Fógraíonn an tAire Sláinte ceadú FSS chun Zolgensma (onasemnogene abeparvovec) a aisíoc mar chuid de chomhoibriú BeNeLuxA
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tar éis an chéad chomhaontú comhpháirteach ar phraghas druga idir an Bheilg, Éire agus an Ísiltír, tá cinneadh déanta ag FSS an druga géinteiripe Zolgensma (onasemnogene abeparvovec) a cheadú le haghaidh aisíocaíochta i gcóireáil Seargadh Matánach Dromlaigh (SMA) d’othair a chomhlíonann na critéir shonraithe.
D’fháiltigh an tAire Sláinte, Stephen Donnelly, TD roimh chinneadh FSS, a léiríonn forbairt an-suntasach don Stát toisc gurb é seo an chéad uair a d’aontaigh Éire druga a mhaoiniú do ghalair neamhchoitianta i gcomhpháirtíocht le tíortha eile i dTionscnamh BeNeLuxA.
Is cur chuige comhpháirtíochta é an Tionscnamh BeNeLuxA maidir le beartas cógaisíochta leis an mBeilg, an Ísiltír, Lucsamburg agus an Ostair a bhfuil sé mar aidhm aige rochtain inbhuanaithe a fháil ar chógais ardchaighdeáin agus inacmhainne sna tíortha rannpháirteacha. Tháinig Éire chun bheith ina ball de Thionscnamh BeNeLuxA i mí an Mheithimh 2018, in éineacht leis an mBeilg, an Ísiltír, Lucsamburg agus an Ostair a bhí ann cheana.
Is riocht néaramhatánach géiniteach neamhchoitianta é SMA is cúis le cnaí agus laige forásach matáin a mbíonn cailliúint gluaiseachta mar thoradh air. D’fhéadfadh sé seo cur isteach ar shiúl agus ar ghluaiseacht uachtar an choirp, análú agus slogadh.
Bronnadh údarú margaíochta AE ar an gcóireáil nuálach géinteiripe Zolgensma chun SMA a chóireáil i mBealtaine 2020. Is éard a bhí sa chomhphróiseas do Zolgensma Measúnú Teicneolaíochta Sláinte, agus idirbheartaíocht praghais ina dhiaidh sin a thosaigh i mí Iúil 2021. Cheadaigh rannpháirtíocht agus idirbheartaíocht shuntasach leis an monaróir Novartis Gene Therapies don Bheilg, d’Éirinn agus don Ísiltír teacht ar chomhaontú maidir le praghas druga den chéad uair.
Ag labhairt dó inniu, dúirt an tAire Donnelly:
“Is éacht iontach é aisíocaíocht Zolgensma ag FSS maidir le rochtain ar an géinteiripe seo a chinntiú do dhá ghrúpa othar óga SMA. Dea-scéal é sin dá dteaghlaigh, dá gcúramóirí agus dá gcairde.
“Léiríonn rath an chomhphróisis do Zolgensma aschur inláimhsithe de chomhpháirtíocht BeNeLuxA agus táim ag tnúth le tuilleadh éachtaí mar seo sa todhchaí. Is mian liom an deis a thapú chun aitheantas a thabhairt do FSS agus don Ionad um Eolaíocht na hInnealtóireachta Bithleighis as a ról suntasach sa phróiseas seo."
Dúirt Príomhoifigeach Feidhmiúcháin FSS Paul Reid:
“Bíonn FSS i mbun idirbheartaíochta tráchtála le déantúsóirí drugaí lena chinntiú go bhfaighimid an luach is fearr is féidir ar chógais nua. Cuireann sé seo ar chumas FSS an oiread cógais agus is féidir a aisíoc, don oiread othar agus is féidir, laistigh dá acmhainní.
“Ní mór cinntí FSS ar cé na cógais ar chóir don cháiníocóir a áisíoc a dhéanamh ar fhorais oibiachtúla, eolaíochta agus eacnamaíocha. Is dúshlán leanúnach é maoiniú a sholáthar do chógais nuálacha ardchostais nua in éineacht le héilimh iomadúla na seirbhíse sláinte agus tá sé mar aidhm ag rannpháirtíocht BeNeLuxA le comhghleacaithe idirnáisiúnta aghaidh a thabhairt ar an dúshlán seo le chéile.
“Is é seo an chéad uair a rinne an Bheilg, Éire agus an Ísiltír idirbheartaíocht den sórt sin i gcomhpháirt agus tháinig siad ar chomhaontú maidir le praghas leighis. Ón lá inniu ar aghaidh, soláthróidh FSS aisíocaíocht Zolgensma d’fhoghrúpa othar a chomhlíonann na critéir shonraithe ar a raibh measúnú agus idirbheartaíocht BeNeLuxA bunaithe."
CRÍOCH
Cad é Seargadh Matánach Dromlaigh?
Is galar géiniteach neamhchoitianta é SMA is cúis le galar matáin forásach a chiorraíonn saol duine, soghluaisteacht laghdaithe, cuaire sa dromlach, cailliúint na lámh agus na ngéag agus pairilis na matán riospráide.
Is é is cúis leis ná easpa próitéine ar a dtugtar 'néarón mótair marthanais' (SMN), atá riachtanach do ghnáthfheidhmiú agus do mharthanacht néarón luadrach. Gan an próitéin seo, meathlaíonn na néaróin mhótair agus faigheann siad bás sa deireadh agus bíonn cnaí agus laige matáin mar thoradh air.
Tá cineálacha éagsúla SMA ann agus speictream leathan den tionchar mór a d'fhéadfadh a bheith acu ar leanaí agus daoine fásta. Tugtar 5q SMA ar an bhfoirm is coitianta. Tagraíonn 5q don chrómasóim ina bhfuil cúis ghéiniteach an ghalair.
Cad chuige ar ceadaíodh Zolgensma (onasemnogene abeparvovec)?
Cheadaigh FSS an géinteiripe Zolgensma (onasemnogene abeparvovec) le haghaidh aisíocaíochta i gcóireáil othar SMA le sóchán dé-ailléileach sa ghéin SMN1 agus diagnóis chliniciúil SMA Cineál I, nó othair réamh-shíomptómacha SMA 5q le sóchán dé-ailléileach sa ghéin SMN1 agus suas le 3 chóip den ghéin SMN2.
Cad é Tionscnamh BeNeLuxA?
Is comhoibriú idir an Bheilg, an Ísiltír, Lucsamburg, an Ostair agus Éire i mbeartas cógaisíochta an Tionscnamh BeNeLuxA. Trí chomhoibriú, tá sé mar aidhm ag an Tionscnamh rochtain inbhuanaithe ar leigheas nuálach a chinntiú ar chostas inacmhainne d’othair.
Is féidir tuilleadh faisnéise a fháil ar líne ag: https://beneluxa.org/