Osclaíonn an tAire Humphreys iarratais ar Liúntas Éadaí agus Coisbhirt chun Filleadh ar Scoil 2022
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’oscail an tAire Coimirce Sóisialaí, Heather Humphreys, TD, na hiarratais ar Liúntas Éadaí agus Coisbhirt chun Filleadh ar Scoil 2022.
Soláthraíonn an Liúntas Éadaí agus Coisbhirt chun Filleadh ar Scoil íocaíocht aonuaire do theaghlaigh incháilithe i dtreo an chostais a bhíonn ar éadaí agus coisbheart scoile. Thacaigh an scéim le breis agus 137,000 teaghlach anuraidh trí chúnamh a thabhairt le costais chun filleadh ar an scoil.
Méadaíodh na rátaí íocaíochta do gach leanbh i mbliana €10 aníos go dtí €160 do leanaí idir 4 agus 11 bhliain d’aois, agus go dtí €285 do leanaí 12 bhliain d’aois agus níos sine atá in oideachas dara leibhéal.
Bainfidh teaghlaigh na hÚcráine a bhog go hÉirinn mar gheall ar an gcogadh tairbhe faoin scéim freisin.
Agus an scéim á hoscailt go foirmiúil, dúirt an tAire Humphreys:
“Tá gliondar croí orm a fhógairt go bhfuil an Liúntas Éadaí agus Coisbhirt chun Filleadh ar Scoil don bhliain 2022 ar oscailt anois d’iarratais.
“Tá gliondar croí orm breis agus €58 milliún a fháil don scéim i mbliana - a aithníonn na brúnna atá ar theaghlaigh ag a bhfuil leanaí a fhreastalaíonn ar an scoil ag an tráth seo den bhliain.
“Mar chuid de roinnt bearta spriocdhírithe i mBuiséad 2022, tá na rátaí íocaíochta á méadú agam i mbliana.
“Táim tar éis an cháilitheacht a fhairsingiú freisin do thuismitheoirí aonair trí na teorainneacha ioncaim a mhéadú do theaghlaigh thuismitheora aonair go mbeidh siad mar an gcéanna leo siúd de chuid teaghlaigh bheirt tuismitheoirí.
Dúirt an tAire Humphreys freisin:
“Próiseálfaidh agus eiseoidh mo Roinn íocaíochtaí uathoibríocha do 120,000 teaghlach in Iúil agus spreagfainn gach teaghlach a gcáilitheacht don scéim thábhachtach seo a sheiceáil.
“Íocfar an Liúntas Éadaí agus Coisbhirt chun Filleadh ar Scoil freisin le teaghlaigh a bhfuil an Treoir Cosanta Sealadaí don Úcráin á cur ar fáil dóibh de réir na gcritéar cáilitheachta céanna a chuirtear i bhfeidhm ar theaghlaigh Éireannacha.
“Tá an scéim seo thar a bheith tábhachtach i dtaobh tacú le teaghlaigh déileáil le tráth an-chostasach den bhliain.
“Spreagfainn duine ar bith a lorgaíonn eolas breise ar an scéim seo teagmháil a dhéanamh lena nOifig Intreo áitiúil nó cuairt a thabhairt ar MyWelfare.ie.”
Íocfar íocaíochtaí an Liúntais Éadaí agus Coisbhirt chun Filleadh ar Scoil le 120,000 teaghlach maidir le thart ar 212,000 leanbh i rith na seachtaine dar tús an 11 Iúil.
Tá na híocaíochtaí seo á bpróiseáil ag an Roinn Coimirce Sóisialaí agus gheobhaidh custaiméirí deimhniú scríofa i leith a dteidlíochta faoin tseachtain seo (an tseachtain dar tús an 20 Meitheamh), a chuirfidh ar an eolas iad ar a dteidlíocht uathoibríoch.
Ba cheart do theaghlaigh nár tugadh fógra dóibh ón Roinn maidir le híocaíocht uathoibrithe iarratas a dhéanamh ar líne ag MyWelfare.ie fiú má fuair siad íocaíocht anuraidh.
Soláthraíonn an Liúntas Éadaí agus Coisbhirt chun Filleadh ar Scoil íocaíocht aonuaire do theaghlaigh incháilithe i dtreo an chostais a bhíonn ar éadaí agus coisbheart scoile.
Is é an liúntas a íoctar do gach leanbh incháilithe atá idir 4 agus 11 bhliain d’aois an 30 Meán Fómhair 2022 nó roimhe sin €160 agus íoctar liúntas €285 do gach leanbh incháilithe idir 12 agus 22 bliain d’aois an 30 Meán Fómhair 2022 nó roimhe sin. Caithfidh scoláirí idir 18 agus 22 bliain d’aois a bheith ag filleadh ar oideachas dara leibhéal lánaimseartha i scoil nó coláiste aitheanta i bhfómhar 2022 chun teidlíocht d’íocaíocht a choimeád.
Beidh línte gutháin tiomnaithe ag feidhmiú ag an Roinn, 071-919-3318 agus 0818-11-11-13, le fiosrúcháin a fhreagairt a bhaineann leis an Liúntas Éadaí agus Coisbhirt chun Filleadh ar Scoil i rith gnáthuaireanta gnó ó Luan go hAoine ó 9.00am go 5.00pm. Bíonn an rogha ag daoine chomh maith ríomhphost a sheoladh chuig an Roinn ag bscfa@welfare.ie má bhíonn fiosrúchán acu i dtaca lena n-iarratas nó teidlíocht.
Is é an dáta deiridh chun iarratas a dhéanamh ar Liúntas Éadaí agus Coisbhirt chun Filleadh ar Scoil na bliana seo an 30 Meán Fómhair 2022.
Tá eolas breise ar na critéir cháilitheachta don Liúntas Éadaí agus Coisbhirt chun Filleadh ar Scoil ar fáil ag gov.ie/bscfa