Seolann na hAirí O’Brien agus Canney ‘Luasanna Níos Moille, Bóithre Níos Sábháilte’ - feachtas a thacaíonn le sábháilteacht ar bhóithre.
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Sheol na hAirí O’Brien agus Canney an feachtas eolais agus feasachta ‘Luasanna níos moille, Bóithre níos Sábháilte’ chun aird a tharraingt ar an athrú atá le teacht ar luasteorainneacha ar bhóithre áitiúla tuaithe.
Dé hAoine 7 Feabhra, athróidh an luasteorainn ar go leor bóithre tuaithe áitiúla ó 80 ciliméadar san uair go 60 ciliméadar san uair. Reachtófar an feachtas ‘Luasanna Níos Ísle, Bóithre Níos Sábháilte’ ar an raidió, ar líne, i gcló agus i suíomhanna ‘lasmuigh den bhaile’ chun feasacht ar an athrú seo a mhéadú.
Chun cloí leis an sprioc ‘Fís an Nialais’ le haghaidh 2050 a ghlacadh ar fud Bhallstát an Aontais, tá sé mar phríomhaidhm ag Straitéis Sábháilteachta ar Bhóithre Rialtas na hÉireann 2021–2030 líon na mbásanna agus na ngortuithe tromchúiseacha ar bhóithre na hÉireann a laghdú 50% faoi 2030. Léiríonn taighde idirnáisiúnta go gcuireann luas go mór le haon trian de na himbhuailtí marfacha, agus go laghdaíonn moilliú ar luas básanna ar bhóithre go suntasach. Faoi Chéim 1 den Phlean gníomhaíochta don Straitéis , tionóladh grúpa oibre de pháirtithe leasmhara ábhartha agus saineolaithe ábhair chun luasteorainneacha a athbhreithniú agus chun moltaí a dhéanamh chun cabhrú le luasteorainneacha comhsheasmhacha agus cuí a shocrú ar fud an ghréasáin bóithre. Bhí an grúpa oibre comhdhéanta den Roinn Iompair, an tÚdarás um Shábháilteacht ar Bhóithre (RSA), An Garda Síochána, Bonneagar Iompair Éireann (TII), an tÚdarás Náisiúnta Iompair (NTA), agus an Ghníomhaireacht Bainistíochta Rialtais Áitiúil (LGMA).
Cuireadh an tAthbhreithniú ar Luasteorainn faoi bhráid an Rialtais agus foilsíodh é i mí Mheán Fómhair 2023. Cinneadh sa tuarascáil deiridh nach mór d’úsáideoirí leochaileacha bóithre a bheith ina bpríomhfhócas agus luasteorainneacha á socrú. Mar shampla, tá an baol báis i bhfad níos mó i gcás imbhuailtí idir gluaisteán agus úsáideoir leochaileach bóithre ag 50 ciliméadar san uair i gcomparáid leis an gcineál céanna imbhuailte ag 30 ciliméadar san uair.
I mí Aibreáin 2024, síníodh an tAcht um Thrácht ar Bhóithre 2024 ina dhlí agus bhí forálacha ann chun na luasteorainneacha réamhshocraithe ar bhóithre tuaithe, áitiúla, ar bhóithre uirbeacha agus ar bhóithre tánaisteacha náisiúnta a leasú. Cuirfear an t-athrú ar luasteorainneacha réamhshocraithe ar bhóithre áitiúla tuaithe i bhfeidhm ar dtús, ó 80 ciliméadar san uair go 60 ciliméadar san uair, ag tosú Dé Luain, 7 Feabhra 2025.
Díreoidh céimeanna forfheidhmithe amach anseo ar an luasteorainn i gcroíláir uirbeacha, limistéir fhoirgnithe san áireamh, chomh maith le heastáit tithíochta agus lár bailte, a laghdú go 30 ciliméadar san uair. Freisin, beidh an luasteorainn ar bhóithre náisiúnta den dara grád á laghdú ó 100 ciliméadar san uair go dtí 80 ciliméadar san uair.
Tá tíortha ar fud na hEorpa (an Fhrainc agus an Ríocht Aontaithe ina measc) tar éis luasteorainneacha a laghdú ar bhóithre éagsúla le blianta beaga anuas. Léirigh taighde a rinneadh ina dhiaidh sin gur chuir laghdú ar an luasteorainn sa Fhrainc le laghdú 10% ar líon na mbásanna ar na bóithre, agus gur chuir sé le laghdú ar chostais árachais sa Ríocht Aontaithe.
