Cuireann an tAire tomhaltóirí san airdeall ar athruithe ar an tsiopadóireacht ar líne leis an Ríocht Aontaithe
Ó An Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Chuir an tAire Stáit do Chur Chun Cinn na Trádála, Cúrsaí Digiteacha agus Rialú Cuideachtaí, Robert Troy TD, i gcuimhne do thomhaltóirí na hÉireann inniu (Dé Céadaoin, 6 Eanáir) na hathruithe nua a cuireadh i bhfeidhm le haghaidh an mhiondíola ar líne faoin gComhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe, a cuireadh i gcrích le déanaí.
Dúirt an tAire Troy:
“Táimid ag feidhmiú faoi rialacha nua maidir leis an trádáil ar líne agus ba mhaith liom meabhrú do thomhaltóirí na hÉireann a bheith san airdeall ar chostais bhreise a d’fhéadfadh a bheith i gceist agus ar theidlíochtaí athraithe agus iad ag ceannach ó mhiondíoltóirí ar líne de chuid na Ríochta Aontaithe.”
“Is iad na príomhchúiseanna imní do thomhaltóirí na costais bhreise a d’fhéadfaí a ghearradh orthu trí tháillí CBL agus Custam ag brath ar luach agus ar thionscnamh na n-earraí atá i gceist. Tá roinnt miondíoltóirí ar líne ag cur tomhaltóirí san airdeall ar na hathruithe seo agus tá na táillí breise seo á gcur san áireamh sa phraghas deiridh ag cuid de na miondíoltóirí seo. Ní mór do thomhaltóirí polasaithe na miondíoltóirí a sheiceáil, áfach, chomh maith le táillí breise a d’fhéadfadh an chuideachta seachadta a ghearradh maidir le bailiú táillí, mar shampla”, arsa an tAire.
Dúirt an tAire gur chóir do thomhaltóirí na hÉireann a bheith san airdeall ar na nithe seo a leanas:
Dá bharr sin, d’athdhearbhaigh an tAire nach mór do thomhaltóirí na hÉireann a bheith san airdeall ar na nithe seo a leanas:
Dúirt an tAire Troy freisin:
“Ba mhaith linn go mbainfidh tomhaltóirí in Éirinn tairbhe as an tsiopadóireacht ar líne leis an Ríocht Aontaithe fós agus í ar cheann de na páirtithe trádála is mó atá againn, ach mholfainn do thomhaltóirí na hÉireann smaoineamh chun cinn agus iad ag ceannach ó mhiondíoltóirí ar líne lasmuigh den AE agus cuairt a thabhairt ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin um Iomaíocht agus Cosaint Tomhaltóirí ( ccpc.ie ) chun eolas soiléir agus úsáideach a fháil ar tháillí agus ar chearta tomhaltóirí. Tá naisc úsáideacha ar shuíomh gréasáin na gCoimisinéirí Ioncaim freisin ( revenue.ie ), ar a dtugtar eolas ríthábhachtach do thomhaltóirí na hÉireann a bhfuil sé ar intinn acu earraí a cheannach ar líne lasmuigh de mhargadh aonair an AE”.
Chun tuilleadh eolais a fháil, téigh go dtí:
Bíonn gach earra a allmhairítear ó thír neamh-AE, an Ríocht Aontaithe san áireamh (seachas Tuaisceart Éireann), faoi réir foirmiúlachtaí custam ón 1 Eanáir agus meastar le haghaidh Dleachta Custam agus CBL iad. Ag brath ar na cineálacha earraí agus ar an luach atá orthu, d’fhéadfaí táillí a ghearradh orthu, lena n-áirítear dleachtanna custam, CBL agus dleachtanna máil. Íoctar Dleacht Mháil ar tháirgí alcóil agus tobac agus níl aon bhaint aici le Dleacht Chustam.
Seo a leanas na rialacha ginearálta agus na luachanna gaolmhara: