Buansciath an Chomórtais Aistritheoirí Óga ar a bhealach go Gleann na Madadh
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
An chéad ghlúin eile d’aistritheoirí Gaeilge á cothú
Is é Leo Oisíneach Mac an tSaoir, scoláire as Pobalscoil an Ghleanna i nGleann na Madadh, Contae na Gaillimhe, atá fógartha (inniu, 3 Bealtaine 2023) mar bhuaiteoir an chomórtais Aistritheoirí Óga do 2023. Is é seo an tríú bliain as a chéile atá an Bhuansciath buaite ag scoláire ó Chontae na Gaillimhe.
Is iad Áine Ní Dhuibh, Coláiste Chaitríona, Ard Mhacha; Rachel Ní hÉarchaí, Coláiste Naomh Leoin, Ceatharlach; Sarah Nic an Choiligh, Coláiste na Coiribe, Co. na Gaillimhe; agus Sinéad de Búrca, Coláiste Íde, Co. Chiarraí a bhuaigh catagóirí Chúige Uladh, Laighean, Chonnacht agus na Mumhan agus táibléad Samsung an duine bronnta orthu.
Ag labhairt dó ag ócáid bhronnta na nduaiseanna, dúirt Aire Stáit na Gaeltachta, Patrick O’Donovan TD an méid seo:
“Tréaslaím go mór leis na buaiteoirí inniu agus leis na hiontrálaithe ar fad a ghlac páirt i gcomórtas na bliana seo. Is deis iontach é an comórtas seo do dhaltaí meánscoile smaoineamh ar na deiseanna fostaíochta atá san Eoraip dóibh siúd a bhfuil ardchaighdeán Gaeilge acu. Leis an ardchaighdeán iontrálacha a fheicimid sa chomórtas seo gach bliain, níl aon amhras orm ach go mbeidh cuid de na hainmneacha a fheicimid anseo inniu ina gcomhghleacaithe againn sna hinstitiúidí Eorpacha sna blianta amach romhainn.”
I láthair ag an searmanas inniu chomh maith bhí Seán Hade, Ceann Roinn na Gaeilge sa Choimisiún Eorpach. Comhthionscnamh idir an Coimisiún Eorpach agus an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán is ea an Comórtas Aistritheoirí Óga, atá á reáchtáil ó 2018 i leith.
CRÍOCH