Is é struchtúr an dlí um luasteorainneacha in Éirinn ná go socraíonn an reachtaíocht náisiúnta luasteorainneacha réamhshocraithe le haghaidh aicmí éagsúla bóithre. Is féidir le hÚdaráis Áitiúla ansin athruithe a dhéanamh ar an réamhshocrú trí ‘luasteorainneacha speisialta’ a shocrú do bhóithre áirithe ina gceantair. Le reachtaíocht a ritheadh le déanaí, bunaíodh bonnlíne níos sábháilte do luasteorainneacha ar aicmí bóthair atá buailte ach níor laghdaigh sí an ról déabhlóidithe tábhachtach atá ag Údaráis Áitiúla chun luasteorainneacha a athrú faoina ndlínse, nuair is cuí sin. D’eisigh an Roinn Iompair treoirlínte nua chuig Údaráis Áitiúla go luath i 2024 chun cabhrú leo leis an bpróiseas sin.
Tá deontais faighte ag údaráis áitiúla chun comharthaí luasteorainneacha a athrú ó ‘80’ go ‘60’ ar na bóithre áitiúla cuí. Beidh siad seo i bhfeidhm ar an 7 Feabhra, ionas gur féidir le húsáideoirí bóthair a fheiceáil go soiléir cén luasteorainn atá i bhfeidhm. Ciallóidh an ‘comhartha luasteorainneacha tuaithe’ stríocach, a úsáidtear mar mhalairt ar chomharthaí uimhriúla luasteorainneacha ar bhóithre tuaithe áirithe le lána aonair, go bhfuil teorainn suas go dtí 60 ciliméadar san uair i bhfeidhm anois freisin. Chun tuilleadh eolais a fháil faoi athruithe i gceantar áitiúla, ba cheart seiceáil leis na húdaráis áitiúla.
Mar is amhlaidh le gach luasteorainn, is cion a bheidh ann an teorainn shonraithe a shárú agus is faoin nGarda Síochána a bheidh sé forfheidhmiú a dhéanamh. Tá an Roinn Iompair ag obair leis an nGarda Síochána lena chinntiú go bhfuil siad réidh chun an teorainn nua a chur i bhfeidhm.
Dúirt an tAire Darragh O’Brien:
“Tá an-áthas orm go bhfuil an feachtas ‘Luasanna Níos Moille, Bóithre Níos Sábháilte’ seolta. Tá an Rialtas seo tiomanta do bhásanna ar bhóithre a laghdú agus bóithre níos sábháilte a chruthú do gach duine in Éirinn. Níl aon amhras ach go gcuireann luas go mór le go leor imbhuailtí agus go rachaidh sé chun tairbhe dúinn go léir má théann muid níos moille. Trí na luasteorainneacha ar bhóithre áitiúla tuaithe a laghdú ó 80 ciliméadar san uair go 60 ciliméadar san uair, tá an Rialtas ag gníomhú chun líon na mbásanna ar na bóithre agus na ngortuithe tromchúiseacha a laghdú. Tá na bearta sin mar chuid de raon tionscnamh chun feabhas mór a chur ar shábháilteacht ar bhóithre agus chun cabhrú linn dul chun cinn a dhéanamh i dtreo ár sprice fadtéarmaí Fís an Nialais, mar a leagtar amach sa Straitéis um Shábháilteacht ar Bhóithre agus a Plean – Céim 1."
Ag labhairt inniu i rith Achainí an Gharda Síochána agus an Údaráis um Shábháilteacht ar Bhóithre(RSA) maidir le Sábháilteacht ar Bhóithre Saoire Bainc faoin bhfeachtas, dúirt an tAire Stáit Sean Canney:
"Trí na luasteorainneacha a laghdú ó 80 ciliméadar san uair go 60 ciliméadar san uair ar bhóithre áitiúla tuaithe – a bhíonn caol agus casta le hinfheictheacht theoranta go minic, agus a dtarlaíonn go leor imbhuailtí, faraor, táimid ag tógáil céim sa treo ceart chun tabhairt faoin méadú mífhortúnach seo i mbásanna agus i ngortuithe tromchúiseacha atá feicthe againn le blianta beaga anuas. Má laghdaítear luas ar na bóithre seo, beidh níos mó ama againn gníomhú i gcás gan choinne agus ciallaíonn sé nach mbeidh an dochar céanna ag aon imbhualadh a tharlaíonn. Níl sna hathruithe seo ach gné amháin de na hiarrachtaí agus gníomhaíochtaí atá faoi bhun ag an Rialtas chun bóithre a dhéanamh níos sábháilte, maraon le hoideachas leanúnach, feachtais fheasachta, forfheidhmiú, agus infheistíocht shuntasach Rialtais i bhfeabhsuithe infreastruchtúr. Mar náisiún, tá sár-iarrachtaí déanta againn na bóithre a dhéanamh níos sábháilte do chách le fiche nó tríocha bliain anuas, agus caithfimid leanúint leis seo. Níl aon dabht agam ach má oibreoimid le chéile, feicfimid méid na mbásanna ar na bóithre ag laghdú arís."
