Ráiteas leis an Aire, Catherine Martin, tar éis cruinnithe le Bord RTÉ
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ar maidin, bhí cruinniú dearfach agam le RTÉ, agus táimid ag amharc chun cinn.
Ghabh mé buíochas leis an mBord as an tiomantas suntasach a léirigh siad le hocht mí anuas le linn tréimhse an-deacair.
Thug comhaltaí an Bhoird an t-eolas is déanaí dom faoin obair thábhachtach atá ag dul ar aghaidh ar straitéis nua RTÉ agus ar na leasuithe a cuireadh i bhfeidhm ar leibhéal an Bhoird agus ar fud na heagraíochta.
D’aithin mé an díograis agus an tiomantas a léirígh an t-iarChathaoirleach ina leith seo. Ina theannta sin, thug mé aitheantas don obair a rinne an Dr P.J. Matthews a chuir a chinneadh in iúl dom, ar chúiseanna a bhaineann leis an obair, éirí as an mBord.
Dhearbhaigh mé don Bhord go bhfuilim ag díriú láithreach ar Chathaoirleach nua agus comhaltaí breise a cheapadh go han-luath chun a chinntiú gur féidir leis an mBord leanúint lena gcuid oibre tábhachtaí.
Dhearbhaigh mé go bhfuil mé tiomanta go hiomlán do chinneadh an Rialtais ar mhúnla maoinithe nua agus inbhuanaithe a dhéanamh faoin samhradh.