Fógraíonn an tAire Sláinte an straitéis leithdháilte le haghaidh vacsaíní COVID-19
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Sláinte, Stephen Donnelly TD, inniu an straitéis leithdháilte le haghaidh vacsaíní COVID-19, tar éis síniú ón gComh-Aireachta.
Tugann an straitéis tosaíocht dóibh siúd os cionn 65 bliana d’aois atá ina gcónaí i saoráidí cúraim fhadtéarmaigh, oibrithe cúram sláinte líne tosaigh atá i dteagmháil dhíreach le hothair agus iad siúd atá 70 bliain d’aois agus níos sine.
D’fhógair an tAire freisin nár cheart go mbeadh aon bhac ar dhaoine rochtain a fháil ar vacsaín, agus dá bhrí sin beidh clár na vacsaíne ar fáil saor in aisce do gach duine in Éirinn.
Bhí Straitéis Leithdháilte Vacsaín COVID-19 bunaithe ar pháipéar na Roinne Sláinte agus an Choiste Comhairleach Náisiúnta um Imdhíonadh (NIAC). Leagtar amach ann liosta tosaíochta sealadach de ghrúpaí le haghaidh vacsaínithe a luaithe a gheobhaidh vacsaín/vacsaíní sábháilte agus éifeachtach(a) údarú ón nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach (EMA). Thacaigh an Fhoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí (NPHET) leis an bpáipéar seo an 3 Nollaig.
Dúirt an tAire Sláinte:
“Is ábhar dóchais é an nuacht le déanaí ó fhorbróirí vacsaíní tar éis bliana an-deacair. Is idirghabháil an-éifeachtach é an vacsaíniú chun beatha a shábháil agus sláinte mhaith a chur chun cinn. Ar ndóigh, is í sábháilteacht agus éifeachtúlacht na vacsaíní ár bpríomhthosaíocht agus beidh ar aon vacsaín COVID-19 a riartar in Éirinn a bheith údaraithe ag an nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach. Cé go bhfuilimid ag fanacht le nuacht faoi cibé an gcomhlíonann na vacsaíní seo riachtanais uile an EMA maidir le cáilíocht, sábháilteacht agus éifeachtúlacht, tá an Rialtas ag obair chun tosaigh ar phleananna chun vacsaíní a rolladh amach."
“Cuid lárnach den rolladh amach is ea a chinntiú go bhfaighidh na daoine is leochailí ó COVID-19 vacsaínithe ar dtús. I bhfianaise eispéireas na tíre le COVID-19 go dtí seo agus na rioscaí atá roimh dhaoine leochaileacha agus iad siúd i líne tosaigh sna seirbhísí sláinte agus cúraim shóisialta, níl ann ach ceart go dtugtar tosaíocht dóibh i leithdháileadh vacsaíní. Lean an rialtas comhairle ónár bpríomh-shaineolaithe leighis."
Cé go bhfuil líon mór dáileoga vacsaíní daingnithe ag Éirinn, beidh an infhaighteacht tosaigh teoranta má údaraítear lena n-úsáid, dá bhrí sin níor mhór straitéis tosaíochta a fhorbairt.
Tugann Straitéis Leithdháilte Vacsaín COVID-19 tosaíocht do ghrúpaí atá bunaithe ar (1) phrionsabail eiticiúla agus (2) ar cheisteanna eipidéimeolaíocha, agus cuirtear san áireamh tréithe sainiúla reatha an ghalair COVID-19, a mhodhanna tarchuir, na grúpaí agus na daoine aonair is soghabhálaí d'ionfhabhtú agus a bhfuil ar eolas faoi na vacsaíní faoi láthair. Tiocfaidh forbairt agus oiriúnú ar an Straitéis le faisnéis níos mionsonraithe faoi na vacsaíní agus a n-éifeachtacht.
Thug an tAire le fios go bhfuil sé ríthábhachtach cloí go leanúnach le bearta sláinte poiblí chun an galar a sheachaint. Beidh orainn a chéile a chosaint go fóill trí lámha a ní, sraothanna a chlúdach, áiteanna plódaithe a sheachaint, scaradh fisiceach a choinneáil ó dhaoine, agus clúdaigh aghaidhe a chaitheamh.
Dúirt sé:
“Cé go bhfuil sé an-éasca a bheith neamhairdeallach anois go bhfuil vacsaíní ar na bacáin, tá sé ríthábhachtach leanúint leis an treoir sláinte poiblí a leanúint. Is galar marfach é COVID-19 i gcónaí. Tá obair chrua agus íobairt mhór déanta agus tá an ráta minicíochta 14 lá is ísle de COVID-19 san AE againn anois. Táimid in áit mhaith, agus ba mhaith linn é a choinneáil mar sin. Cuimhnigh go bhfuil gach teagmháil tábhachtach."
CRÍOCH
Tá pleanáil agus cur i bhfeidhm clár imdhíonta COVID-19, má/nuair a bhíonn vacsaín sábháilte agus éifeachtach COVID-19 ar fáil, á ndéanamh ar bhonn práinne.
Forbraíodh an Creat Leithdháilte chun machnamh a dhéanamh ar conas tosaíocht a thabhairt do ghrúpaí éagsúla. Tá sé bunaithe ar (1) phrionsabail eiticiúla agus (2) ar cheisteanna eipidéimeolaíocha, agus cuirtear san áireamh an tuiscint reatha agus éabhlóideach ar shaintréithe sainiúla an ghalair COVID-19, a mhodhanna tarchuir, na grúpaí agus na daoine aonair is so-ghabhálaí d’ionfhabhtú agus tréithe na vacsaíní iarrthóra.
Comhcheanglaíonn an Creat Leithdháilte prionsabail eiticiúla chomh maith le rochtain chothrom le tosaíocht dóibh siúd is mó a dteastaíonn sé uathu.
Soláthraíonn ceithre chroíphrionsabal eiticiúla, eadhon, comhionannas morálta gach duine, íoslaghdú díobhála, cothroime agus cómhalartacht treoir maidir le tosaíocht a thabhairt.
Seo an chéad leagan den straitéis leithdháilte; déanfar é a oiriúnú de réir mar a thiocfaidh níos mó sonraí agus fianaise chun cinn le himeacht ama ar éifeachtacht na vacsaíne agus eipidéimeolaíocht an ghalair. Leanfaidh eolaithe agus cliniceoirí le ról lárnach a bheith acu maidir le héabhlóid leanúnach tosaíochta vacsaíne a chinneadh chun an úsáid is fearr is féidir a bhaint amach ó thaobh na sláinte poiblí de.
Tá an Rialtas tiomanta do chlár imdhíonta COVID-19 a chur i bhfeidhm go tráthúil, a luaithe a cheadófar vacsaín amháin nó níos mó i bpunann an AE le húsáid/le n-úsáid. Maidir leis seo, bunaíodh Tascfhórsa Ardleibhéil tras-Rialtais chun tacú le forbairt agus cur i bhfeidhm an chláir agus maoirseacht a dhéanamh air.
Tabharfaidh an tAire Sláinte an Straitéis agus an Plean Forfheidhmithe foriomlán atá á fhorbairt tríd an Tascfhórsa Ardleibhéil lena bhreithniú ag an Rialtas go luath.
Is iad seo a leanas na cuideachtaí reatha a ndearnadh Ard-chomhaontuithe Ceannaigh (APAnna) leo:
Pfizer/BioNtech | 2.3m |
AstraZeneca/OU | 3.3m |
Janssen J&J | 2.2m |
CureVac | Le deimhniú |
Moderna | 0.88m |