Nuashonrú ar íocaíochtaí a bronnadh d’Íocaíocht Dífhostaíochta Phaindéim COVID-19 agus Sochar Breoiteachta Breisithe - an 10 Lúnasa 2021
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’eisigh an Roinn Coimirce Sóisialaí íocaíochtaí seachtainiúla an tseachtain seo ar a bhfuil luach €46.7 milliún do 157,712 duine a bhfuil Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime (ÍDP) á fáil acu.
Is san earnáil Chóiríochta agus Seirbhísí Bia atá an laghdú is mó an tseachtain seo.
Tá na figiúirí a foilsíodh an tseachtain seo faoi ÍDP anuas ar na 184,213 duine a bhí ar an mBeochlár amhail deireadh mhí Iúil.
Íocadh gach Íocaíocht Dífhostaíochta Phaindéim COVID-19 isteach i gcuntais bhainc faighteoirí nó tá siad ag a n-oifig poist inniu, Dé Máirt, an 10 Lúnasa.
Ag caint di inniu faoi fhigiúirí na seachtaine seo, dúirt an tAire Coimirce Sóisialaí, Heather Humphreys:
“Is ábhar mór spreagtha a thabhairt faoi deara go bhfuil níos mó daoine i gcónaí ag filleadh ar an obair gach seachtain. Níl Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime á híoc le breis agus 325,000 duine níos lú ó mhí Feabhra agus mar gheall go bhfuil fógraíocht ghníomhach á déanamh ag go leor gnólachtaí d’fhoireann nua agus go bhfuil foireann nua á fostú acu, tá súil agam go leanfaidh seo ar aghaidh i rith Lúnasa.
“Is tábhachtach go gcuimhníonn daoine ar a n-éileamh a dhúnadh ar Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime ar a gcéad lá ar ais san obair.
Dúirt an tAire Humphreys freisin:
“Leanann ár gclár vacsaínithe náisiúnta le dul chun cinn ollmhór a dhéanamh agus tá breis agus 6 milliún dáileog tugtha anois. Is ard don ghlacadh leis an vacsaín in Éirinn i measc na n-aoischatagóirí go léir de réir caighdeáin idirnáisiúnta agus tá ár saoránaigh le moladh dó seo. Ba thuar mór dóchais le roinnt seachtainí anuas an fhreagairt ollmhór a thabhairt faoi deara a bhí ag ár ndaoine óga ag ionaid siúil isteach fud fad na tíre.
“Leanfaidh an rialtas le monatóireacht a dhéanamh ar dhul chun cinn an víris agus an chláir vacsaínithe sna seachtainí amach romhainn ag féachaint le treochlár a thabhairt chun cinn ar mhaithe le srianta a laghdú nó a bhaint faoi dheireadh Lúnasa.”
Is é Baile Átha Cliath an contae ina bhfuil an líon is airde daoine a bhfuil ÍDP á fháil acu (59,480). Is iad Corcaigh (14,025) agus Gaillimh (8,363) an dara agus an tríú contae ina bhfuil an líon is airde daoine a bhfuil ÍDP á fháil acu.
Gabhann an tseachtain íocaíochta d’Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime ón Aoine go Déardaoin agus íoctar íocaíochtaí an Mháirt ina dhiaidh sin. Gheobhaidh daoine a dhún a n-éileamh ar ÍDP faoi Dé Luain, an 9 Lúnasa, mar gheall gur fhill siad ar an obair, a n-íocaíocht dheireanach ÍDP Dé Máirt, an 17 Lúnasa.
Leanann an Roinn ag meabhrú d’oibrithe atá ag filleadh ar an obair go gcaithfidh siad a n-éileamh ar Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime a dhúnadh ar an dáta féin a thosóidh siad ag oibriú arís, lena chinntiú go bpróiseáiltear a n-éileamh i gceart agus lena sheachaint ró-íocaíocht a dhéanamh a rachaidh an Roinn i mbun beart lena haisghabháil.
Mar gheall go n-íoctar ÍDP gach seachtain i riaráistí, tá íocaíocht dheireanach á fáil an tseachtain seo caite ag daoine a dhún a n-éileamh agus cuirtear na daoine seo san áireamh sna líonta atá á n-íoc an tseachtain seo.
Is é an bealach is fusa chun éileamh ar Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime a dhúnadh ná ar líne trí www.MyWelfare.ie. Is féidir le haon oibrí atá ag filleadh ar an obair a bhfuil fiosrúchán acu faoina n-éileamh a dhúnadh, teagmháil a dhéanamh le Líne Thacaíochta Ioncaim thiomnaithe na Roinne trí ghlao ar 1890 800 024 ó Luan go hAoine ó 9am go 5pm.
