Ár dTodhchaí Tuaithe: €142,409 fógartha ag an Aire Humphreys agus ag an Aire O'Brien do 121 tionscadal áitiúil i gCiarraí faoin gClár um Fheabhsú Pobail
Ó An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá na tionscadail a d'éirigh leo i nCiarraí faoin gClár um Fheabhsú Pobail 2021 fógartha inniu ag an Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail, Heather Humphreys TD agus ag an Aire Stáit ar a bhfuil freagracht i leith Forbairt Pobail agus Carthanais, Joe O'Brien TD.
Seoladh an Clár um Fheabhsú Pobail 2021 i mí Bealtaine 2021 agus bhí maoiniú €4.5m ag dul leis óna gcuirfí deontais bheaga ar fáil do ghrúpaí pobail ar fud na tíre. Fuair Co. Chiarraí leithroinnt €142,409 ón Roinn faoin gclár. Ba é príomhthéama chlár na bliana seo ná bheith ag tacú le grúpaí fad a mbíonn siad ag athoscailt saoráidí a bhí dúnta de dheasca COVID-19. D'fhéadfadh saoráidí amhail ionaid phobail, botháin na bhfear agus botháin na mban, hallaí paróiste agus ionaid ógra a bheith san áireamh leis sin.
An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail a dhéanann maoiniú ar an gClár um Fheabhsú Pobail agus tá sé á riar ag na Coistí Forbartha Pobail Áitiúil i ngach ceantar, le tacaíocht ón Údarás Áitiúil. Tá liosta iomlán de na tionscadail a d'éirigh leo i gCiarraí curtha ar fáil i dteannta an phreasráitis seo, agus is féidir teacht air ag gov.ie
Ag fógairt na dtionscadal seo a d'éirigh leo i gCiarraí inniu, dúirt an tAire Humphreys:
"Ta ríméad orm maoiniú a fhógairt inniu do 121 tionscadal áitiúil ar fud Chontae Chiarraí mar chuid de Chlár um Fheabhsú Pobail de chuid mo Roinne."
"Leis an mbeartas ' Ár dTodhchaí Tuaithe', ba mhaith liom tacú le tionscadail atá á dtreorú ag muintir na háite, ón mbun aníos, i bpobail áitiúla ar fud na tíre. Cé gur deontais bheaga iad seo, d'fhéadfaidís an-difríocht a dhéanamh mar go gcuirfidh siad ar chumas eagraíochtaí pobail áitiúla tabhairt faoi obair atá ag teastáil go géar sa cheantar."
"Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an gCoiste Forbartha Pobail Áitiúil, agus an tÚdarás Áitiúil i gCiarraí a dhéanann an Clár um Fheabhsú Pobail a riar thar ceann mo Roinne."
Is éard a dúirt an tAire O'Brien agus na tionscadail a d'éirigh leo á bhfógairt:
"Cuirtear réimse deontas beag, atá thar a bheith luachmhar, ar fáil leis an gClár um Fheabhsú Pobail chun cúnamh a thabhairt do ghrúpaí pobail agus do shaoráidí níos lú a thacaíonn leis an bpobal óna n-áit i measc an ghnáthphobail. Tá a fhios agam gur uirlis tábhachtach é an maoiniú seo chun cabhrú leis na grúpaí seo agus bhí tuiscint faoi leith againn i mbliana, mar gheall ar thionchar COVID-19, go mbeadh tacaíochtaí ag teastáil ó go leor grúpaí chun cuidiú leo athoscailt agus iad féin a chur ar a mboinn arís go hiomlán. Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh leis na tionscadail a d'éirigh leo, agus buíochas a ghabháil leo as an obair ríthábhachtach a dhéanann siad chun seirbhísí a chur ar fáil ina bpobal áitiúil.”