Ráiteas ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá an tAire Catherine Martin i mbun ionadaíochta ar son na hÉireann ag roinnt ocáidí in Austin, mar chuid de chlár an Rialtais do Lá Fhéile Phádraig 2024, cuid acu mar chuid d’fhéile SXSW.
Tá sé mar aidhm ag na hócáidí seo tionscail chruthaitheach na hÉireann a chur chun cinn trí mhisean trádála faoi stiúir Fhiontraíocht Éireann agus trí fheachtas cuimsitheach chun tionscail scannánaíochta na hÉireann a chur chun cinn. Tá siad ar siúl i gcomhpháirtíocht le consalachtaí na hÉireann in Austin, i Los Angeles agus i San Francisco, mar aon leis an Roinn Gnóthaí Eachtracha, Cultúr Éireann, Fís Éireann, an Ghníomhaireacht Forbartha Tionscail, Turasóireacht Éireann agus Ceol na hÉireann. Chomh maith leis seo, beidh an tAire i mbun idirbheartaíochta le daoine óga gairmiúla in earnáil an ghnó agus leis an diaspora níos leithne sa réigiún.
Labhair an tAire ar maidin le roinnt mhaith de na healaíontóirí a tharraing amach as Féile SXSW. Leirigh sí a meas iomlán dá saoirse cainte mar ealaíontóirí agus mhínigh sí dóibh go n-úsáidfidh sí gach deis chun a cuid déistine as an slad atá déanta ar Ghaza a chur in iúl.
Ina measc seo tá fáiltiú consalach Fhéile Phádraig in Austin anocht, ag a léireoidh sí don slua éilimh Rialtas na hÉireann go mbeadh sos cogaidh ann láithreach, go scaoilfear saor na gialla ar fad go neamhchoinníollach, agus go mbeadh méadú suntasach agus leanúnach ar chabhair dhaonnúil, ar bhia agus ar leigheas do mhuintir Ghaza.