Ceadaíonn an Rialtas méaduithe ar na smachtbhannaí caipitil agus buiséid reatha do thionscadal agus do chlár Ospidéal Nua na Leanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Cheadaigh an Rialtas inniu smachtbhannaí feabhsaithe caipitil agus buiséid reatha do thionscadal Ospidéal Nua na Leanaí (NCH), rud a thugann an buiséad iomlán a ceadaíodh go €2.24 billiún (bhí buiséad de €1.73 billiún ceadaithe roimhe seo). San áireamh anseo, tá na costais deartha, tógála agus trealaimh (lena n-áirítear na hIonaid Satailítí i dTamhlacht agus i gConghaile) de €1.88 billiún, agus €360 milliún ar leith chun seirbhísí a chomhtháthú agus a aistriú chuig an NCH, lena n-áirítear coimisiúnú, TFC agus an Taifead Sláinte Leictreonach.
Ospidéal den chéad scoth a bheidh san ospidéal nua. Is é an chéad ospidéal poiblí lán-dhigiteach in Éirinn, a chuirfidh 300 seomra aonair, othar cónaitheach, ensuite ar fáil - gach ceann acu lena áit féin do thuismitheoir/chaomhnóir le codladh inti. Ina theannta sin, déanfaidh sé líon reatha na leapacha cúraim chriticiúil a dhúbailt go 60, agus beidh 93 leaba lae agus 20 leaba tiomnaithe, ensuite meabhairshláinte (CAMHS) acu. Leathnófar acmhainní na n-obrádlann go 22 obrádlann agus seomra gnótha. Beidh spás ann fosta san fhoirgneamh le haghaidh 5 MRI agus 110 seomra d'othair sheachtracha.
Tabharfaidh an méadú faofa ar an mbuiséad caipitil aghaidh ar na réimsí a aithníodh i dtuarascáil 2019, Athbhreithniú Neamhspleách ar Ospidéal Nua na Leanaí ar Ardú na gCostas, a rinne PWC. Dúradh sa Tuarascáil go raibh scóip, scála agus castacht ar leith ag baint le hOspidéal Nua na Leanaí i gcomparáid le haon tionscadal bonneagair sláinte eile i stair na hÉireann agus go raibh sé follasach nuair a dúradh nár cheart beag a dhéanamh de chastacht an tionscadail.
Mar sin féin, d'aithin sé sraith laigí maidir le bunú, pleanáil, buiséad, forghníomhú agus rialachas ar tugadh aghaidh orthu ó shin.
Sa tuarascáil rinneadh breithniú ar an rogha mhalartach chun na hoibreacha a aththairiscint. Tháinig sé ar an gconclúid gur rogha neamhréadúil a bhí ann agus go mbeadh tuilleadh costas i gceist agus gur dócha nach dtógfaí ospidéal dá bharr.
Tugadh faoi deara freisin i dtuarascáil PwC 2019 go bhféadfadh roinnt rioscaí brú breise costais a chur ar an mbuiséad caipitil ceadaithe, lena n-áirítear teidlíochtaí conraitheora faoin gconradh, suimeanna sealadacha a chur ar ceal (gnéithe nach bhféadfadh aon chinnteacht costais a bheith ann ina leith go dtí go mbeadh a soláthar níos gaire do dheireadh an tionscadail), boilsciú tógála a aisghabháil >4%, an gá atá le hacmhainn agus cumas breise i bhfoireann feidhmiúcháin NPHDB, agus ceart an chonraitheora éileamh a dhéanamh ar fhíorchostais bhreise de réir fhorálacha conartha oibreacha poiblí.
Bhí tionchar ag brúnna seachtracha eile ar chostais tionscadail, cosúil le réimsí eile den earnáil tógála agus den tsochaí i gcoitinne, lena n-áirítear na tionchair ar shlabhraí soláthair a eascraíonn as an bpaindéim agus imeachtaí domhanda eile cosúil leis an gcogadh san Úcráin agus an Breatimeacht.
I ndiaidh an Athbhreithnithe PwC, cuireadh in iúl don Rialtas ag deireadh 2021 agus arís i mí na Nollag seo caite go dtógfadh an tionscadal níos faide ná mar a bhí beartaithe ar dtús. Cuireadh in iúl don Rialtas freisin go gcaithfí leithdháileadh buiséid bunaidh 2018 a mhéadú.
Tagann an buiséad athbhreithnithe do thionscadal agus do chlár an NCH sna sála ar obair shuntasach a rinne an Bord Forbartha Náisiúnta na nOspidéal Péidiatraice (NPHDB), Sláinte Leanaí Éireann (CHI), FSS agus oifigigh sa Roinn Sláinte, mar aon leis an Roinn Caiteachais Phoiblí, Sheachadadh PFN agus Athchóirithe.
Ag labhairt dó tar éis chinneadh an Rialtais, dúirt an tAire Donnelly:
“Ba mhaith linn go léir an t-ospidéal seo a fheiceáil oscailte chomh luath agus is féidir. Cuideoidh ceadú na Comh-Aireachta inniu chun cur leis na smachtbhannaí caipitil agus buiséid reatha do thionscadal Ospidéal Nua na Leanaí le hoscailt an ospidéil den chéad scoth a bhaint amach.
