Ráiteas ón bhFoireann Éigeandála Sláinte Poiblí Náisiúnta - Déardaoin an 30 Aibreán 2020
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Cuireadh an tIonad Faireachais um Chosaint Sláinte (an IFCS) ar an eolas inniu go bhfuil bás faighte ag 43 duine, ar an iomlán, mar gheall ar COVID-19.
Tá 1,232* duine, ar an iomlán, tar éis bás a fháil in Éirinn go dtí seo a bhain le COVID-19.
Amhail 11am Déardaoin, an 30 Aibreán, cuireadh an IFCS ar an eolas ar 359 cás nua deimhnithe de COVID-19. Tá 20,612 cás deimhnithe, ar an iomlán, de COVID-19 ann anois in Éirinn.
Tá FSS ag oibriú chun aon teagmhálacha a d’fhéadfadh na hothair a dhéanamh a shainaithint chun eolas agus comhairle a sholáthar dóibh chun cosc a chur ar an víreas a scaipeadh níos mó.
Tugann sonraí an lae inniu ón IFCS amhail meán oíche, Dé Máirt, an 28 Aibreán (20,111 cás), an méid seo a leanas le fios:
Dúirt an Dr Tony Holohan, an Príomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte:
“Taispeánann an tuairisc is déanaí ar chásanna COVID-19 i measc oibrithe cúram sláinte go mbaineann 34% de chásanna le haltraí, go mbaineann 245 díobh le cúntóirí cúram sláinte agus go mbaineann 7% le dochtúirí.
“Ó cuireadh tús leis an bpaindéim in Éirinn, tugadh 72 altra, 40 cúntóir cúram sláinte, 22 dochtúir agus 45 oibrí cúram sláinte eile go dtí an t-ospidéal mar gheall go raibh COVID-19 orthu.”
Dúirt an Dr Ronan Glynn, an Leas-Phríomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte:
“Cuireann oibrithe cúram sláinte iad féin i mbaol gach lá i rith na paindéime seo. Tugann an FÉSPN agus FSS agus, go deimhin, an tsochaí i gcoitinne tús áite do thacú leo agus gach rud is féidir a dhéanamh chun iad a chosaint ina gcuid oibre. Bhí páirt lárnach ag toilteanas daoine chun fanacht sa bhaile agus cloí le comhairle sláinte poiblí san iarracht seo.”
Dúirt an tOllamh Philip Nolan, Cathaoirleach Ghrúpa Comhairleach Samhaltaithe Eipidéimeolaíochta an FÉSPN:
“Chun tuiscint a fháil ar thábhacht ár gcéad chéimeanna eile, ba cheart dúinn súil a chaitheamh siar ar phatrún na heipidéime ag tús mhí an Mhárta. Tháinig méadú laistigh de 10 lá ar líon na ndaoine a bhí san Aonad Dianchúraim aníos ó 50 duine go 140 duine. Tá 106 othar san Aonad Dianchúraim faoi láthair. Dá dtiocfadh an borradh sin arís ar an méid daoine atá san Aonad Dianchúraim faoi láthair, bheadh sé an-deacair orainn leanúint orainn le cóir a chur ar othair. Taispeánann seo an íogaireacht a theastaíonn chun scaoileadh le srianta.”
CRÍOCH