Tá an tAire McConalogue ag seoladh Plean Straitéiseach Náisiúnta d’Fhorbairt an Uisceshaothraithe Inbhuanaithe 2030
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, T.D. Charlie McConalogue, ag seoladh Phlean Straitéiseach Náisiúnta d’Fhorbairt an Uisceshaothraithe Inbhuanaithe 2030, inniu.
Ag labhairt ag Comhdháil Bhliantúil Uisceshaothrú Fheirmeoirí Aontaithe na hÉireann (IFA), rinne an tAire spreagaitheasc os comhair grúpa páirtithe leasmhara ardghníomhacha maidir le forbairtí in earnáil an uisceshaothraithe. Leag sé béim ar an tábhacht a bhaineann le Ciste an Iascaigh Mhuirí & Uisceshaothraithe de chuid na hEorpa (EMFAF), agus na tairbhí dearfacha ar féidir leis na scéimeanna maoinithe, a chuireann sé ar fáil, a dhéanamh don earnáil.
Sheol an tAire McConalogue an Plean Straitéiseach Náisiúnta d’Fhorbairt an Uisceshaothraithe Inbhuanaithe, plean Straitéiseach a sholáthraíonn fís d’uisceshaothrú na hÉireann in 2030.
Dúirt an tAire:
“Le foilsiú an NSPSA, táim ag cur na mbloc tógála riachtanach i bhfeidhm chun forbairt leanúnach a dhéanamh ar earnáil uisceshaothraithe na hÉireann atá inbhuanaithe, brabúsach, iomaíoch agus dírithe ar an margadh, á cur chun cinn, chun cur go fadtéarmach le cúrsaí eacnamaíochta agus sóisialta inár bpobail chósta agus in Éirinn ar an iomlán, fad is atá an fheidhmíocht chomhshaoil á barrfheabhsú agus tacaíocht á tabhairt don chaipiteal nádúrtha a mbítear ag brath air.”
Dúirt an tAire freisin:
“Leagann an Plean seo an bealach amach d’earnáil uisceshaothraithe na hÉireann ionas go mbeidh sí acmhainneach, iomaíoch, agus ar chaighdeán domhanda na hinbhuanaitheachta agus na cáilíochta. Le cur i bhfeidhm an Phlean seo, creidim go bhfuil sé de chumas san earnáil uisceshaothraithe a buntáiste iomaíoch a thógáil agus a choinneáil amach anseo.”
Forbraíodh an NSPSA trí chomhairliúchán a dhéanamh agus ghabh an tAire buíochas leis na páirtithe leasmhara, an IFA san áireamh, as páirt a ghlacadh. Chuir tionscal an uisceshaothraithe fáilte roimh sheoladh an NSPSA.
DEIREADH
Nótaí don Eagarthóir
Tá an Plean Straitéiseach Náisiúnta d’Fhorbairt an Uisceshaothraithe Inbhuanaithe (NSPSA) ar fáil ag: Plean Straitéiseach Náisiúnta d’Fhorbairt an Uisceshaothraithe Inbhuanaithe 2030