Arna Eisiúint ag Preas-Oifig an Rialtais
Labhair an Taoiseach agus Uachtarán na Comhairle Eorpaí, Donald Tusk ar an teileafón le linn an tráthnóna.
Phléigh siad cruinniú na Comhairle Eorpaí na seachtaine seo agus an staid reatha maidir leis an mBreatimeacht.
D'aontaigh siad gurb é an Comhaontú um Tharraingt Siar an rogha is fearr agus ní fhéadfaí idirbheartaíocht a dhéanamh air arís. D'aontaigh siad freisin gur chóir go ndéanfar tuilleadh ullmhúchán le haghaidh toradh 'gan margadh'.