luathchéimeanna d'fhonn a chur ar a gcumas céim a bhaint amach ina bhfuil forbairt d'ardchaighdeán déanta ar an smaoineamh agus go bhfuil an tionscadal ag staid lenar féidir tús a chur leis an obair. Is féidir le lucht na dtionscadal cur isteach ar mhaoiniú breise ina dhiaidh sin faoi Chatagóir 1 den Chiste, faoina dtugtar tacaíocht chun na tionscadail a bhfuil cead iomlán pleanála agus an toiliú eile is gá faighte acu ina leith a chríochnú agus a chur ar fáil.
Nuair a bhí oscailt an ghlao ar thairiscintí don Chiste seo á fhógairt ag an Aire Ring dúirt sé :
"Is ionann an Ciste um Athghiniúint agus Forbairt Tuaithe agus deis nach bhfacthas roimhe seo chun an méid infheistíochta atá de dhíth a dhéanamh lena chur ar chumas pobail faoin tuath leanúint den rath agus cuidiú le forás réigiúnach cothrom a bhaint amach. Tá tionchar an chiste le brath cheana féin faoin tuath in Éirinn.
"Nuair is Ciste 10 mbliana atá i gceist, tá sé tábhachtach go gcuirfimis an tacaíocht cheart ar fáil d'fhonn cuidiú le fís a fhorbairt go dtí pointe go bhfuiltear réidh le tosú ag sluaisteáil. Bíonn an t-uafás oibre i gceist chun tionscadal a thabhairt chomh fada leis an bpointe sin.
"Is féidir an maoiniú faoi Chatagóir 2 a úsáid ar mhaithe le réimse cuspóirí - ina measc mar shampla - chun leagan amach mionsonraithe an tionscadail a fhorbairt, ullmhúchán a dhéanamh don phróiseas pleanála agus, más gá, an mhaoin nó an talamh atá i gceist a cheannach.
"Táim ag súil leis na tograí iontacha a thiocfaidh chun cinn le linn an phróisis seo a fheiceáil".
Féachtar leis an gCiste tacú le tograí a chuirfidh borradh faoi ghníomhaíocht níos mó inár gcuid bailte agus sráidbhailte tuaithe agus is féidir leo a bheith bainteach le, mar shampla, forbairt fiontar, cultúir, pobail, áineasa nó turasóireachta.
Is féidir le hÚdaráis Áitiúla, Cuideachtaí Forbartha Áitiúla, gníomhaireachtaí Stáit, Ranna Rialtais eile, maoinitheoirí daonchairdiúla, an earnáil phríobháideach agus an pobal cur isteach air. Ní mór don Phríomhpháirtnéir a bheith ina chomhlacht Státmhaoinithe ach spreagtar obair i gcomhar idir páirtithe, lena n-áirítear pobail.
Is é 12pm Dé hAoine an 28 Feabhra 2020 an dáta deiridh le tograí a bheith faighte ag an Roinn. Ní mór iarratais a sheoladh go leictreonach ar an bhfoirm iarratais oifigiúil agus is féidir teacht uirthi ar láithreán gréasáin na Roinne Forbartha Tuaithe agus Pobail.
Is féidir na sonraí ar fad maidir leis an gCiste um Athghiniúint agus Forbairt Pobail a fháil ar gov.ie ag: https://www.gov.ie/en/policy-information/c77144-rural-regeneration-and-development-fund/
Tá treoircháipéis curtha i dtoll a chéile ag an Roinn, ar féidir teacht uirthi ar láithreán gréasáin na Roinne, do dhuine ar bith atá ag iarraidh tuilleadh eolais a fháil faoin nglao ar iarratais faoin gCiste. Ina theannta sin, tionólfaidh an Roinn seisiún eolais do pháirtithe leasmhara a bhaineann leis an nglao ar iarratais seo faoi Chatagóir 2.
Tionscadal Éireann 2040 – An Ciste um Athghiniúint agus Forbairt Tuaithe
Is é Tionscadal Éireann 2040, beartas agus creat pleanála uileghabhálach an Rialtais maidir le forbairt shóisialta, gheilleagrach agus chultúrtha na hÉireann. Áirítear ann plean infheistíochta caipitil mionsonraithe don deich mbliana amach romhainn, an Plean Forbartha Náisiúnta (NDP) 2018-2027, agus an Creat Náisiúnta Pleanála ina leagtar amach prionsabail agus tosaíochtaí níos leithne chun fás ar an daonra agus ar an ngeilleagar suas go dtí an bhliain 2040 a phleanáil.
Mar chuid de Thionscadal Éireann 2040 bunaíodh ceithre chiste caipitil :
Bunaíodh an Ciste um Athghiniúint agus Forbairt Tuaithe chun an sprioc atá i bPlean Forbartha Náisiúnta 2018-2027, Geilleagair agus Pobail Thuaithe Neartaithe, a thabhairt i gcrích agus is thar tréimhse 10 bliana a chuirfear i bhfeidhm é. An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail a dhéanann an Ciste a riar.
Faoin gCiste seo, cuirfear infheistíocht ar fáil chun tacú le tionscadail oiriúnacha i mbailte agus sráidbhailte ina bhfuil daonra níos lú ná 10,000 duine, chomh maith leis na ceantair timpeall orthu, a bhainfidh amach aidhmeanna Thionscadal Éireann 2040 chomh maith le forbairt gheilleagrach agus shóisialta inbhuanaithe a bhaint amach sna réimsí sin. Tá maoiniú tosaigh €315 milliún leithroinnte ar an gciste ar bhonn céimnithe le linn na tréimhse 2019 go dtí 2022.
Tá glaonna ar iarratais ar an gCiste á lorg faoi dhá chatagóir. Baineann Catagóir 1 le tionscadail a bhfuil an phleanáil agus an toiliú go léir is gá faighte ina leith agus a bhfuiltear réidh le tús a chur leo, agus baineann Catagóir 2 le tionscadail a raibh tuilleadh forbartha ag teastáil ina leith chun go mbeidís ullamh le stádas Chatagóir 1 a bhaint amach. Baineann an glao atá déanta ag an Aire inniu le Catagóir 2, obair forbartha tionscadail, a chuideoidh leis an tionscadal a bheith ullamh lena chur ar fáil.
Tháinig deireadh leis an gcéad ghlao ar iarratais ar an gCiste i Meán Fómhair 2018. Mar thoradh ar an gcéad ghlao, fógraíodh 38 dtionscadal faoi Chatagóir 1 agus 46 thionscadal faoi Chatagóir 2 ar éirigh leo, agus cuireadh €86m ar fáil ón gCiste chun tacú le tionscadail arbh fhiú €117m iad.
Tháinig deireadh leis an dara glao ar iarratais faoi Chatagóir 1 ar an gCiste um Athghiniúint agus Forbairt Tuaithe i mí Lúnasa 2019. Mar thoradh ar an dara glao, ceadaíodh maoiniú €62 milliún le haghaidh 26 thionscadal chun tacú le tionscadail a chosain €95 milliún.
Go dtí seo, tá €148 milliún curtha ar fáil anois do 110 dtionscadal ar fud na hÉireann faoin gCiste, ar fiú €212 milliún ar an iomlán iad.
Tuilleadh eolais: https://www.gov.ie/en/publication/7be140-test/