Seolann an tAire Ryan an chéad chruinniú pearsanta le Ed Miliband, Rúnaí Fuinnimh na Ríochta Aontaithe
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Bhuail Eamon Ryan, an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, le Ed Miliband, Rúnaí Stáit na Ríochta Aontaithe um Shlándáil Fuinnimh agus Aeráidneodracht, inniu le linn cuairt ghairid ar an Ríocht Aontaithe. Is é atá sa chruinniú ná an chéad chruinniú pearsanta a bhí acu lena chéile ó ceapadh an Rúnaí Fuinnimh Miliband mar Rúnaí Stáit um Shlándáil Fuinnimh agus Aeráidneodracht an 5 Iúil 2024, ag teacht sna sála ar rialtas Pháirtí an Lucht Oibre nua a chruthú sa Ríocht Aontaithe.
Leis an gcruinniú freisin, comórtar bliain amháin ón uair a shínigh an dá thír dhá Mheabhrán Tuisceana maidir le comhaontuithe comhair fuinnimh. Baineann an chéad Mheabhrán Tuisceana, a síníodh i mí Mheán Fómhair 2023, le fuinneamh in-athnuaite, lena n-áirítear idirnasc agus hidrigin. Dírítear sa dara Meabhrán Tuisceana ar shlándáil bhreisithe na soláthairtí gáis.
Rinne an tAire Ryan agus an Rúnaí Fuinnimh Miliband plé ar réimsí éagsúla. Áiríodh leo sin: Uaillmhianta COP 29; comhar i réimse an fhuinnimh in-athnuaite ghlain (lena n-áirítear hidrigin, fuinneamh ar talamh agus fuinneamh amach ón gcósta); an fhéidearthacht a bhaineann le hidirnasc leictreach breise idir oileán na hÉireann agus an Bhreatain Mhór; naisc leis an eangach; agus idirchaidreamh laistigh de Chomhar Fuinnimh na Mara Thuaidh.
Sa ráiteas beartais maidir le hidirnasc ó Éirinn, rud a foilsíodh anuraidh, luaitear go sonrach go dtacófaí le nasc breise leis an mBreatain Mhór faoin mbliain 2030, lasmuigh d’Idirnascaire Greenlink a chríochnú (rud atá le críochnú sa bhliain 2025). Tiocfaidh méadú ar an tábhacht a bhaineann le hidirnasc de réir mar a mhéadaíonn sciar na hearnála fuinnimh in-athnuaite den mheascán soláthair i gcóras leictreachais na hÉireann agus na hEorpa i ndáil le leictreachas a allmhairiú agus i ndáil le leictreachas a onnmhairiú araon. Tá idirnascacht mhéadaithe ag teastáil chun comhlíonadh ár n-uaillmhianta fuinnimh in-athnuaite a chumasú agus chun slándáil chomhchoiteann an tsoláthair a fheabhsú.
An tseachtain seo caite, bhuail Keir Starmer, Príomh-Aire nua na Ríochta Aontaithe, leis an Taoiseach Simon Harris i mBaile Átha Cliath, ar lena linn a d’fhógair an bheirt cheannairí na téarmaí le haghaidh cruinniú mullaigh bliantúil nua idir an dá thír chun an caidreamh idir Éire agus an Ríocht Aontaithe a athshocrú. Cuirfear an chéad chruinniú mullaigh ar siúl i Márta na bliana seo chugainn. Anuas ar dhíriú ar réimsí amhail fás, trádáil agus infheistíocht agus ar shaincheisteanna domhanda, déanfar plé le linn chruinniú mullaigh na bliana seo chugainn ar 'an aeráid, teicneolaíocht an fhuinnimh, agus an nuálaíocht'.
Tar éis a cheapacháin i mí Iúil, d’fhógair an Rúnaí Fuinnimh Miliband roinnt pleananna nua fuinnimh. Áiríodh leo sin deireadh a chur lom láithreach leis an toirmeasc ar fhuinneamh gaoithe ar talamh, rud a bhí i bhfeidhm le naoi mbliana roimhe sin, agus an chuideachta Great British Energy a bhunú, rud a bheidh faoi úinéireacht an phobail. Bhíodh an Rúnaí Miliband mar Rúnaí Stáit na Ríochta Aontaithe um Fhuinneamh agus an tAistriú Aeráide ón mbliain 2008 go dtí an bhliain 2010. Tá an tAire Ryan le bualadh le Louise Haigh, Rúnaí Stáit na Ríochta Aontaithe um Iompar, amárach an 12 Meán Fómhair freisin.
Tar éis an chruinnithe, dúirt an tAire Ryan:
"Is féidir a fheiceáil ó shracfhéachaint amháin ar léarscáil cé hé an comhpháirtí fuinnimh is tábhachtaí atá ag Éirinn, ó thaobh ár gcaidrimh dhírigh fuinnimh leis de agus ón taobh indíreach de trí chaidreamh fuinnimh na Ríochta Aontaithe le mór-roinn na hEorpa araon. Tá Éire ar cheann de na comhpháirtithe fuinnimh is tábhachtaí atá ag an Ríocht Aontaithe. Tá sé ríthábhachtach go n-oibreoimis i gcomhar lenár gcomharsana is gaire chun leas a bhaint as fuinneamh in-athnuaite ar mhaithe lenár spriocanna aeráide a chomhlíonadh agus ar mhaithe le slándáil fuinnimh a mhéadú.
