Fógraíonn na hAirí McConalogue agus O’Brien tionscadal €60 milliún chun cáilíocht uisce a fheabhsú
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D, in éineacht leis an Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, Darragh O’Brien T.D, inniu tacaíocht de €60 milliún le feabhas a chur ar cháilíocht uisce ag leibhéal áitiúla, dobharcheantair agus náisiúnta.
Oibreoidh Clár Uiscí na nÚdarás Áitiúil (LAWPRO) le Teagasc agus Tionscal Déiríochta Éireann (DII) le feirmeoirí ar bhonn aonair chun cáilíocht uisce a fheabhsú trí thionscadal Chomhpháirtíocht Nuálaíochta na hEorpa (EIP) UISCE. Bainfear é seo amach trí ghlacadh le cleachtais nuálaíocha i mbainistíocht cothaithigh, Bearta Coinneála Uisce Nádúrtha a chur i bhfeidhm atá bunaithe ar an dúlra (NWRM) agus bearta eile ar leibhéal na feirme de réir phrionsabail na Bainistíochta Comhtháite Dobharcheantair. Mar chomhpháirtíocht nuálaíochta, déanfar bearta a dhearadh agus a dhíriú go sonrach chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin áitiúla.
Is cur chuige comhoibríoch é seo idir an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara agus an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta i gcomhpháirtíocht le hearnáil na tionsclaíochta. Tacóidh an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara leis an tionscadal trí chúnamh teicniúil agus maoiniú de €50 milliún a sholáthar d’fheirmeoirí rannpháirteacha, arna chómhaoiniú ag an Státchiste Náisiúnta agus an AE faoin gComhbheartas Talmhaíochta. Táthar ag súil go ndíreofar ar 15,000 feirmeoir i réimsí tosaíochta go náisiúnta. Soláthróidh an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta tacaíocht riaracháin agus maoiniú de €10 milliún. Tá an tionscadal EIP Uisce, a bheidh ar siúl go dtí deireadh 2027, bronnta ar Chlár Uiscí na nÚdarás Áitiúil (LAWPRO).
Dúirt an tAire McConalogue:
“Tá an tionscal agraibhia ag obair le chéile chun cáilíocht an uisce a fheabhsú. Mar sin féin, is gá aitheantas a thabhairt d’fheirmeoirí a dhéanann infheistíocht i bhfad sa bhreis ar cheanglais rialála chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna áitiúla ar cháilíocht uisce. Is é seo an maoiniú is mó atá curtha ar fáil ag mo Roinn d’EIP amháin, ag aithint a thábhachtaí is atá an tionscadal seo chun cleachtais inbhuanaithe talmhaíochta a fheabhsú agus chun rannchuidiú ar bhealach suntasach le cáilíocht uisce a fheabhsú ar leibhéal náisiúnta.”
Dúirt an tAire O’Brien:
“Tá an-áthas orm a bheith páirteach san fhógra seo inniu agus go háirithe, tagairt don phróiseas comhoibríoch atá idir láimhe ag an dá Roinn agus an EIP Uisce á fhorbairt acu. Is tionscadal an-suntasach é an EIP Uisce a chuirfidh chun cinn an glacadh le dea-chleachtas nualaíoch i mbainistíocht cothaithigh agus a thabharfaidh aghaidh ar bhearna ríthábhachtach i mbearta chun cáilíocht uisce a chosaint agus a athchóiriú.”
Dúirt an tAire Bithéagsúlachta agus Talamhúsáide, an Seanadóir Pippa Hackett:
“Mar Aire le freagracht as Comhpháirtíochtaí Nuálaíochta Eorpacha laistigh den Roinn Talmhaíochta, tá taithí phearsanta agam le blianta beaga anuas ar an tionchar dearfach a d’fhéadfadh a bheith ag scéimeanna comhairleacha atá tiomáinte go háitiúil ar ár gcomhshaol. Is é seo an EIP is mó atá againn go dtí seo, agus léiríonn an méid maoinithe cé chomh dáiríre agus atá ár n-uaillmhian chun dul i ngleic le laghduithe i gcáilíocht uisce, a bhaineann le talmhaíocht.
“Léiríonn sláinte agus cáilíocht ár n-uisce sláinte ár n-éiceachórais níos leithne, agus is iomaí cineál truaillithe ata ann - agus bíonn tionchar mór ag an talmhaíocht. Glacfaidh togra buaiteach LAWPRO cur chuige atá bunaithe go háitiúil, agus gníomhartha ar leibhéal na feirme agus gnéithe tírdhreacha i dteannta a chéile chun príomhaidhm an chláir maidir le feabhas a chur ar cháilíocht an uisce a bhaint amach, agus chun raon comhleasanna éiceachórais a sholáthar chomh maith. Tá a fhios againn gur samhail í samhail LAWPRO a oibríonn, d’fheirmeoirí agus do cháilíocht uisce, agus mar sin táim ar bís a fheiceáil cad is féidir linn a bhaint amach trína leathnú amach ag an leibhéal cuí sna blianta amach romhainn.”