Ar aon dul le Plean Náisiúnta Téarnaimh Gheilleagraigh an Rialtais, laghdófar ÍDP de réir a chéile ar bhonn barrchaolaithe i rith tréimhse 6 mhí go dtí Feabhra 2022 le hé a ailíniú leis na híocaíochtaí caighdeánacha cuardaitheora poist. Cuirfear tús leis an aistriú seo i Meán Fómhair 2021.
Athruithe
Dúnadh ÍDP d’éilitheoirí nua ón 8 Iúil i mbliana. Is féidir le daoine a chaill a bpost ón 8 Iúil iarratas a dhéanamh ar Shochar Cuardaitheora Poist nó Liúntas Cuardaitheora Poist ar an ngnáthbhealach.
Mic Léinn
Gheobhaidh mic léinn a bhfuil ÍDP á fháil acu a chuir an Roinn ar an eolas go bhfuil nó go mbeidh siad ina mic léinn lánaimseartha i mbliain acadúil 2021/2022 a bheidh ag teacht aníos, a n-íocaíocht dheireanach Dé Máirt, an 7 Meán Fómhair.
Athruithe ar Rátaí ÍDP
Tiocfaidh laghdú €50 i Meán Fómhair ar na trí ráta is airde de ÍDP. Tiocfaidh laghdú anuas go dtí €300 ar an ráta uasta seachtainiúil €350. Tiocfaidh laghdú anuas go dtí €250 ar an ráta reatha €300 agus tiocfaidh laghdú anuas go dtí €203 ar an ráta reatha €250. Léireofar na rátaí íocaíochta nua in íocaíochtaí a fuarthas Dé Máirt, an 14 Meán Fómhair.
Aistreofar daoine a bhfuil ráta ÍDP €203 á fháil acu go dtí téarmaí caighdeánacha cuardaitheora poist. Cuirfear in iúl do dhaoine a bhfuil an ráta íocaíochta seo á fháil sna seachtainí amach romhainn na roghanna atá acu maidir le híocaíochtaí Cuardaitheora Poist caighdeánacha, is é sin, Sochar Cuardaitheora Poist nó Liúntas Cuardaitheora Poist. Leanfar le ÍDP a íoc fad a bhíonn éilimh chuardaitheora poist á bpróiseáil.
Tá dhá chéim eile d’athruithe ar ráta le titim amach ón 16 Samhain 2021 agus an 8 Feabhra 2022. Mar gheall go n-aistrítear faighteoirí ÍDP go dtí an ráta €203 i ngach céim, aistreofar iad chuig téarmaí caighdeánacha cuardaitheora poist.
Tugann an roinn faoi shraith seiceálacha réamhíocaíochta agus iaríocaíochta ar gach éileamh ar ÍDP, seiceálacha cáilitheachta leanúnaí san áireamh. Má dhéantar na seiceálacha seo a cheadú, déanann an Roinn na híocaíochtaí seo a phróiseáil bunaithe ar fhéindearbhú na gcliant.
Déanann an roinn seiceálacha iaríocaíochta lena n-áirítear sonraí a fhíorú in aghaidh thaifid na gCoimisinéirí Ioncaim, cásanna a scrúdú ina mbaintear úsáid as an gcuntas bainc céanna roinnt mhaith amanna, ina scrúdaítear cásanna ina dtugann an fostóir nó baill den phobal buarthaí le fios, agus ina n-úsáidtear anailísíocht sonraí chun éilimh a shainaithint agus a sheiceáil. Tugann sé faoi chigireachtaí ar fhostóirí freisin.
Tugann Aonad Imscrúdaithe Speisialta na roinne faoin obair seo, ina bhfuil breis agus 20 Garda ag oibriú ann ar iasacht leis an roinn.
De réir mar a athosclaítear gnólacht, leanann cigirí na roinne le hathbhreithnithe rialaithe a dhéanamh agus taifid a chur i gcomparáid le sonraí párolla fostóirí ó na Coimisinéirí Ioncaim lena chabhrú a chinntiú go ndúnann daoine a n-éileamh fad a fhilleann siad ar an obair. Lena sheachaint ró-íocaíocht a fháil, ba cheart do dhaoine atá ag filleadh ar an obair a n-éileamh a dhúnadh agus is féidir leo sin a dhéanamh gan stró ag should Go leor a n-éileamh agus a dhéanamh so gan stró ag www.MyWelfare.ie.
