Plean Teanga do Chléire á cheadú ag an Aire Stáit Gaeltachta agus Spóirt, Jack Chambers TD le linn a chamchuairt ar an Oileán Chléire
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tabharfaidh an tAire Stáit Gaeltachta agus Spóirt Jack Chambers camchuairt ar Oileán Chléire, Co Chorcaí inniu - Dé Mairt 24 Lúnasa 2021.
Ag croílár na cuairte ar an oileán, fógróidh an tAire Stáit go bhfuil Plean Teanga Chléire á cheadú aige faoin bpróiseas pleanála teanga, rud a chiallaíonn go mbeidh stádas mar Limistéar Pleanála Teanga bainte amach go hoifigiúil ag Cléire. Is é Comharchumann Chléire Teoranta an cheanneagraíocht phleanála teanga atá freagrach as ullmhú agus feidhmiú an phlean don Limistéar.
Dúirt an tAire Stáit Chambers: “Táim an-sásta go mbeidh ar mo chumas a fhógairt go bhfuil an plean teanga do Chléire á cheadú agam le linn cuairte ar an oileán. Ba mhaith liom tréaslú le Comharchumann Chléire Teoranta - Ceanneagraíocht an Limistéir Pleanála Teanga Gaeltachta agus le gach duine a bhí bainteach leis an bplean teanga a chur le chéile do Chléire. Aithním an páirt thábhachtach atá ag an nGaeilge i saol an oileáin inniu agus go stairiúil. Le cur i bhfeidhm an phlean seo, tógfar ar ról na Gaeilge i saol an oileáin agus níl amhras orm ach go mbeidh sin chun leasa pobal an oileáin agus cuairteoirí a thagann chuige.”
Cuirfear buiséad bliantúil suas le €100,000 ar fáil don cheanneagraíocht thar thréimhse 7 mbliana chun cabhrú le feidhmiú an phlean.
Le linn a sheal ar Chléire, rachaidh an tAire Stáit ar thuras thimpeall an oileáin agus tá sé i gceist aige cuairt a thabhairt ar Drioglann Chléire atá ag feidhmiú le nach mór dhá bhliain anois.
CRÍOCH
Nóta don Eagarthóir
• Den 26 Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta, tá 24 plean ceadaithe go dtí seo – Cléire an ceann is déanaí.
• Tá 4 Bhaile Seirbhíse Gaeltachta ceadaithe faoin bpróiseas go dáta - Leitir Ceanainn, Daingean Uí Chúis, Cathair na Gaillimhe agus An Clochán Liath.
• Tá 3 Líonra Gaeilge ceadaithe go nuige seo faoin bpróiseas – Inis, Baile Loch Riach agus Cluain Dolcáin
• Tá 3 phlean eile á mheas ag an Roinn faoi láthair - plean teanga Oileáin Árann, plean teanga Thrá Lí, plean teanga an Ghaeltacht Láir.
• Tá 21 Oifigeach Pleanála Teanga (19 i Limistéir Pleanála Teanga & 2 i mBailte Seirbhíse Gaeltachta) agus 4 Oifigeach Cúnta Pleanála Teanga fostaithe agus ag cur pleananna i bhfeidhm go dtí seo.
• Maidir leis na Bailte Seirbhíse Gaeltachta, tá an próiseas chun pleananna a ullmhú idir lámha i gcás na mbailte seo a leanas: Dún Garbhán, Cathair Saidhbhín, Caisleán an Bharraigh agus Cathair Chorcaí.
• Is é Údarás na Gaeltachta atá freagrach as cabhrú le LPT Chléire chun an plean teanga a chur chun feidhme – ar nós na limistéir eile atá lonnaithe sa Ghaeltacht. Is é Foras na Gaeilge atá freagrach as cabhrú le pleananna teanga lasmuigh den Ghaeltacht a chur chun feidhme.