Cuireann an tAire McConalogue Bille um Shlabhra an tSoláthair Talmhaíochta agus Bia i gcrích
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fháiltigh an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, an T.D. Charlie McConalogue, roimh an scéala go bhfuil an tUachtarán Michael D. Higgins tar éis an Bhille um Shlabhra an tSoláthair Talmhaíochta agus Bia, 2022, a shíniú ina dhlí.
Dúirt an tAire McConalogue:
“Is céim mhór chun tosaigh an reachtaíocht seo, reachtaíocht a bhfuilim ag cur chun tosaigh ó bhí mé sa fhreasúra, agus léiríonn sí cé chomh tiomanta agus atá mé le fada an lá do chothrom na Féinne agus trédhearcacht níos mó a chothú sa slabhra soláthair talmhaíochta agus bia.”
“Agus an Oifig Neamhspleách seo ina príomhchlár ó thaobh ghealltanas an Rialtais de, tabharfar An Rialálaí Agraibhia uirthi feasta agus beidh sé de chúram air prionsabail chothrom na Féinne agus na trédhearcachta a chur chun cinn agus a fhorfheidhmiú sa slabhra soláthair talmhaíochta agus bia, fad is atá aird ar leith aige ar fheirmeoirí, ar iascairí agus ar ghnólachtaí beaga bia.”
Beidh an Oifig nua seo in ann é seo a dhéanamh ar roinnt bealaí:
• Is é feidhm a bheidh aici ná anailís agus tuairisciú a dhéanamh ar phraghsanna agus ar mhargaí ar mhaithe le níos mó trédhearcachta a chothú ar fud an tslabhra soláthair talmhaíochta agus bia. Chuige seo, cuirfidh sé tuairiscí rialta ar fáil ina mbeidh faisnéis praghsanna agus margaidh maidir le gach earnáil sa slabhra soláthair agraibhia.
• Rachaidh sé i mbun plé le miondíoltóirí, le próiseálaithe, le mórdhíoltóirí, le feirmeoirí, le hiascairí, agus le dreamanna eile maidir le hábhair a théann i bhfeidhm ar Chothrom na Féinne agus ar thrédhearcacht sa slabhra soláthair talmhaíochta agus bia.
• Agus é mar an tÚdarás Forfheidhmithe ainmnithe ag an Stát chun bheith ag faire amach do Thrádchleachtais Éagothroma, beidh sé freagrach as féachaint chuige nach mbainfidh ceannaitheoirí sa slabhra soláthair talmhaíochta agus bia leas as cleachtais éagóracha agus iad i mbun trádála gnó-le-gnó le soláthraithe. Forálann an Bille don Údarás Forfheidhmithe UTP eatramhach a aistriú chuig an Oifig nua.
Mar fhocal scoir dúirt an tAire McConalogue:
“Tá ríméad orm go bhfuil an Bille achtaithe anois agus gabhaim buíochas le mo chomhghleacaithe sa Rialtas as ucht a gcuid tacaíochta agus le comhaltaí an Oireachtais a chuaigh i mbun an Bhille a phlé ar bhealach chomh dearfach sin.”
CRÍOCH
• Agus é comhdhéanta de Chathaoirleach agus seachtar gnáthchomhalta Boird, ceapfar Bord an Rialálaithe Agraibhia tar éis tabhairt faoi phróiseas iomaíoch a reáchtálfar trí oifig na mBord Stáit, stateboards.ie.
• Táthar tar éis Príomhfheidhmeannach ainmnithe de chuid Rialálaí Agraibhia a cheapadh cheana féin tar éis próiseas iomaíoch a reáchtáil agus tá an té sin ina Cheannasaí ar an Údarás Forfheidhmithe UTP eatramhach faoi láthair, feidhm a aistreofar chuig an Oifig nua nuair a chuirfear ar bun í.
• Tá reachtaíocht thánaisteach á hullmhú chun an tAcht a chur chun feidhme.