Ag fáiltiú den seoladh, dúirt Jim O’Callaghan, an tAire Dlí agus Cirt:
“tá ríméad orm tacú le seoladh an fheachtais eolais agus feasachta ‘Luasanna Níos Moille, Bóithre Níos Sábháilte,’ agus dár ndóigh leis na luasteorainneacha níos ísle atá á dtabhairt isteach. Le feachtais rathúla sábháilteachta bóithre, bíonn gá machnamh ar raon ábhar ar féidir leo le chéile beatha daoine a shábháil: teicneolaíocht, dearadh bóithre, iompar agus oideachas tiománaithe, déine na bpionós, agus luasteorainneacha. Agus, dár ndóigh, tá forfheidhmiú leanúnach mar ghné ríthábhachtach den Straitéis Sábháilteachta ar Bhóithre, bíodh sé sin ag na Gardaí iad féin, soghluaiste, socair, agus ceamaraí meán-luas nó teicneolaíocht eile a bhfuil feidhm á baint astu."
Dúirt Jane Humphries, Ard-Cheannfort ó Bhiúró Náisiúnta an Gharda Síochána um Phóilíniú Bóithre:
“Tá an Garda Síochána tar éis a bheith ag obair go dlúth leis an Roinn Iompair agus páirtithe leasmhara eile ag ullmhú do chur i bhfeidhm luasteorainneacha níos ísle ar bhóithre tuaithe éagsúla. Tá na struchtúir chuí déanta ag an nGarda Síochána chun na hathruithe seo a chur i bhfeidhm.
Níl bheidh aon idirthréimhse i gceist. Ó Dé hAoine 7 Feabhra, iad siúd a bheidh ag taisteal níos tapúla ná an luasteorainn dhleathach nua ar bhóithre tuaithe, beidh siad faoi dhliteanas ionchúisimh.
Beidh an Garda Síochána ag úsáid ár ngréasán de phóilíniú bóithre agus acmhainní tosaigh agus teicneolaíocht chun na luasteorainneacha nua seo a chur i bhfeidhm ar bhóithre tuaithe. Beidh páirtithe an Gharda Síochána maidir le Sábháilteacht ar Bhóithre, GoSafe, ag úsáid veaineanna ceamaraí sábhailteachta soghluaiste chun na luasteorainneacha níos ísle nua a chur i bhfeidhm, nuair is cuí. Cuimhnigh ‘Luasanna Níos Moille, Bóithre Níos Sábháilte".
Dúirt Sam Waide, Príomhoifigeach an Údaráis um Shábháilteacht ar Bhóithre:
“Tá an luas mar cheann de na fachtóirí is tábhachtaí i dtaca le sábháilteacht ar bhóithre – i dtaca leis an seans go dtarlóidh timpiste agus déine toraidh an timpiste araon. Níl maithiúnas ag baint le dlithe na fisice: méadaítear fuinneamh agus an fórsa an imbhuailte go heaspónantúil le luas, is féidir le laghdú beag rátaí marthanachta a fheabhsú go suntasach.
Tá an réaltacht soiléir – 9 as 10 de choisithe a bhuailtear ag 80 ciliméadar san uair, ní mhairfidh siad, ach ag 60 ciliméadar san uair, titeann an uimhir sin go 5 as 10. Le luasteorainneacha a laghdú, déantar na bóithre níos sábháilte do na húsáideoirí ar fad, go háirithe ar bhóithre tuaithe, áit a tharlaíonn an-chuid imbhuailtí dáiríre agus marfacha. Cabhróidh an t-athrú seo leis an mbaol de thimpistí bóithre a laghdú agus níos tábhachtaí, déine na ndíobhálacha a laghdú nuair a tharlaíonn siad. Molaimid d’úsáideoirí bóithre ar fad cloí leis na teorainneacha nua, mar cuirtear san áireamh gach ciliméadar san uair nuair atá beatha daoine a shábháil i gceist."
Téigh chuig Slower Speeds, Safer Roads chun tuilleadh eolais a fháil faoi na luasteorainneacha nua.