Fáilte curtha ag an Aire McEntee roimh oscailt an chomhairliúcháin ar an Scéim um Chúnamh Dlíthiúil Sibhialta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Fáilte curtha ag an Aire McEntee roimh oscailt an chomhairliúcháin ar an Scéim um Chúnamh Dlíthiúil Sibhialta
Tá fáilte curtha ag an Aire Dlí agus Cirt, Helen McEntee, T.D. inniu roimh oscailt comhairliúcháin chun tuairimí príomhpháirtithe leasmhara a lorg ar mar is féidir an Scéim um Chúnamh Dlíthiúil Sibhialta a athchóiriú.
Tá an comhairliúchán seo mar chuid d’athbhreithniú cuimsitheach neamhspleách ar an Scéim um Chúnamh Dlíthiúil Sibhialta, gníomh ar tugadh gealltanas ina leith i bPlean Ceartais 2022 agus i gClár an Rialtais.
Dúirt an tAire McEntee:
"D’fhógair mé athbhreithniú ar an Scéim um Chúnamh Dlíthiúil Sibhialta le gairid, den chéad uair i stair na Scéime a théann siar os cionn 40 bliain. Is ionann comhairliúchán an lae inniu agus an chéad chéim den phróiseas.
"D’fhonn leas iomlán a chur ar fáil dóibhsean ar bunaíodh an scéim le freastal orthu, laistigh de na hacmhainní teoranta atá ar fáil chun cúnamh dlíthiúil a mhaoiniú, tá sé in am anois athbhreithniú láidir cuimsitheach a dhéanamh ar an scéim.
"Leis an athbhreithniú seo, cumasófar measúnú ar chomh solúbtha agus chomh freagrúil is atá an scéim i dtaobh riachtanais na ndaoine sin a bhfuil sé i gceist freastal a dhéanamh orthu leis.
"Tá an comhairliúchán dírithe ar dhaoine in institiúidí acadúla agus taighde, in eagraíochtaí neamhrialtasacha, i ngníomhaireachtaí agus in eagraíochtaí deonacha. Mholfainn don oiread grúpaí agus is féidir páirt a ghlacadh ann agus a gcuid féin a rá faoin gceist thábhachtach seo.
Leis an gcomhairliúchán, táthar ag lorg páirtithe a bhfuil spéis acu san ábhar chun aighneachtaí a dhéanamh i ndáil leis na téamaí seo a leanas a bhaineann leis an Scéim um Chúnamh Dlíthiúil Sibhialta:
Déanfaidh Grúpa Athbhreithnithe Neamhspleách, a bhfuil an t-iarPhríomh-Bhreitheamh Frank Clarke ina Chathaoirleach air, maoirseacht ar an bpróiseas comhairliúcháin mar chuid d’obair an Ghrúpa.
Dé réir théarmaí tagartha an Ghrúpa, éilítear orthu gach gné d’oibriú reatha na scéime a scrúdú agus moltaí a dhéanamh i dtaobh na riachtanas cabhrach dlí a bheidh ag daoine amach anseo nach bhfuil sé d’acmhainn acu comhairle agus ionadaíocht dlí a fháil go príobháideach. Cabhróidh na haighneachtaí a dhéanfar mar chuid den chomhairliúchán seo le heolas a dhéanamh don obair sin.
Dúirt an tUasal Clarke:
"Rinne mé mo dhícheall i rith mo ghairme ar fad rochtain ar cheartas ar fud chóras dlí na hÉireann a chur ar bonn níos leithne. D’fhonn é sin a bhaint amach, tá sé ríthábhachtach go mbeadh Scéim um Chúnamh Dlíthiúil Sibhialta chothrom láidir againn.
"Tá an-áthas orm cathaoirleacht a dhéanamh ar an nGrúpa Athbhreithnithe Neamhspléach, ina bhfuil comhaltaí ar saineolaithe iad, idir dhaoine a bhíonn ag obair le grúpaí imeallaithe, chleachtóirí dlí, lucht acadúil, oifigigh Roinne agus ionadaithe ón mBord um Chúnamh Dlíthiúil.
