Ceapann an tAire Ryan Marie Donnelly mar Chathaoirleach agus an tOllamh Peter Thorne mar chomhalta den Chomhairle Chomhairleach um Athrú Aeráide
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá ceapacháin nua déanta ag an Aire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, Eamon Ryan TD, don Chomhairle Chomhairleach um Athrú Aeráide, tar éis téarma reachtúil cúig bliana na Comhairle reatha teacht i gcrích.
Ceapadh Marie Donnelly, iar-Ard-Stiúrthóir an Choimisiúin Eorpaigh le freagracht as Éifeachtúlacht Fuinnimh, Fuinneamh In-athnuaite agus Nuálaíocht, mar Chathaoirleach na Comhairle. Fanfaidh an tOllamh John Fitzgerald, cathaoirleach atá ag dul as oifig ar an gComhairle Chomhairleach um Athrú Aeráide, ar an gComhairle mar ghnáthchomhalta.
Is iar-Stiúrthóir um In-athnuaiteáin, Éifeachtúlacht Fuinnimh agus Nuálaíocht í Ms Donnelly in Ard-Stiúrthóireacht Fuinnimh an Choimisiúin Eorpaigh agus rinne sí maoirseacht ar chur chun feidhme na bpríomh-Threoracha a bhaineann le fuinneamh san AE le deich mbliana anuas. Ó chuaigh sí ar scor, tá Ms Donnelly ag tacú go gníomhach le haistriú fuinnimh na hÉireann trí raon post deonach in eagraíochtaí sóisialta, taighde agus ionadaíocha.
Tá an tOllamh Peter Thorne ar dhuine de phríomheolaithe aeráide na hÉireann agus tá sé ar dhuine de na príomhúdair ar an Séú Tuarascáil Mheasúnaithe ar an bPainéal Idir-Rialtasach maidir leis an Athrú Aeráide (PIAA). Tá an tOllamh Thorne ina Ollamh le Tíreolaíocht Fhisiciúil (Athrú Aeráide) in Ollscoil Mhá Nuad in Éirinn agus tá sé ina Stiúrthóir ar an ngrúpa AonadS um Anailís Aeráide agus Taighde na hÉireann (ICARUS).
Fanfaidh an tOllamh Ottmar Edenhofer, Stiúrthóir agus Príomheacnamaí ag Institiúid Potsdam um Thaighde Tionchair Aeráide ina ghnáthchomhalta freisin.
Dúirt an tAire Ryan:
“Tá an-áthas orm Marie Donnelly a fhógairt mar Chathaoirleach nua na Comhairle um Athrú Aeráide agus an Dr Peter Thorne mar chomhalta nua den Chomhairle. Tá tacair scileanna suntasacha ag an mbeirt acu agus neart taithí i gcúrsaí aeráide agus fuinnimh a bheidh thar a bheith luachmhar i sainordú feabhsaithe na Comhairle, lena n-áireofar comhairle ar bhuiséid charbóin.
“Tá ríméad orm go leanfaidh an tOllamh FitzGerald mar chomhalta den Chomhairle i bhfianaise an tsaibhris saineolais atá aige agus a ról mar chathaoirleach ar an gComhairle ina chéad téarma. Táim an-bhuíoch do John agus do chomhaltaí na Comhairle atá ag éirí as oifig as a gcuid oibre le cúig bliana anuas ag bunú na Comhairle mar phríomhabhcóide gníomhaíochta agus mar uaillmhian i bhforbairt agus i gcur chun feidhme bheartas aeráide na hÉireann.”
Ceapfaidh an tAire Ryan na comhaltaí eile den Chomhairle Chomhairleach go foirmiúil, chun éifeacht a thabhairt d’fhorálacha an Bhille um Ghníomhaíocht Aeráide agus Forbairt Ísealcharbóin (Leasú) 2021, ar chríochnú rith an Bhille tríd an Oireachtas. Cuimseofar ar na ceapacháin eile saineolaithe maidir le bithéagsúlacht, aistriú cóir, iompar inbhuanaithe, agus cumarsáid aeráide i measc réimsí taithí eile.
Is iad a leanas an ceathrar comhaltaí ex-officio den Chomhairle atá ann cheana; fanfaidh Ard-Stiúrthóir ar an nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil, Príomhfheidhmeannach Feidhmiúcháin Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann (SEAI), Stiúrthóir Teagasc agus Stiúrthóir na hInstitiúide Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta i bhfeidhm ar an gComhairle go dtí go rithfear an Bille.
Thug an tAire Ryan an méid a leanas faoi deara:
“Agus baill na comhairle nua á gceapadh tá sé tábhachtach an chothromaíocht cheart a bhaint amach i dtéarmaí an raon saineolais a theastaíonn, feidhmiú rianúil leanúnach na comhairle agus an gá atá le cothromaíocht inscne a bheith ann.
“Beidh an Chomhairle lárnach i gcomhthéacs an chaoi a ndéanaimid ár n-uaillmhian aeráide a aistriú agus a bhaint amach. Creidim gur sócmhainn iontach iad na comhaltaí nua a fógraíodh inniu mar chuid den aistriú sin.”
Áiríodh ar shaothar suntasach na Comhairle atá ag éirí as oifig comhairle a thabhairt don Rialtas ar fhorbairt beartais aeráide, measúnú a dhéanamh ar an dul chun cinn i dtreo chuspóirí aeráide na hÉireann, Athbhreithniú agus Tuarascáil Thréimhsiúil reachtúil agus Athbhreithnithe Bliantúla a tháirgeadh, agus rannpháirtíocht sa Tionól Saoránach 2018 maidir le Conas is féidir leis an Stát ceannródaí a dhéanamh d’Éirinn maidir le haghaidh a thabhairt ar an athrú aeráide.
CRÍOCH
Bunaíodh le hAlt 8 den Acht um Fhorbairt Aeráide agus Ísealcharbóin 2015 an Chomhairle Chomhairleach um Athrú Aeráide ar bhonn reachtúil an 18 Eanáir 2016.
I bhfianaise théarma reachtúil cúig bliana na Comhairle reatha ag dul in éag; an gá le feidhmiú rianúil na Comhairle a éascú, lena n-áirítear an sainordú atá beartaithe aici buiséid charbóin a mholadh faoin mBille; agus an gá lena chinntiú go gcomhlíontar spriocdhátaí ábhartha a bhaineann le forbairt buiséid charbóin mar atá leagtha amach sa Bhille, tá na ceapacháin a leanas á ndéanamh ag an Aire:
Cuirtear an méid a leanas san áireamh leis na ceapacháin atá beartaithe: