Deis thábhachtach chun iarratais BISS a cheartú gan phionós
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Thug an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara eolas d’fheirmeoirí inniu faoi dhá dheis thábhachtacha maidir le ceartúcháin ar a Liúntas Tacaíochta Ioncaim Bhunúsaigh don Inbhuanaitheacht 2024 (BISS) agus maidir le scéimeanna eile a bhaineann le ceantar.
Is é an chéad cheann acu seo seiceálacha réamhchéime a shainaithneoidh aon ró éileamh, aon fhorluí nó aon éileamh dúbailte. Eisítear fógraí nuair a aimsíonn an roinn earráid den sórt sin in iarratas BISS 2024 de chuid feirmeora. Sa chás go bhfaigheann feirmeoir nó comhairleoir fógra seiceála réamhchéime, ba cheart dó logáil isteach ar www.agfood.ie agus freagra a thabhairt roimh an spriocdháta, an 21 Meitheamh 2024.
Tá fógraí ann ansin a bhaineann leis an gCóras Monatóireachta Limistéir (AMS) a thosóidh ón 6 Meitheamh 2024 i gcás mionlach feirmeoirí. Is é aidhm an chéad bhabhta d’fhógraí AMS a fháil amach an bhfuil dromchlaí saorga ann, mar shampla: foirgnimh, síntí ar chlóis feirme agus bóithre taobh leis an bhfeirm, i ndáileacht(aí) talún. Beidh suas go dtí an 20 Meitheamh 2024 ag feirmeoirí freagra a thabhairt ar na fógraí seo. Eiseofar tuilleadh babhtaí d’fhógraí AMS ó mhí Iúil 2024 ar aghaidh.
Tugann na Seiceálacha Réamhchéime agus na fógraí AMS seo deis don fheirmeoir fadhbanna lena BISS agus lena n iarratais scéime eile a bhaineann le ceantar a réiteach, gan pionós a ghearradh orthu. Ba cheart do na feirmeoirí agus do na comhairleoirí breathnú ar an rannán comhfhreagartha dá gcuntais agfood.ie ar líne. Sa chás go bhfuil feirmeoir cláraithe le haghaidh foláirimh teachtaireachtaí téacs, eiseofaí téacs lena chur in iúl dó go bhfuil fógra ar a chuntas ar agfood.ie.
DEIREADH
Nótaí d’Eagarthóirí:
Is comhpháirtíocht é comhbheartas talmhaíochta an AE (CBT) idir an tsochaí agus an talmhaíocht a chinntíonn soláthar seasmhach beatha, a chosnaíonn ioncam na bhfeirmeoirí, a chosnaíonn an timpeallacht agus a choinníonn ceantair thuaithe beo bríomhar. Cuireann tíortha an AE an CBT i bhfeidhm ar leibhéal náisiúnta le Plean Straitéiseach CBT saincheaptha don tréimhse 2023 2027.
Tá an treoir d’úsáideoirí agus na doiciméid CCanna ar fáil ag: https://www.gov.ie/en/service/4ae67-basic-income-support-for-sustainability-biss-scheme/#biss-help-guides-and-videos
Agus chomh maith leis sin: Córas Monatóireachta Limistéir (AMS)
Más mian le feirmeoirí dul i dteagmháil leis an roinn, is féidir leo é sin a dhéanamh ag:
• 057 867 4422 maidir le ceisteanna faoina n iarratas BISS agus faoina n iarratas le haghaidh scéimeanna eile a bhaineann le ceantar, faoina bhfógraí seiceálacha réamhchéime agus faoi fhógraí AMS.
• 049 436 8288 maidir le ceisteanna nó chun clárú do www.agfood.ie – mar shampla ceisteanna faoi phasfhocail chaillte, conas clárú