"Ó shíniú ár gcomhaontaithe fuinnimh leis an Ríocht Aontaithe anuraidh i leith, threisíomar ár gcomhpháirtíochtaí fuinnimh. Níl ceachtar tír ag stad ansin. Tá pleananna rí-uaillmhianacha fuinnimh ag an dá thír, agus imreoidh giniúint fuinnimh in-athnuaite agus ról an idirnasctha páirt ollmhór inár dtodhchaí chomhroinnte, rud lena soláthrófar fuinneamh níos saoire, níos glaine agus níos sláine dár gcuid tithe agus gnólachtaí."
Dúirt an Rúnaí Fuinnimh Miliband:
"Tá an sprioc chéanna ag an Ríocht Aontaithe agus ag Éirinn, is é sin, tuilleadh slándáil fuinnimh agus cumhacht ghlan a sholáthar do theaghlaigh agus do ghnólachtaí, de réir mar a oibrímid i ndlúthchomhar le chéile ar an aistriú chuig fuinneamh glan. Is í sin an dóigh ar féidir linn méaduithe i mbillí a sheachaint san fhadtéarma agus íocóirí billí a chosaint ar mhargaí éagobhsaí breoslaí iontaise.
"Táim ag súil le comhoibriú níos láidre sna blianta atá le teacht, idir chomhar sa Mhuir Thuaidh agus chur i bhfeidhm an fhuinnimh in-athnuaite ar fud ár dtíortha, chun cabhrú linn todhchaí níos inbhuanaithe a sholáthar, rud atá mar mhisean againn."
CRÍOCH
An 11 Meán Fómhair 2023, shínigh Éire agus an Ríocht Aontaithe dhá Mheabhrán Tuisceana maidir le comhar fuinnimh. Leis an gcéad Mheabhrán Tuisceana, a bhaineann le ‘Comhar i leith an Aistrithe Fuinnimh, Foinsí Fuinnimh In-athnuaite Amach ón gCósta agus Idirnasc Leictreachais’, éascaítear méadú sa chomhroinnt faisnéise idir Éire agus an Ríocht Aontaithe ar an aistriú chuig foinsí fuinnimh in-athnuaite agus ar imscaradh fuinnimh in-athnuaite ar talamh agus amach ón gcósta, lena n-áirítear hidrigin in-athnuaite agus ísealcharbóin. Rud tábhachtach, éascófar leis an Meabhrán Tuisceana sin freisin méadú sa chomhar atá dírithe go sonrach ar dheiseanna le haghaidh idirnasc leictreach breise idir oileán na hÉireann agus an Bhreatain Mhór a iniúchadh. Leis an dara Meabhrán Tuisceana, a bhaineann le 'Comhar le haghaidh Shlándáil an tSoláthair Gáis Nádúrtha', léirítear an caidreamh fuinnimh idir Éire agus an Ríocht Aontaithe, ar caidreamh é a bhíonn ag éirí níos cuidithí i gcónaí. Is é cuspóir an Mheabhráin Tuisceana sin treisiú leis na cleachtais agus leis an gcomhar atá ar bun idir an dá Stát agus idir na Ranna ábhartha maidir le slándáil an tsoláthair gáis nádúrtha. Leagtar amach ann an dóigh a n-oibreoidh an dá Stát le chéile i gcás laghdú nó cur isteach ar an soláthar.
Tá uaillmhianta idirnaisc na hÉireann leagtha amach go soiléir sa Ráiteas Beartais Náisiúnta maidir le hIdirnasc Leictreachais a foilsíodh sa bhliain 2023.
Beidh ról lárnach ag idirnasc leictreachais in aistear na hÉireann i dtreo aeráidneodrachta. Tá idirnascacht mhéadaithe ag teastáil chun comhlíonadh ár n-uaillmhianta fuinnimh in-athnuaite a chumasú agus chun slándáil chomhchoiteann an tsoláthair a fheabhsú.
Áiríodh iad seo a leanas leis na cuspóirí:
Cheadaigh an rialtas an Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2024 ó Éirinn i mí na Nollag 2023, faoi réir comhairliúchán poiblí agus Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta. Is é an Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2024 an tríú nuashonrú bliantúil ar Phlean Gnímh na hÉireann don Aeráid 2019. Is é an plean sin an dara plean a ullmhaíodh faoin Acht um Ghníomhú Aeráide agus um Fhorbairt Ísealcharbóin (Leasú), 2021, agus tar éis Buiséid Charbóin agus Uasteorainneacha Astaíochtaí earnála ar fud an gheilleagair a thabhairt isteach. Is é an toradh a bheidh ar an bPlean Gníomhaithe ar son na hAeráide a chur chun feidhme ná go gcruthófar poist agus deiseanna eacnamaíocha nua agus go gcosnófar daoine agus an pláinéad. Cliceáil anseo chun síntiús a ghlacadh leis an nuachtlitir ‘Climate Action’ ó Rialtas na hÉireann.