Fógraíonn an tAire O’Donnell athoscailt Inis Cathaigh le haghaidh Cuairteoirí Samhraidh 2024
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Fógraíonn Kieran O’Donnell TD, Aire Stáit um Oifig na nOibreacha Poiblí, go n-athosclófar Inis Cathaigh le haghaidh cuairteoirí ar an Aoine 24 Bealtaine 2024. Tá rochtain ar an láthair i gcead do chúinsí oiriúnacha aimsire, farraige agus oileáin.
Dúirt an tAire O’Donnell:
“Tá an-áthas orm athoscailt Inis Cathaigh le haghaidh an tsamhraidh a fhógairt. Le déanaí rinne OPW athchóiriú ar Shráid an Oileáin, mar a raibh áit chónaithe píolótaí Cathaigh agus oifig phoist an oileáin, sular tréigeadh an t-oileán sa bhliain 1978. Féadfaidh cuairteoirí chun na Sráide na radhairc seo a fheiceáil arís, chomh maith le radharc siar chuig Cuas na Ceapaí agus Cill Rois. Molaim cuairt a thabhairt ar an láthair iontach oidhreachta seo agus turas an oileáin a dhéanamh chun iarsmaí na seanmhainistreach a fheiceáil.”
Timpeallacht shona shuaimhneach is ea Inis Cathaigh, mar a bhfuil réimse láithreacha spéisiúla le cuardach de shiúl cos. Is féidir eolas a chur ar Naomh Seanán agus a throid chróga leis an bpéist Chathach, agus conas mar a bhunaigh sé mainistir sa chúigiú haois. Baineann stair spéisiúil leis an oileán, ó ré na seanmhainistreach anuas chuig an dream deireanach a chónaigh ar Inis Cathaigh.
I measc na n-iarsmaí ar an Oileán tá cloigtheach, ardeaglais agus séipéil mheánaoiseacha. Taobh leis na seaniarsmaí seo, tá teach solais, bataire airtléire agus sráidbhaile a bhfuil athchóiriú iontach déanta ann.
Tosaíonn an turas ag Muiríne Chill Rois, áit fhágála an bháid farantóireachta. Ag teacht ar an Oileán, cuirfidh treoraithe OPW fáilte chroíúil romhat roimh thuras siúil a léireoidh duit stair shaibhir an Oileáin.
Sonraí áirithinte ag Heritage Island / Visitor Centre
Féadfar ceisteanna a sheoladh chuig scatteryisland@opw.ie
Um breis eolais, déan teagmháil le pressoffice@opw.ie
Lean sinn ar Twitter @opwireland
Faigh sinn ar Facebook @opwireland
Lean sinn ar Instagram@opwireland
Lean sinn ar LinkedIn @Office of Public Works
Tá rochtain ar an Oileán i gcead do chúinsí taoide agus aimsire.
Glacann an Bád Farantóireachta thart ar 30 nóiméad an dá threo – tá an tráthchlár i gcead don aimsir. Tugtar tréimhse thart ar 2.5 uair an chloig ar an Oileán; ach gach coicís tá rogha thart ar 4 uair an chloig a chaitheamh ar an Oileán.
Iarraimid ar chuairteoirí comhoibriú le foireann treoraithe OPW agus cloí le rabhadh agus treoracha a thugann siad. Is tábhachtach coisbheart oiriúnach a chaitheamh (buataisí nó bróga láidre siúil) mar tá an talamh garbh go leor in áiteanna.
Le do thoil, ná fág aon lorg ar an Oileán; tabhair leat abhaile aon bhia neamhchaite nó bruscar.