"Beidh roinnt saincheisteanna á mbreithniú againn mar chuid den athbhreithniú, lena n-áirítear incháilitheacht i gcomhair Cúnamh Dlíthiúil Sibhialta. Beidh an comhairliúchán páirtithe leasmhara seo ina dheis luachmhar chun tuairimí a fháil ó na daoine is mó a bhfuil tuiscint acu ar an scéim, ar fheidhmiú na scéime agus ar an leas a d'fhéadfaí a bhaint aisti amach anseo.
Is ionann an obair seo agus an chéad chéim de chomhairliúchán ilchéime chun raon leathan tuairimí ar fud na sochaí a fháil. Chuir an tAire McEntee leis an méid sin:
"Tá an Grúpa ann chun bheith ag éisteacht agus tá comhaltaí an Ghrúpa ag iarraidh ionchur a fháil ó réimse ilchineálach daoine ar an ábhar ríthábhachtach seo.
"Cé go bhfuil an chéim seo dírithe ar ghrúpaí páirtithe leasmhara ar leith, cuirfear comhairliúchán eile ar siúl go luath ina dtabharfar cuireadh do dhaoine den phobal a gcuid tuairimí a thabhairt.
"Ina theannta sin, seolfaidh an Grúpa Athbhreithnithe an tríú comhairliúchán sna míonna atá amach romhainn, a leagfar amach go sonrach chun deis a thabhairt do ghrúpaí a mbíonn sé deacair teagmháil a dhéanamh leo go hiondúil páirt a ghlacadh sa phlé agus a gcuid tuairimí a chur in iúl. Táim ag súil leis an méid a bheidh le rá ag gach grúpa a chloisteáil.
Beidh an comhairliúchán ar siúl ón Luan, an 14 Samhain 2022 go dtí Dé hAoine, an 6 Eanáir 2023 agus is féidir aighneachtaí a dhéanamh ar ríomhphost chuig legalaidcivil@justice.ie . Is féidir sonraí iomlána maidir leis an gcomhairliúchán a fháil ag: Stakeholder Consultation on the Review of the Civil Legal Aid Scheme
CRÍOCH
Déanfaidh aighneachtaí eolas d’obair an Ghrúpa Athbhreithnithe um Chúnamh Dlíthiúil Sibhialta de réir mar a dhéanann sé an scéim reatha agus todhchaí na scéime a bhreithniú.
Tá an Grúpa ag cur deis ar fáil do pháirtithe a bhfuil spéis acu aighneachtaí a dhéanamh maidir leis na téamaí seo a leanas:
Is féidir teacht ar pháipéar buncheisteanna anseo [Páipéar Buncheisteanna maidir le hAighneacht Páirtí Leasmhara] ar a bhfuil sraith ceisteanna a n-iarrtar ar pháirtithe leasmhara machnamh a dhéanamh orthu.
Ba chóir aighneachtaí a dhéanamh go leictreonach trí ríomhphost a sheoladh chuig legalaidcivil@justice.ie .
Is é Dé hAoine an 6 Eanáir 2023 an dáta deiridh a nglacfar le haighneachtaí.
D’fhéadfaí aighneachtaí a fhoilsiú amach anseo agus tiocfaidh sin faoi fhorálacha an Achta um Shaoráil Faisnéise, 2014.
Tá an Grúpa ag forbairt gnéithe eile dá gcomhairliúchán freisin, lena n-áirítear tuairimí a bhailiú trí shuirbhé comhairliúcháin phoiblí ó dhaoine den phobail a bhfuil iarratas déanta acu ar an scéim agus ó dhaoine a fuair cúnamh agus comhairle dhlíthiúil tríd an scéim, agus teagmháil a dhéanamh le daoine a bhfuil riachtanais dhlíthiúla acu nár freastalaíodh orthu go fóill.