Áireamhán chun Toirt Crann in Éirinn a ríomh seolta ag Doyle
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Sheol Andrew Doyle TD, an tAire Stáit do Thalmhaíocht, Bia agus Mara a bhfuil freagracht air d’fhoraoiseacht Áireamhán inniu chun Toirt Crann in Éirinn a ríomh. Rinneadh an t-áireamhán a fhorbairt chun deis a thabhairt d’úinéirí foraoise agus bainisteoirí toirt na gcrann a ríomh ar líne, ag baint úsáide as buneolas faoi chrainn i ndáil leis na príomhspeicis bhuaircíneach agus leathanduilleach. Is aonad tábhachtach tomhais é toirt crainn mar go sonraítear leis méid an chrainn agus is féidir leas a bhaint as chun cinntí bainistíochta foraoise a chur ar an eolas. Cuidíonn sé freisin le luach a chur ar chrann nó ar fhoraois.
Maidir leis an seoladh, dúirt an tAire:
"tabharfaidh an t-áireamhán ar líne deis do dhaoine teacht ar shaoráid lena mbeidh siad in ann toirt crann a ríomh le buneolas crainn - airde agus trastomhas. Ó tharla é ar líne beidh daoine in ann teacht ar an tsaoráid am ar bith."
Tá an t-eolas faoi chrainn bhuaircíneach, a úsáideadh chun an t-áireamhán a chruthú, bunaithe ar 38,000 crann a leagadh i gceapacha trialacha ó 1971-2006. Tá an t-eolas atá ann maidir leis an gcrann leathanduilleach bunaithe ar eolas a bailíodh, gan aon chrann a scrios, faoi 4,000 crann leathanduilleach ar fud na tíre a bailíodh sa bhliain 2013.
Chun críocha praiticiúla, is féidir leis an áireamhán ní hamháin toirt gais a thomhais ach toirt aon chuid de ghas crainn a ríomh. Gné an-tábhachtach eile den áireamhán nua is ea chomh cruinn is atá sé i dtaobh grúpaí beaga crann nó fiú crann aonair nuair a chuirtear isteach trastomhas an ghais uachtair agus trastomhas an stumpa.
Dúirt an tAire freisin:
"tríd an áireamhán seo a sheoladh inniu, táimid ag féachaint leis an eolas is fearr atá ar fáil a roinnt leosan ar fad atá i mbun foraoisí a bhainistiú agus le comhairle a thabhairt d’úinéirí. Cuideoidh an t-eolas seo maidir le méid na gcrann le cinntí eolasacha a dhéanamh cibé foraois a leagan nó a choinneáil go ceann roinnt blianta eile. Ag leibhéal náisiúnta agus ó thaobh lomáin chruinne a sholáthar agus caighdeán an adhmaid, tá an t-am a ndéantar crainn a leagan tábhachtach ionas go mbeidh líon leordhóthanach ábhair adhmaid ann chun tacú le hearnáil na muilte sábhadóireachta."
CRÍOCH
Mar chuid den Tionscadal TreeModel a ndearna DAFM maoiniú air trí chláir taighde foraoise na Roinne a rinneadh cothromóidí toirte na gcrann buaircíneach a úsáidtear san áireamhán seo a fhorbairt. Bhí ceithre pháirtí páirteach sa tionscadal TreeModel; Institute of Forest Ecosystem Research Ltd, Purser Tarleton Russell Ltd, an Roinn Foraoiseachta sa gColáiste Ollscoile Baile Átha Cliath agus Coillte. An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara a mhaoinigh bailiú na sonraí ar chrainn leathanduilleach chomh maith le cothromóidí toirte na gcrann leathanduilleach a úsáidtear san áireamhán seo.
Tá tuilleadh eolais le fáil ar Áireamhán chun Toirt Crann in Éirinn a ríomh ar láithreán gréasáin na Roinne: www.agriculture.gov.ie/forestservice/forestmanagementtools.