Is féidir le daoine féinfhostaithe a bhfuil Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime á fáil acu atá ag iarraidh a ngnólacht a chothabháil a mhéid le €960 a thuilleamh i gcaitheamh tréimhse ocht seachtaine agus a dteidlíocht iomlán do ÍDP a choimeád.
Níl aon phróiseas iarratais foirmiúil ann agus ní gá do dhuine féinfhostaithe ach an Roinn a chur ar an eolas má thuilleann siad breis agus €960 in aon tréimhse ocht seachtaine.
Leanfaidh an Deontas Tacaíochta Fiontraíochta €1,000 a bheith ar fáil don chuid eile den bhliain do dhaoine féinfhostaithe a dhúnann a n-íocaíocht ÍDP. Beidh iad siúd a d’éiligh an deontas in 2020 ach a raibh ÍDP á íoc arís leo ina dhiaidh sin in 2021, in ann teacht ar an deontas an dara huair.
Is é an bealach is éasca agus is tapúla chun iarratas a dhéanamh ar go leor íocaíochtaí leasa shóisialaigh, Sochar Breoiteachta Breisithe agus íocaíochtaí Cuardaitheora Poist san áireamh, ar líne ag www.MyWelfare.ie. Ardán é seo atá sábháilte, slán agus inrochtana tráth ar bith, áit ar bith agus ar gach gléas. Tugtar an rogha do dhaoine iarratas a dhéanamh ar Shochar Máithreachais, Sochar Atharthachta, Sochar Linbh, aisíocaíochtaí ÁSPC agus íocaíochtaí cuardaitheora poist anuas ar iarraidh ar ráiteas nó ar thaifead ranníocaíochtaí árachais shóisialaigh ón Roinn.
Tá an tseirbhís iarratais chun iarratas a dhéanamh ar Uimhir PSP ar fáil ag www.MyWelfare.ie do dhaoine a chónaíonn in Éirinn atá ar a laghad 18 mbliana d’aois agus a dteastaíonn Uimhir PSP uathu chun sochair leasa shóisialaigh, seirbhísí poiblí agus eolas a fháil in Éirinn. Chun iarratas a dhéanamh ar Uimhir PSP ar líne, beidh ar dhuine cuntas bunúsach MyGovID a bheith acu.
Ar mhaithe leis an gcomhairle sláinte poiblí agus cloí le scaradh sóisialta, iarrtar ar dhaoine, más féidir, gan freastal ar a nIonad Intreo áitiúil. Ina ionad sin, ba cheart dóibh leas a bhaint as na seirbhísí ar líne atá ar fáil trí MyWelfare.ie.
Moltar d’fhostaithe nó daoine féinfhostaithe a dtagann an víreas orthu nó a dtugann a ndochtúir teastas leighis dóibh ina moltar dóibh féinaonrú, iarratas a dhéanamh ar Shochar Breoiteachta Breisithe. Murab ionann agus an gnáth-Shochar Breoiteachta, íoctar Sochar Breoiteachta Breisithe ón gcéad lá den bhreoiteacht. Is é an bealach is tapúla agus is fusa chun iarratas a dhéanamh ar Shochar Breoiteachta Breisithe trí www.MyWelfare.ie.
Tá íocaíocht Sochair Breoiteachta Bhreisithe á fáil inniu ag 1,832 duine, i gcomparáid le 2,024 duine an tseachtain seo caite.
Tá sonraí iomlána ar fáil faoi Shochar Breoiteachta Breisithe, miondealú de réir earnála agus contae chomh maith le próifíl aoise, ag Aguisín, 7, 8 agus 9.
Meabhraítear do chustaiméirí agus baill den phobal go bhfuil glaonna gutháin camscéime á gcur agus teachtaireachtaí téacs camscéime á seoladh ag daoine a maíonn gurb oifigeach na roinne iad.
Déanann réimse uimhreacha gutháin na glaonna seo a chur agus na teachtaireachtaí seo a sheoladh, agus bíonn an chuma chéanna ar roinnt díobh le huimhreacha gutháin na roinne. Ba mhaithe leis an roinn a mheabhrú dá custaiméirí go léir nach lorgóidh sé eolas pearsanta riamh ó chustaiméirí trí theachtaireacht téacs agus nach n-iarrfaidh sé riamh ar chustaiméir a sonraí bainc a thabhairt ar an nguthán.
Iarrtar ar aon duine a gcuirtear glaoch orthu nó a seoltar teachtaireacht téacs chucu den saghas sin gan aon eolas a thabhairt agus na Gardaí a chur ar an eolas air láithreach.