Osclaíonn an tAire Eamon Ryan an dara Comhrá d’Oileán Comhroinnte ar "An Comhshaol agus an Aeráid – Dul i nGleic le Dúshláin Chomónta”
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Maidin inniu, d’oscail an tAire Eamonn Ryan Comhrá d’Oileán Comhroinnte ar "An Comhshaol agus an Aeráid – Dul i nGleic le Dúshláin Chomónta”. Is é seo an dara ceann de shraith comhráite d’Oileán Comhroinnte a sheol an Taoiseach i mí Dheireadh Fómhair seo caite mar chuid de thionscadal um Oileán Comhroinnte an Rialtais.
Lárnach don chur chuige Oileáin Chomhroinnte tá oibriú le Feidhmeannas Thuaisceart Éireann agus le Rialtas na Breataine chun dul i ngleic le dúshláin straitéiseacha chomhroinnte, i gcomhpháirtíocht uaillmhianach agus éifeachtach, bunaithe ar Chomhaontú Aoine an Chéasta.
Tugann an dara comhrá seo le chéile níos mó ná 100 rannpháirtí ó gach cearn d’oileán na hÉireann a ghlac páirt i bplé ar líne ina raibh grúpaí sibhialtacha ón tsochaí páirteach; ionadaithe gnó agus talmhaíochta; saineolaithe acadúla agus taighde; Údaráis Áitiúla agus Gníomhaireachtaí Stáit.
Dúirt an tAire Ryan:
"Is réimsí uathúla beartais iad an comhshaol agus an aeráid de bharr a dtionchar domhanda agus teastaíonn freagra comhroinnte domhanda uathu má tá beartais le bheith éifeachtach. Ciallaíonn sé sin nach bhfuil aon dúshlán níos mó nó níos comónta romhainn mar oileán, ná dul i ngleic leis an éigeandáil aeráide agus géarchéim na bithéagsúlachta, leis an bpráinn, an diongbháilteacht agus an dlúthpháirtíocht a éilíonn sí.
"Tá samplaí suntasacha ann cheana féin de chomhoibriú comhshaoil a d’fhorbair muid ar an oileán le blianta beaga anuas. Mar shampla, maidir le bithéagsúlacht, le tacaíocht ón tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra agus Gníomhaireacht Comhshaoil Thuaisceart Éireann, d’fhorbair an tIonad Náisiúnta le Sonraí Bithéagsúlachta (NBDC) bunachar sonraí ar speiceas ionrach ar líne a éascaíonn tuairisciú ar speicis ionracha, Thuaidh nó Theas, agus a sholáthraíonn feidhm monatóireachta agus rialaithe atá ríthábhachtach. Is é seo an cineál comhoibrithe leathan - lena mbaineann an rialtas, gníomhaireachtaí, taighdeoirí agus an tsochaí shóisialta – a dhéanann an difear. "
Chomh maith le PEACE PLUS, d’fhógair an Rialtas ár gCiste Oileán Comhroinnte i mBuiséad 2021, agus cuirfear €500 milliún i maoiniú caipitil ar fáil sna cúig bliana amach romhainn, imfhálaithe le haghaidh infheistíochtaí comhoibritheacha Thuaidh/Theas, le cur ar aon dul lenár gClár le haghaidh tiomantais agus tosaíochtaí an Rialtais, lena n-áirítear cosaint an chomhshaoil agus forbairt inbhuanaithe.
Soláthraíonn comhrá an lae inniu deis taithí agus moltaí a roinnt ar na nithe sin a oibríonn, nithe eile a d’fhéadfaimis a dhéanamh le chéile agus bealaí inar féidir linn foghlaim óna chéile ar an oileán - sa rialtas, sa taighde, agus inár ngeilleagar agus inár sochaí - chun ár dtimpeallacht chomhroinnte a chosaint.
Is fóram é an comhrá seo a chuireann ar chumas an Rialtais éisteacht le cur chuige oileáin chomhroinnte atá fiúntach agus éifeachtach ar fud ár mbeartais aeráide, bithéagsúlachta agus comhshaoil, agus comhoibriú leis an bhFeidhmeannas agus Rialtas na Breataine.
CRÍOCH
Painéal 1 – Dul i nGleic leis an Éigeandáil Aeráide - peirspictíocht Oileáin Chomhroinnte
Painéal 2 – Aghaidh a thabhairt ar ghéarchéim na Bithéagsúlachta ar an oileán
Painéal 3 – Tosaíochtaí sa todhchaí do chomhoibriú uile-oileáin maidir leis an gComhshaol.
Cuirfidh @merrionstreet ábhar ón imeacht ar na meáin shóisialta i rith an lae agus is féidir an comhrá a leanúint ar líne trí úsáid a bhaint as #SharedIsland.