Síneadh ama á chur le spriocdhátaí 2024 maidir le hIarratas ar Mhaolú Níotráití agus Bandáil Déiríochta
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue, TD, inniu go bhfuil síntí á gcur leis na spriocdhátaí chun iarratais ar Mhaolú Níotráití a chur isteach do 2024 agus chun go ndeimhneoidh feirmeoirí déiríochta a mbanda maidir le ráta eisfheartha déiríochta do 2024.
• Tá síneadh á chur leis an Iarratas ar Mhaolú Níotráití 2024 go dtí Dé hAoine an 26 Aibreán 2024.
• Tá síneadh á chur le spriocdháta 2024 an Bhanda maidir le Ráta Eisfheartha Déiríochta go dtí Dé Céadaoin an 15 Bealtaine 2024.
Dúirt an tAire McConalogue:
“I bhfianaise na ndálaí aimsire a leanann de bheith dúshlánach, tuigim go bhfuil brú ar fheirmeoirí agus ar a gcomhairleoirí na tacaíochtaí is gá a chur ar fáil le linn na tréimhse seo. Shocraigh mé na síntí sin ionas go mbeidh an t am is gá ag feirmeoirí chun plé a dhéanamh go héifeachtach lena gcomhairleoir.”
Bhíothas le tairseach na Roinne ar líne maidir le hiarratas ar mhaolú www.agfood.ie le dúnadh le haghaidh iarratas ag meán oíche an 19 Aibreán 2024. Leanfaidh sí de bheith ar oscailt anois go dtí meán oíche Dé hAoine an 26 Aibreán 2024. Ba cheart dóibh sin ag a bhfuil rún iarratas a dhéanamh dul i dteagmháil lena gcomhairleoir láithreach mura bhfuil an méid sin déanta acu cheana.
Meabhraítear freisin d’fheirmeoirí a chuir isteach ar Mhaolú Níotráití in 2023 go gcaithfidh siad Cuntais Leasacháin don bhliain 2023 a chur isteach faoin dáta deiridh athbhreithnithe an 26 Aibreán 2024.
Dúirt an tAire McConalogue freisin:
“Ach síneadh a chur leis an spriocdháta chun banda ráta eisfheartha de chuid tréad ba bainne a dheimhniú do 2024, éascófar aighneachtaí a dhéanamh le linn d’fheirmeoirí bualadh le comhairleoirí chun a n iarratais BISS a thabhairt chun críche, iarratais atá le cur isteach faoin 15 Bealtaine.”
• Is féidir Banda Níotráití do Bha Déiríochta 2024 maidir le tréada ba bainne a chur isteach ar líne trí shuíomh gréasáin Chónaidhm Phórú Eallaigh na hÉireann (ICBF).
Meabhraítear d’fheirmeoirí nach bhfuil an beart roghnach d’fheirmeoir déiríochta leibhéal garbhphróitéine níos ísle a thabhairt dá dtréad agus ráta eisfheartha cothaitheach laghdaithe a bhaint amach ar fáil ach dóibh sin a chuireann a mbanda isteach trí ICBF.
Don chohórt beag feirmeoirí nár thoiligh lena gcuid sonraí bainne a roinnt le ICBF, éilítear ar na feirmeoirí sin foirm láimhe a chomhlánú, rud atá le fáil lena híoslódáil ar shuíomh gréasáin na Roinne ag: www.gov.ie/nitrates
DEIREADH