Cinneadh FSS a socrúchán seirbhíse lae d’fhágálaithe scoile faoi mhíchumas a iarchur fógartha ag an Aire Míchumais
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Inniu d’fhógair an tAire Stáit le freagracht as Míchumas, Anne Rabbitte T.D., go raibh togra de chuid FSS ceadaithe aici a chiallaíonn go mbeidh iarchur próiseas socrúchán seirbhíse lae le haghaidh suas le trí bliana ar fáil do gach duine óg atá ag fágáil na scoile agus cúrsaí oiliúna athshlánúcháin go buan.
Tagann an fógra seo sna sála ar thionscadal píolótach rathúil a reáchtáladh mar fhreagairt d’aiseolas ó dhaoine óga agus a dteaghlaigh, daoine a raibh drogall orthu triail a bhaint as roghanna neamh-FSS ar fhaitíos nach mbeadh áit lae ar fáil dá mbeadh a leithéid ag teastáil i ndiaidh na bliana tar éis an scoil nó oiliúint athshlánúcháin a fhágáil.
Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire Rabbitte
“Is deis thábhachtach é an próiseas iarchurtha do dhaoine óga a sholáthraíonn roghanna eile dóibh seachas seirbhísí lae d’aosaigh, daoine a d’fhéadfadh dul chun cinn a dhéanamh i réimsí eile den saol cosúil le breisoideachas nó fostaíocht, nuair a bhíonn siad sách muiníneach tabhairt faoina leithéid, agus nuair a bhíonn an t-am agus an deis chuí acu a roghanna féin a dhéanamh.
“Cúis áthais ar leith dom is ea as measc an 206 duine óg a chinn áit seirbhíse lae a iarchur mar chuid den tionscadal píolótach a reáchtáladh go dtí deireadh Nollaig 2020, nach bhfuil ach 14 acu tar éis filleadh ar sheirbhís lae, agus gur chinn 27 duine óg ar fad a n-ainmneacha a bhaint den liosta iarchurtha.”
Beidh an próiseas iarchurtha ar fáil go buan le haghaidh gach duine óg atá ag fágáil na scoile agus cúrsaí oiliúna athshlánúcháin ó Mheán Fómhair 2022 ar aghaidh.
Gníomh ba ea tionscadal píolótach an phróisis iarchurtha a reáchtáladh faoi Straitéis Chuimsitheach Fostaíochta do Dhaoine faoi Mhíchumas, 2015-2024, agus tá an Straitéis seo ailínithe le hAirteagal 27 de UNCRPD a chumasaíonn daoine faoi mhíchumas rochtain éifeachtach a bheith acu ar chláir ghinearálta theicniúla agus ghairme treorach, seirbhísí socrúcháin agus gairmoiliúint agus oiliúint leantach.
CRÍOCH