Fógraíonn an tAire sonraí SEODA – Féile Dhomhanda Ealaíon ar Líne de chuid Éire Ildánach
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Catherine Martin T.D. sonraí fhéile ar líne de chuid Éire Ildánach do lár mhí an Mhárta. Déanfaidh an fhéile seo ceiliúradh ar ealaíona na hÉireann ar fud an domhain. De ghnáth ag am seo den bhliain bíonn ealaíontóirí na hÉireann ag taisteal timpeall na cruinne chun ár gcultúr a léiriú agus a roinnt ar ardáin idirnáisiúnta.
Beidh scoth ealaíontóirí agus compántas na hÉireann ag glacadh páirte san fhéile, agus léireofar gach foirm ealaín ó ailtireacht go hamharcealaíona. Is clár uaillmhianach í an fhéile 5 lá atá ar siúl ón 17 go dtí an 21 Márta chun a chinntiú go mbeidh lucht féachana domhanda ag ealaíontóirí na hÉireann, an diaspóra agus lucht féachana nua nach bhfaca ealaíontóirí na hÉireann go fóill san áireamh. Tá an fhéile ar fáil saor in aisce ar líne in Éirinn chomh maith.
Dúirt an tAire Martin: “Is mór againn ar n-ealaíontóirí in Éirinn agus in ainneoinn na ndúshlán i mbliana, cruthaíonn agus léiríonn ár n-ealaíontóirí saothair den scoth ar bhealaí nuálacha. Trí rogha léirithe iontacha a roinnt ar líne ag teacht le haidhmeanna Éire Dhomhanda, is féidir linn lucht féachana timpeall na cruinne a mhealladh agus ár naisc chultúrtha a choinneáil agus dóchas agus áthas a scaipeadh ag an am seo den bhliain nuair atá áit lárnach ag cultúr na hÉireann ar an ardán domhanda.”
Le bliain anuas tá Éire Ildánach tar éis ealaíontóirí na hÉireann a chur chun cinn timpeall an domhain trí na healaíona a léiriú ar líne. Tá fonn níos mó i mbliana lucht féachana domhanda a mhealladh trí SEODA, mar sa bhliain 2020 bhí ealaíontóirí tar éis áiteanna a shroicheadh ar fud na cruinne, ach ní raibh seans acu léirithe a dhéanamh thar thréimhse Lá Fhéile Pádraig. In 2019 thacaigh Éire Ildánach le 60 ealaíontóir Éireannach dul ar chamchuairt i mí an Mhárta agus d’fhéach lucht féachana 350,000 orthu in ionaid éagsúla timpeall an domhain.
Tá tairiscint amharclannaíochta an-láidir i SEODA a léiríonn buaicphointí Machnaimh ar phaindéim 2020 Dear Ireland de chuid Amharclann na Mainistreach, léiriú Amharclann Druid ar The Cherry Orchard curtha in oiriúint ag Tom Murphy agus Solar Bones, bunaithe ar an úrscéal le Mike McCormack a bhfuil duaiseanna buaite aige, léirithe ag Rough Magic.
Do pháistí, tá an seó atá cáiliúil go hidirnáisiúnta, The Wolf and Peter le hAmharclann Damhsa CoisCéim, The Girl Who Forgot to Sing Badly le Theatre Lovett agus léiriú Prime Cut ar Removed.
Maidir le scannáin, díreofar ar Wolfwalkers le Cartoon Saloon atá ainmnithe do ghradam Golden Globe, mar aon le rogha gearrscannán. Taispeánfar an scannán i nGailearaí de Buitléir i gCill Chainnigh agus seinnfidh Kíla ceol ag an imeacht chéanna. Tá Kíla ainmnithe do ghradaim Cheol Hollywood sna Meáin mar chuid d’fhoireann cumadóirí an scannáin.
Díreofar ar réimse leathan ceoil ó cheol traidisiúnta le Martin Hayes, Ambasadóir Cultúir na hÉireann, go clár éagsúil le Ceolfhoireann Aireagail na hÉireann agus ceol Iodálach speisialta in The Trials of Tenducci le Ceolfhoireann Bharócach na hÉireann.
I measc bhuaicphointí na n-imeachtaí liteartha tá ócáid omóis do Derek Mahon le Stephen Rea, léirithe ag TradFest, tráthnóna speisialta ón gCeoláras Náisiúnta comhordaithe ag Sinéad Gleeson agus Féile Cúirte léirithe ó Ashford Castile.
Díreofar isteach ar an ngné dhomhanda le himeachtaí ó thrí cinn de na hIonaid Chultúir Éireannaigh thar lear, Irish Arts Centre, NY, The London Irish Centre, Camden agus Centre Culturel Irlandais, Paris.
Tá gach imeacht ar fáil saor in aisce do lucht féachana timpeall an domhain trí chainéal YouTube Éire Ildánach. Tabharfar íocaíocht do gach ealaíontóir a bheidh i mbun taibhithe do léiriú a gcuid saothar ar líne agus tugann an Chomhairle Ealaíon tacaíocht do go leor de na healaíontóirí agus do na compántais. Tá sonraí iomlána an chláir ar suíomh gréasáin Éire Ildánach [external-link https://www.cultureireland.ie/news/article/culture-ireland-seoda-5-day-global-online-festival-17-21-march | anseo. ]