“Tá dhá ionad satailíte oscailte againn cheana féin agus an múnla nua cúraim á chur ar fáil iontu. Tá tógáil an phríomh-ospidéil i bhfad chun cinn freisin agus é os cionn 90% críochnaithe. Admhaím go bhfuil méid suntasach airgid á chaitheamh ar an togra seo, ach níor cheart dearmad a dhéanamh gur ospidéal é seo a tógadh chun freastal ar pháistí agus ar a dteaghlaigh as seo go ceann 100 bliain. Tá foirgneamh nua an ospidéil gan fasach ó thaobh scála de agus dul chun cinn teicneolaíochta."
In ainneoin na ndúshlán, tá an tionscadal ag dul chun cinn i gcónaí, agus tá sé os cionn 90% críochnaithe anois, le feistiú seomraí agus suiteáil trealaimh leighis ar bun, agus an chéad héileapad dín dá leithéid in Éirinn, le roinnt le hOspidéal San Séamas, a críochnaíodh le déanaí.
Tá a chlár leagtha amach anois ag an bpríomhchonraitheoir chun tógáil agus feistiú an ospidéil a chríochnú faoi R4 2024. Dá gceadófaí tréimhse choimisiúnaithe oibríochtúil sé mhí ar a laghad do Shláinte Leanaí Éireann (CHI), d'fhéadfadh an t-ospidéal a bheith oscailte i lár 2025.
Áirítear le ceadú na Comh-Aireachta freisin méadú ar mhaoiniú neamh-athfhillteach Chlár Ospidéal na Leanaí. Áirítear leis an gClár seo coimisiúnú críochnaithe don dá shaoráid nua cúraim phráinne/cúraim éigeandála, coimisiúnú an NCH, comhtháthú agus aistriú trí ospidéal agus lucht saothair, agus córas nua Taifead Sláinte Leictreonach.
Tá an dá shaoráid um chúram práinneach/cúram éigeandála in Ospidéal Ollscoile Thamhlachta agus in Ospidéal Uí Chonghaile, Baile Bhlainséir oscailte agus an tsamhail cúraim nua do leanaí agus a dteaghlaigh á soláthar iontu.
Sa príomhfhoirgneamh ospidéil nua soláthrófar:
Is é an chéad ospidéal poiblí digiteach in Éirinn, ina soláthrófar 39 speisialtacht chliniciúla in aon ospidéal amháin, agus beidh áiseanna oideachais ann d’othair, agus do ghairmithe cúraim sláinte, idir cinn atá ann cheanna féin agus cinn a bheidh ann amach anseo araon.
Leanann NPHDB le héilimh an chonraitheora a chosaint go láidir, gan tuillteanas, chun ardú costais a chosc, an conradh a fhorfheidhmiú agus a dhíriú air go ndeimhnítear go bhfuil gach rud is féidir á dhéanamh chun an tionscadal tógála a chríochnú chomh luath agus is féidir.
Sa chlár oibreacha is déanaí a fuarthas ón bpríomhchonraitheoir, BAM, léirítear go mbainfear amach críochnú substaintiúil faoi R4 2024. Is é sin an tráth a bheidh an obair thógála críochnaithe, agus a bheidh an foirgneamh réidh le tabhairt ar láimh do CHI.
Chuir BAM clár athbhreithnithe isteach ag deireadh mhí Mheán Fómhair 2023. Tá an clár seo fós faoi athbhreithniú ag Ionadaí an Fhostóra, arb é an páirtí neamhspleách atá freagrach as an gconradh a fhorghníomhú, d’fhonn a bhailíocht faoin gconradh a chinneadh.
Leanann an NPHDB de dhul i dteagmháil le BAM chun táirgiúlacht an tionscadail a mhéadú d’fhonn a chinntiú go gcomhlíonann BAM na gealltanais atá aige féin.
Beidh gá le tréimhse coimisiúnaithe oibriúcháin, ar feadh sé mhí ar a laghad, a luaithe a bheidh an conraitheoir críochnaithe go substaintiúil.
Áiríonn an Clár Ospidéil Leanaí coimisiúnú críochnaithe an dá shaoráid cúraim phráinne/cúraim éigeandála nua, coimisiúnú an NCH, comhtháthú agus aistriú trí ospidéal agus fórsaí oibre, agus córas nua EHR.
Tá an coimisiúnú oibriúcháin ar ghné mhór de Chlár Ospidéal na Leanaí. Mairfidh an chéim seo sé mhí ar a laghad tar éis don Ospidéal Leanaí Nua a chríochnú. Agus breis agus 6,000 spás le feistiú, is gné chasta den Chlár é.
I measc na ngníomhaíochtaí le linn na céime coimisiúnaithe oibríochtúla áirítear gach rannóg a bhunú go mion.
Beidh suiteáil agus coimisiúnú os cionn 36,000 píosa trealaimh agus comhtháthú trealaimh leighis le EHR agus córais TFC eile á ndéanamh go comhuaineach leis an socrú sin.
Leis an gcéim seo, áireofar freisin oiliúint a chur ar bhreis is 4,500 ball foirne faoin mbonneagar, trealamh agus córais nua digiteacha agus ardteicneolaíochta. Is é an NCH an chéad ospidéal “arna tionscnamh go digiteach” in Éirinn.
Mar ullmhúchán don chéim seo, chuir CHI tús leis an gcéim réamhchoimisiúnaithe i mí Iúil 2023.
Is tréimhse dhian í seo, ina bhfuil gníomhaíochtaí iolracha i gceist, agus breis is 170 sruth oibre le bheith críochnaithe roimh chríoch substaintiúil.
Leanfaidh Céim Réamhchoimisiúnaithe CHI ar aghaidh go dtí go mbeidh sí críochnaithe go substaintiúil nuair a thosóidh an tréimhse oibríochta coimisiúnaithe.