Dúirt an tAire Stáit le freagracht as Oidhreacht, Malcolm Noonan:
“Cuirim fáilte roimh bhronnadh an tionscadail nua seo. Soláthróidh sé tacaíocht dhíreach d’fheirmeoirí agus nasc ríthábhachtach idir eolaíocht dhobharcheantar an GCC, comhairle Clár Tacaíochta agus Comhairleach um Inbhunaitheachta Talmhaíochta (ASSAP) agus bearta éifeachtacha ar leibhéal na feirme chun ár n-uiscebhealaí a chosaint agus a athchóiriú.”
Dúirt Anthony Coleman, Stiúrthóir LAWPRO:
“Tá an-áthas ar Chlár Uiscí na nÚdarás Áitiúil (LAWPRO) a bheith i gceannas ar an tionscadal comhoibríoch seo le Teagasc agus Tionscal Déiríochta Éireann chun cáilíocht uisce a fheabhsú trí oibriú le feirmeoirí ar an talamh.”
Dúirt Pat Murphy, Ceann na Roinne, Aistriú Eolais Comhshaoil, Teagasc: “Tá cur i bhfeidhm beart chun uisce a chosaint ó chaillteanais idirleata cothaithigh agus dríodair ríthábhachtach chun feabhas a chur ar cháilíocht an uisce. D’oibrigh ASSAP le feirmeoirí chun réimsí ar fheirmeacha a bhfuil gá le gníomhaíocht a dhéanamh a aithint, cabhróidh an maoiniú a bheidh ar fáil anois d’fheirmeoirí tríd an EIP Uisce lena chinntiú go gcuirfear an beart ceart san áit cheart chun caillteanais a íoslaghdú.”
Dúirt Conor Ryan, Cathaoirleach Thionscal Déiríochta Éireann:
“Tá tréaniarracht i gcónaí déanta ag Tionscal Déiríochta Éireann réitigh chomhoibritheacha uile-earnála agus rialtais uile a spreagadh chun feabhsúcháin ar cháilíocht uisce a thiomáint. Is céim mhór chun cinn é an comhoibriú seo le LAWPRO agus Teagasc ar ár n-iarrachtaí agus ár n-uaillmhian atá tiomáinte ó bhí baint againn le clár uisce ASSAP.”
Tá tionscadail Chomhpháirtíocht Nuálaíochta na hEorpa Talmhaíocht (EIP-Agri) tiomáinte go háitiúil agus comhoibríoch, ag dul i ngleic le saincheisteanna a mbíonn tionchar acu ar acmhainní nádúrtha, amhail uisce, ar bhealach nualaíoch. Tá an méid a foghlaimíodh ó thionscadail rathúla EIP roimhe seo a fuair maoiniú ón Roinn faoin gClár Forbartha Tuaithe méadaithe cheana féin go scéimeanna náisiúnta ar nós na scéime nua agra-chomhshaoil, ACRES.
Sainaithníodh sa mheastóireacht ar an gClár Tacaíochta agus Comhairleach um Inbhuanaitheacht Talmhaíochta (ASSAP) an gá atá le tacú le feirmeoirí a chuireann bearta cosanta uisce breise spriocdhírithe i bhfeidhm. Is féidir le huirlisí eolaíocha arna bhforbairt ag an nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil cabhrú le díriú ar an mbeart ceart san áit cheart.
CRÍOCH
Tá an tionscnamh EIP cómhaoinithe ag an gCoimisiún Eorpach agus ag Rialtas na hÉireann mar chuid de Chlár Forbartha Tuaithe na hÉireann agus leanfar leis faoi Phlean Straitéiseach an Chomhbheartais Talmhaíochta. Sa chás seo, maoineoidh an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara gníomhaíochtaí feirmeoirí faoin EIP rathúil, agus maoineoidh an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta costais riaracháin an Ghrúpa Oibriúcháin.
Go bunúsach, baineann an tionscnamh EIP le raon páirtithe leasmhara (feirmeoirí, comhairleoirí, taighdeoirí, Eagraíochtaí Neamhrialtasacha) ag teacht le chéile i ngrúpa ar a dtugtar ‘Grúpaí Oibriúcháin’ chun réitigh nuálacha a d’fhorbair an Grúpa féin a thriail.
Is féidir tuilleadh eolais ar Chomhpháirtíocht Nuálaíochta na hEorpa (AGRI) a fháil ar shuíomh gréasáin na Roinne ag https://www.gov.ie/en/service/18a855-european-innovation-partnership-scheme/