Bagairt mhéadaithe bogearraí éirice do ghnólachtaí beaga agus meánmhéide
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Thug an Lárionad Náisiúnta Cibearshlándála (LNCS) agus Biúró Náisiúnta Cibearchoireachta an Gharda Síochána (GNCCB) rabhadh d'úinéirí gnó faoi bhagairt mhéadaithe bogearraí éirice. I litir a seoladh chuig Comhlachas Gnólachtaí Beaga Ibec, thug an Lárionad agus an Biúró faoi deara gur bhreathnaigh siad "treocht trína mbíonn grúpaí bogearraí éirice ag spriocdhíriú níos mó agus níos mó ar ghnólachtaí beaga agus meánmhéide". Ba ar eagraíochtaí móra a dhíríodh na grúpaí sin de ghnáth san am atá thart. Thug siad faoi deara, áfach, go ndearna "bogearraí éirice difear do roinnt gnólachtaí beaga Éireannacha le déanaí".
Dúirt Richard Browne, Stiúrthóir an LNCS:
"Cé go bhfuilimid ag déileáil le bagairt na mbogearraí éirice le tamall maith anuas, bhreathnaíomar athrú suntasach sna teaicticí atá in úsáid ag grúpaí coiriúla bogearraí éirice. In ionad a bheith ag díriú go príomha ar rialtais, ar bhonneagar criticiúil agus ar ghnólachtaí móra, bíonn siad ag spriocdhíriú níos mó agus níos mó ar ghnólachtaí beaga anois. Ní le hÉirinn amháin a bhaineann an méid sin, agus is treocht dhomhanda é. Bhuail grúpaí den sórt sin roinnt gnólachtaí le cúpla seachtain anuas."
Sa litir a seoladh chuig Comhlachas Gnólachtaí Beaga Ibec, d’athdhearbhaigh an Lárionad agus an Biúró na bearta is féidir le gnólachtaí beaga agus meánmhéide a dhéanamh chun cibirionsaithe, amhail bogearraí éirice, a chosc agus chun athshlánú uathu, agus tagairt á déanamh acu do roinnt treoirdhoiciméad a d’fhoilsigh an Lárionad ar an topaic.
Maidir leis an gcomhairle, dúirt an Dr Browne:
"Cé go dtuigimid go mbeidh a lán úinéirí gnó neirbhíseach faoin mbagairt a ghabhann le bogearraí éirice, agus cúis mhaith acu, is féidir roinnt beart simplí slándála a chur i bhfeidhm chun sonraí agus córais eagraíochtaí a choinneáil slán."
Mhol na cibearúdaráis gan éilimh éirice a íoc le grúpaí coiriúla freisin, agus iad ag rá nach bhfuil siad i bhfách le híocaíochtaí éirice agus nach ndéanann siad iad a spreagadh ná a fhormhuiniú.
Dúirt an Bleachtaire Ard-Cheannfoirt Paul Cleary, Ceann Bhiúró an GNCCB:
"Níl aon ráthaíocht ann go ndíchripteofar do shonraí go rathúil ná nach sceithfear na sonraí ar líne, fiú amháin i gcás go ndéanann tú an íocaíocht éirice. Go deimhin, is féidir go spriocdhíreofar ar d’eagraíocht an athuair. Léirítear i roinnt taighde go ndéantar ionsaí eile ar suas le 80% de na heagraíochtaí a íocann an t-éileamh."
Mhol sé d’úinéirí gnó na teagmhais a thuairisciú don LNCS agus don Gharda Síochána araon. Is féidir go mbeidh siad in ann tacaíocht a thabhairt d’íospartaigh cibirionsaithe.
Dúirt an Bleachtaire Ard-Cheannfoirt Cleary freisin:
"Trí theagmhais a thuairisciú, cumasaítear dúinn imscrúdú iomlán a dhéanamh ar na cibearchoireanna sin agus cabhraítear linn sainaithint a dhéanamh ar na treochtaí agus na modhanna a úsáideann ionsaitheoirí ionas gur féidir linn comhairle a thabhairt don phobal agus don earnáil chorparáideach maidir le cibearshábháilteacht agus maidir le líonraí a chosaint."
Ag freagairt dó don litir, dúirt Sven Spollen-Behrens, Stiúrthóir Chomhlachas Gnólachtaí Beaga Ibec:
"Tá an rabhadh seo ón LNCS agus ón GNCCB ag teacht lena mbímid ag cluinstin ónár gcuid ball, a bhfuil imní mhéadaitheach orthu faoin mbagairt a ghabhann leis an gcibearchoireacht. Tá an chomhairle a tugadh an-úsáideach, agus tá rún daingean againn obair i gcomhar leis na húdaráis chun a chinntiú go mbíonn na cosaintí cuí á gcur i bhfeidhm ag ár gcuid ball chun na hionsaithe sin a chosc."
CRÍOCH
Is é is bogearraí éirice ann ná cineál bogearraí mailíseacha atá deartha chun rochtain ar ríomhchóras a bhacadh go dtí go n-íocfar suim airgid. Is minic a bhagraíonn dronga bogearraí éirice sonraí íogaire goidte a sceitheadh mura n-íoctar éileamh éirice freisin. Rinneadh ionsaí millteach bogearraí éirice ar Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte i mí na Bealtaine 2021, rud a chuir as go mór do lárchórais TF agus a raibh tionchar suntasach aige ar sheirbhísí sláinte a sholáthar ar fud na tíre.
Is é an Lárionad Náisiúnta Cibearshlándála (LNCS) an t-údarás cibearshlándála teicniúla sa Stát, agus é freagrach as mórtheagmhais chibearshlándála a bhainistiú. Is é Biúró Náisiúnta Cibearchoireachta an Gharda Síochána (GNCCB) an t-aonad náisiúnta de chuid na nGardaí atá freagrach as imscrúdú a dhéanamh ar an gcoireacht chibirspleách agus as scrúdú fóiréinseach a dhéanamh ar na meáin ríomhaire uile a urghabhtar le linn imscrúduithe coiriúla.
Tá tuilleadh mionsonraí faoin Lárionad Náisiúnta Cibearshlándála (LNCS) agus faoi Bhiúró Náisiúnta Cibearchoireachta an Gharda Síochána (GNCCB), lena n-áirítear comhairle agus treoir maidir le bogearraí éirice, ar fáil ar shuíomh gréasáin an Lárionaid Náisiúnta Cibearshlándála agus ar shuíomh gréasáin Bhiúró Náisiúnta Cibearchoireachta an Gharda Síochána nó ar a leathanach faoi seach ar Twitter: @ncsc_gov_ie agus @gardainfo
Déanann Comhlachas na nGnólachtaí Beaga ionadaíocht bhródúil do bhallraíocht éagsúil a chuimsíonn gnólachtaí dúchasacha a bhfuil níos lú ná 50 fostaí acu, agus iad ag obair i ngach earnáil de gheilleagar na hÉireann. Is féidir baill den Chomhlachas a fháil i ngach baile agus i ngach cathair in Éirinn.
Tá tuilleadh faisnéise ar fáil ar shuíomh gréasáin Chomhlachas na nGnólachtaí Beaga nó ar a leathanach ar Twitter: @SFA_Irl