Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Máirt an 9 Márta 2021
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu go bhfuil 30 duine le COVID-19 tar éis bás a fháil.
Bhásaigh 12 díobh sin i mí an Mhárta, 13 i mí Feabhra, 4 i mí Eanair agus tá bás amháin fós á fhiosrú.
4,452 duine san iomlán atá básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn go dtí seo.
Amhail meán oíche Dé Luain an 8 Márta, cuireadh 311 cás nua deimhnithe de COVID-19 in iúl don HPSC. 223,957* cás de COVID-19 a deimhníodh in Éirinn go dtí seo.
As na cásanna a cuireadh in iúl inniu;
Amhail 8am inniu, tá 397 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 95 acusan san aonad dianchúraim. Cuireadh 24 duine san ospidéal le 24 uair an chloig anuas.
Amhail an 6 Márta, bhí 523,069 dáileog de vacsaín COVID-19 tugtha in Éirinn:
&Bhí a gcéad dáileog faighte ag 373,149 duine
Soláthraíonn Deais COVID-19 faisnéis cothrom le dáta faoi phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal lena n-áirítear sonraí laethúla maidir le Clár Vacsaínithe COVID-19 na hÉireann.
CRÍOCH
**Ba cheart sonraí contae a mheas go amhail is gur sonraí sealadacha iad toisc gur córas dinimiciúil é an Córas Ríomhairithe náisiúnta um Ghalair Thógálacha a Thuairisciú (CIDR) agus tá sonraí cáis á mbailíochtú agus á nuashonrú i gcónaí.
Contae | Cásanna an lae inniu** (go meán oíche 08 Márta 2021) | Meán Gluaiseachta 5 lá de Chásanna Nua~ | Ráta minicíochta 14 lá in aghaidh gach 100,000 den daonra (go dtí 08 Márta 2021) | Cásanna Nua le 14 lá anuas (go dtí 08 Márta 2021) |
Éire | 311 | 466 | 161.3 | 7683 |
An Longfort | <5 | 9 | 403.7 | 165 |
Uíbh Fháilí | 10 | 15 | 330.9 | 258 |
An Iarmhí | 9 | 9 | 243.3 | 216 |
Baile Átha Cliath | 135 | 211 | 235.3 | 3170 |
An Mhí | 12 | 27 | 212.8 | 415 |
Luimneach | 18 | 21 | 205.7 | 401 |
Lú | 14 | 14 | 204.1 | 263 |
Cill Dara | 29 | 24 | 171.2 | 381 |
Laois | <5 | 6 | 157 | 133 |
Maigh Eo | 10 | 12 | 150.9 | 197 |
Ceatharlach | <5 | 4 | 149.3 | 85 |
Dún na nGall | 0 | 11 | 148.2 | 236 |
Gaillimh | 12 | 16 | 142.2 | 367 |
Tiobraid Árann | <5 | 13 | 134.8 | 215 |
An Clár | <5 | 5 | 108.6 | 129 |
Muineachán | 0 | 4 | 105.9 | 65 |
Port Láirge | 8 | 6 | 97.3 | 113 |
Ros Comáin | <5 | 3 | 91.4 | 59 |
An Cabhán | 0 | 3 | 90.6 | 69 |
Cill Mhantáin | <5 | 11 | 90.6 | 129 |
Sligeach | 0 | 4 | 74.8 | 49 |
Loch Garman | 9 | 8 | 71.5 | 107 |
Ciarraí | <5 | 6 | 67 | 99 |
Liatroim | 0 | 0 | 59.3 | 19 |
Corcaigh | 21 | 18 | 53.6 | 291 |
Cill Chainnigh | <5 | 3 | 52.4 | 52 |
~Soláthraíonn an meán gluaiseachta 5 lá de líon na gcásanna nua táscaire iomchuí ar líon na gcásanna laethúla reatha laistigh de chontae. Áirítear aon bhailíochtú cásanna a tharla sna laethanta roimhe seo agus réitíonn sé luaineachtaí laethúla/deireadh seachtaine i líon na gcásanna.